S1 E5 25m
Sa tsraith nua seo, leanfaimid na daoine cróga i nGarda Cósta na hÉireann, sna foirne tarrthála sléibhe agus báid tarrthála phobail timpeall na hÉireann. Sa gcúigiú clár, beidh foireann Tarrthála Sléibhe Bhaile Átha Cliath/Chill Mhantáin i mbun traenála agus beidh tarraingt mhór ag daoine ar a n-ócáid tiomsaithe airgid, Run the Line, i Sléibhte Bhaile Átha Cliath/Chill Mhantáin. Tabharfaidh Garda Cósta an Bhuna Bhig faoin fharraige agus beidh foireann tarrthála Gharda Cósta na Maoile Rua ag dreapadh ceann de na haillte cósta is airde san Eoraip.
Béarla
02 Samhain 2023