Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 261

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 52

    Lachain ar Cuairt

    Stopann cúpla lacha ar an bhfeirm agus iad ar a mbealach go dtí an domhan ó dheas ach ní bhíonn Whack ná Bach an-deas leo.

  • 7:15AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 26

    Ó bhó, Troid na mBéar Bán

    Níl Brian ná Barra mór lena chéile. Is cosúil go ndearna Brian dearmad bronntanas a fháil do Bharra dá lá breithe. An mbeidh Wissper agus a cairde in ann cúrsaí a chur ina gceart?

  • 7:22AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 26

    Lá na nArrachtaí

    Tá Elmo ar bís mar go mbeidh aoi speisialta ag teacht ar cuairt lá na n-arrachtaí.

  • 7:33AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 13

    An Nollaig sa Zú

    Tá sé ag cur sneachta agus níl na trucailí in ann bia a thabhairt chuig na hainmhithe sa zú.

  • 7:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 13

    An Lá Mór

    Tá mamó agus daideo ag teacht ar cuairt agus tá na hulchabháin bheaga ag súil go mór leo.

  • 7:49AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 13

    Crann Scanrúil

    Tugann Annie Tyrannosaurus cuairt ar Ardán Tearanódón don oíche ach níl uaithi ach an crann scanrúil a bhíonn beo san oíche, más fíor do Don é, a fheiceáil.

  • 8:01AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 13

    Amhrán do Chách

    Caithfidh Dot amhrán a chumadh.

  • 8:13AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 13

    Dé Domhnaigh

    Tá na piscíní ag iarraidh dul ag spraoi in éineacht lena n-athair.

  • 8:20AM
    Seó Luna

    Seó LunaSraith 1, Eipeasóid 13

    Sciatháin Éin

    Nuair a thuirlingíonn eitleán páipéir Jupiter in aice le nead éin, feiceann na páistí éan óg atá ar tí eitilt den chéad uair! Cuireann sé sin ag smaoineamh Luna - cén chaoi a bhfoghlaimíonn éin óga le heitilt? Agus conas is féidir le héin eitilt ar aon nós? Is éin óga iad an triúr acu inniu chun na ceisteanna seo a fhiosrú!

  • 8:32AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 47

    Catboy agus an Cruinneachán Gealaí

    Tá faitíos ar Catboy gluaiseachtaí damhsa áirithe a dhéanamh inniu.

  • 8:45AM
    Dragain Florrie

    Dragain FlorrieSraith 1, Eipeasóid 13

    An Crann Solais

    Caithfidh Florrie agus Dragan Deas crann solais a chur le chéile in am don Bhál Mór.

  • 8:55AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 13

    Lá Báistí

    Meas tú an féidir spraoi taobh amuigh nuair a bhíonn sé ag báisteach?

  • 9:02AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 28

    Níos Mó Eachtraí le Robin Hood

    Iarrann Peg agus Cat cúnamh ar Robin Hood nuair a thagann muc shantach gan choinne.

  • 9:15AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Ríona ag Foghlaim Peil Ghaelach

    Tá Ríona ar bís chun tabhairt faoin bPeil Ghaelach. Buailfidh sí leis an bpeileadóir Aoife agus taispeánfaidh sí di a mbeidh ag teastáil uaithi - bróga peile, liathróid agus culaith reatha. Cuirfidh Ríona uirthi a culaith reatha agus déanfaidh sí féin agus Aoife roinnt aclaíochta ar dtús. Múinfidh Aoife roinnt scileanna do Ríona. Gheobhaidh Ríona deis a bheith ina báireoir agus bíonn sí an-sásta nuair a éiríonn léi féin cúl a scóráil ar Aoife.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 8

    Sraith ina dtugtar léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Cuirtear fios ar chigire chuig teach i Siorrachd Obar Dheathain áit a bhfuil tarbh-bhrocaire Staffordshire nach bhfuil a chuid úinéirí in ann chuige níos mó.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 20

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 5, Eipeasóid 11

    The Cheaters

    Téann gasúir scoile Walnut Grove faoi scrúdú chun iad a réiteach don chéad rang eile. Faraor níl ag éirí rómhaith le Andy Garvey agus iarrann a mhuintir ar Nellie Oleson cúnamh a thabhairt dó. Ach in áit cúnamh a thabhairt dó taispeánann Nellie dó le dul i mbradaíl sa scrúdú.

  • 11:50AM
    Abair Amhrán (OS)

    Abair Amhrán (OS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Sraith a dhéanann ceiliúradh ar amhráin a bhíodh againn ag éirí aníos.

