Eipeasóid 1
S1 E1 25m
Leanfar fir agus mná cróga Gharda Cósta na hÉireann, na foirne tarrthála sléibhe agus báid tarrthála phobail timpeall na hÉireann. Sa chéad chlár, cuirfidh muid aithne ar fhoireann Dhairbhre atá suite i gceann de na stáisiúin is sine sa tír. Caithfidh muid súil siar ar tharrtháil iontach Sara Feeney agus Eimear Glynn amach ó chósta na Gaillimhe in 2021. I gCiarraí, buailfidh muid le baill foirne Tharrtháil Farraige Phobal na Beanna atá ag coinneáil na trá sábháilte. Leanfar roinnt de na hoibrithe deonacha agus iad ag bailiú airgead don tseirbhís luachmhar seo....







