Scéim Forbartha Oiliúna TG4 / Údarás na Gaeltachta | Traenáil & Forbairt | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Traenáil & Forbairt

Cuirfidh TG4 agus Údarás na Gaeltachta fáilte roimh léirithe spéise ó Chomhlachtaí Neamhspleácha a bhfuil suim acu páirt a ghlacadh sa scéim Forbartha Oiliúna sna Meáin.

 

Is í aidhm na scéime seo ná tacaíocht a thabhairt do na comhlachtaí léiriúcháin chun scileanna agus tallann fhoireann an chomhlachta léiriúcháin a fhorbairt, agus glúin nua tallainne a bhfuil Gaeilge acu a thabhairt chun cinn le bheith ag obair sa tionscal.

Ag leanúint mar chuid den Scéim Forbartha Oiliúna atá á rith ag TG4 agus Údarás na Gaeltachta, tá maoiniú teoranta ar fáil faoin Scéim Sparántacht Uas Oiliúna le tacú le comhlacht atá ag forbairt tograí don mhargadh idirnáisiúnta.

Tá na sparántachtaí seo dírithe ar chomhlachtaí atá ag tosú amach ag obair go h-idirnáisiúnta agus go mór-mhór ar Léiritheoirí / Stiúrthóirí sa chomhlacht nach bhfuair deis freastal ar mhargadh cheanna.

Tá suim againn go h-áirithe i dtacú le comhlachtaí a mbeadh suim acu togra a chuir faoi bhráid Margaí macasamhail: –

  • Sunny Side of the Doc (24 – 27 Meitheamh)
  • Sheffield Doc Festival – 6 – 11 Meitheamh.
  • Children’s Media Conference (Sheffield) – Mí Iúil
  • MIP Formats / MIP Junior
  • IDFA – 24 – 27 Samhain 2019
  • Kidscreen (Mí Feabhra)

Tá na spásanna teoranta don scéim.
Tá sé riachtanach go mbeadh togra ar leith a bheith ar intinn ag an chomhlacht le tabhairt ag an mhargadh.
Iarraimíd oraibh an fhoirm faoi iamh a sheoladh chugainn roimh 5pm ar 15ú Aibreán agus labhair le d’Eagarthóir Choimisiúnaithe in TG4 leis an togra forbartha is oiriúnaí a phlé leo.
Má tá ceist ar bith faoin scéim, is féidir teagmháil le, déan teagmháil le Maryellen.ni.chualain@tg4.ie nó le lis.ni.dhalaigh@tg4.ie.

Foirm Iarratais Sparánacht Margadh

 

Fógraíocht