  • 12:05PM
    A Chef's Life (TS)

    A Chef's Life (TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Rachaidh Ben, Vivian agus a bpáistí ag piocadh fíonchaora 'muscadine' i bhfíonghort beag. Tabharfaidh Vivian cuairt ar Mike agus Gator ansin chun fíon baile a dhéanamh. Déanfaidh Vivian píotsa leis na fíonchaora agus cuirfear ar an mbiachlár é don oíche píotsa sa siopa fíona.

  • 12:35PM
    Garraí Glas (OS & TS)

    Garraí Glas (OS & TS)Sraith 4, Eipeasóid 11

    Rachaidh Síle ar cuairt chuig Andy Peircín a rugadh agus a tógadh i dTír an Fhia, i gConamara. Cuimhníonn sé ar go leor de na seantraidisiúin a chleacht sé ina ghasúr. Roinnfidh sé ortha leighis léi ina mbaintear leas as Cros Bhríde. Casfaidh sí ansin le Pádraig Molloy ar an gCeathrú Rua, a thaispeánfaidh di chun comhbhrúiteán a dhéanamh as rútaí meacan leonta. Labhróidh sí freisin le Eddie Lenihan faoin sceach gheal.

  • 1:05PM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Deadly Lady

    Tugann fear mistéireach cuairt ar theach Jessica. An mhaidin chéanna tuairiscítear go bhfuil an t-ilmhilliúnaí Stephen Earl ar iarraidh.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 20

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 3, Eipeasóid 2

    Síscéal Scéalach

    Tá Béar ag iarraidh a ghrá geal a mhealladh. Aimsíonn sé gandala ag bun an locha agus déanann sé athchóiriú air.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 3

    Owlette agus Turas Thríona Tapa

    Ní mór d'Owlette muinín a bheith aici aisti féin.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 53

    Sealgairí an Earraigh

    Rachaidh an Cat Cliste agus a chairde sa tóir ar nithe nach mbíonn le feiceáil ach san earrach.

  • 3:33PM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 16

    An Giorria agus an Toirtís

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil na Maighdine Muire Gan Smál i gCamus, Co. na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun scéal faoi rás idir an Giorria agus an Toirtís a chur lena bailiúchán scéalta. Beidh an-spraoi aici lena cairde beaga ag déanamh a gcuid giorriacha agus a gcuid toirtísí féin as na glasraí a cheannaigh Úna sa siopa.

  • 3:44PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 27

    Róisín ag Rang Consairtín

    Beidh an-lá ag Róisín ag seinm ceoil ar an gconsairtín agus ag foghlaim poirt nua. Casfaidh sí féin agus Anne port ceoil in éineacht lena gcairde a sheinneann an bosca ceoil. Bíonn siad iontach ag seinm le chéile agus baineann gach duine an-sult as.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 3, Eipeasóid 3

    Fill ar do Dhúchas

    Tar éis do Simon a bheith curtha ar fionraí ar scoil, molann Dáithí dó a scíth a ligean ar feadh cúpla lá ach tá imní ar Alvin, Theodore agus na Chipettes go bhfuil a mheabhair caillte aige.

  • 4:14PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 3

    Déanann Dónal Dána a Obair Bhaile

    Tugann an Mháistreás Máiléad obair baile ceolmhar don rang.

  • 4:26PM
    Clarence

    ClarenceSraith 1, Eipeasóid 3

    An Doinsiún Spraoi

    Bíonn an-imní ar Jeff faoi fhrídíní nuair a ghoideann Clarence agus Sumo a chuid sceallóg.

  • 4:37PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 11, Eipeasóid 3

    ANRAITH OCRACH

    Ligeann Plankton air gur sióg é chun an tOideas Rúnda a ghoid.

  • 5:05PM
    WAC (OS)

    WAC (OS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Dumbest

    Aimseoidh Tomaí, Éadaoin agus Caoimhe na hainmhithe is seafóidí agus is amaidí ar domhan.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 261

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    An Shandon (OS & TS)

    An Shandon (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Tá stádas ceithre réalta ag An Shandon agus tá úinéirí agus foireann an óstáin fíorbhródúil as an dea-cháil atá air. Caithfear an clú sin a choinneáil agus a chosaint, rud a thuigeann an bainisteoir ginearálta Carolynne go rímhaith. Tugann Fáilte Ireland faoina chigireacht is deireanaí i gclár a dó, agus déantar scrúdú grinn ar an áit. Tá obair athchóirithe fós ar bun chun an t-óstán a uasghrádú, ar cuid lárnach é den phlean uaillmhianach, ach an éireoidh leis an óstán an stádas ceithre réalta a choinneáil?

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 5, Eipeasóid 8

    The Party's Over

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tá ríméad ar Rory go bhfuil Emily agus Richard le cóisir mhór a chaitheamh di len í a chur in aithne dá gcuid seanchairde as Yale ach is léir gur ag cuardach fir di atá siad. Nuair a thagann Dean len í a bhailiú ón gcóisir, tuigeann sé nach bhfuil aon áit aigesean i saol an rachmais. Cuireann Liz agus T.J isteach go mór ar dhinnéar rómánsúil Luke agus Lorelai.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 261

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 261

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Junior Eurovision 2019 (OS & TS)

    Junior Eurovision 2019 (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 3

    Táthar fós sa tóir ar amhránaí na hÉireann do Chomórtas Amhránaíochta Junior Eurovision 2019! Rachaidh tuilleadh de na hamhránaithe óga is fearr in Éirinn ar stáitse os comhair na moltóirí - Gráinne Bleasdale, Chris Greene agus aíonna speisialta an chláir anocht, Jedward. Cé a dhéanfaidh an beart agus cé a rachaidh ar aghaidh go dtí an babhta leathcheannais?

  • 8:30PM
    Súile Londain (OS & TS)

    Súile Londain (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Sraith ina dtabharfar léargas ar shaol agus ar thaithí na nÉireannach óg atá ag cur fúthu i bpríomhchathair na Breataine le roinnt blianta anuas. Tabharfar léiriú sa tsraith ar an saol mar a chaitheann seisear Gael é i gcathair ina maireann 8 milliún duine. Gheobhaimid tuiscint ar na nithe a mheallann daoine óga go Londain chomh maith leis na deiseanna atá le tapú ann.

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 11, Eipeasóid 6

    Rogha agus togha an aonú sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Hugo Duncan, Paddy O'Brien, Lisa McHugh, Derek Ryan, John Hogan, Trudi Lawlor, Mike Denver, Gerry Guthrie agus Robert Mizzell.

  • 9:30PM
    De Valera i Meiriceá (OS & TS)

    De Valera i Meiriceá (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Cuid a dó den tsraith nua faoin turas achrannach a thug Éamon de Valera ar Mheiriceá i 1919 agus an t-achrann agus an deighilt a tarraingíodh idir é agus ceannairí Gael-Mheiriceánach. Tá an t-aighneas ag méadú agus an dá thaobh ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar a chéile. Baisteadh tine ó thaobh na polaitíochta a bhí ann do de Valera a bhí nua ag an bpolaitíocht - ach sheas an méid a d'fhoghlaim sé dó agus d'imir tionchar mór air mar pholaiteoir ina dhiaidh sin - tionchar a d'imir seisean arís ar ais ar Éirinn a linne go ceann leathchéad bliain.

  • 10:30PM
    Perpetual Grace LTD (TS)

    Perpetual Grace LTD (TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Eleven

    Tagann an Tréadaí Byron Brown nó Pa, mar is fearr aithne air, ar James, andúileach drugaí ina chnap ar an mbóthar. Tugann sé féin agus Ma abhaile agus insíonn dó faoina mac atá ar iarraidh. Socraíonn James dul á chuardach agus faigheann sé amach go bhfuil sé i Meicsiceo. Ach nuair a théann an lánúin go Meicsiceo á iarraidh féachann James airgead na heaglaise, Our Lady of Perpetual Grace, LTD., a ghoid.

  • 11:33PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 261

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:35PM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    The Murder of Sherlock Holmes

    Téann Jessica Fletcher, iarmhúinteoir Béarla, go Nua-Eabhrac le ceiliúradh a dhéanamh ar chomh maith is a d'éirigh lena chéad leabhar. Nuair a dhúnmharaítear duine de na haíonna ag cóisir bhréigéide, b'fhearr léi a bheith fós sa bhaile.

  • 0:30AM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    The Murder of Sherlock Holmes 2

    Téann Jessica Fletcher, iarmhúinteoir Béarla, go Nua-Eabhrac le ceiliúradh a dhéanamh ar chomh maith is a d'éirigh lena chéad leabhar. Nuair a dhúnmharaítear duine de na haíonna ag cóisir bhréigéide, b'fhearr léi a bheith fós sa bhaile.

  • 1:25AM
    Dáil Éireann

    Dáil ÉireannSraith 20, Eipeasóid 1

    Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

  • 1:50AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 261

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.