Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé hAoine 18 Deireadh Fómhair

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 291

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 22

    Cearca Trína Chéile

    Bíonn rudaí aisteacha ag tarlú ar an bhfeirm san oíche. Is mór an mhaith go bhfuil Tom thart chun teacht ar an gcréatúr mistéireach.

  • 7:15AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 48

    Oscar Néata

    Iarrann Oscar cúnamh ar Wissper lena scáth fearthainne a chuardach.

  • 7:22AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 48

    Ag Tabhairt Aire d'Ubh

    Caithfidh ár gcairde aire na huibhe a thabhairt d'ubh chearc atá ag fanacht san óstán.

  • 7:33AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 35

    Olly ina Aisteoir

    Táthar ag déanamh scannáin i bPlimpán agus tá páirt ag Olly ann.

  • 7:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 9

    Fadó, fadó, bhí síol ann

    Tá an iomarca faitís ar Biel a insint do Mhamaí gur mhill sí ceann dá cuid bláthanna.

  • 7:49AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 15

    Cá ndeachaigh na Laghairteanna?

    Faigheann muintir Tearanódóin amach nach bhfuil mórán laghairteanna fágtha ar Oileán Laghairte.

  • 8:01AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 35

    Dot ag Damhsa

    Caithfidh Dot feabhas a chur ar a cuid damhsa don chóisir damhsa.

  • 8:13AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 35

    Taibhrimh ar Éileamh

    Tá na piscíní ag iarraidh go mbeadh a rogha brionglóide acu.

  • 8:20AM
    Seó Luna

    Seó LunaSraith 1, Eipeasóid 35

    Lá Sneachta

    Baineann Luna, Jupiter agus Clyde an-sult as a bheith ag spraoi sa sneachta. Ach céard is sneachta ann go díreach? Agus céard is cúis le sneachta a bheith ag titim as an spéir? Déanfaidh ár gcairde calóga sneachta díobh féin inniu chun freagraí na gceisteanna seo a aimsiú.

  • 8:32AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 17

    Catboy agus tarrtháil an Cháca Lá Breithe

    Ní thugann Catboy aird ar bith ar Gekko.

  • 8:45AM
    Dragain Florrie

    Dragain FlorrieSraith 1, Eipeasóid 35

    Rialú Aerthráchta Zoom-Zoom

    Cuireann Zoom-Zoom Florrie agus Dragan Deas i gceannas ar a sheomra stiúrtha fad is a bhíonn sé ag eitilt.

  • 8:55AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 35

    An Ridire Cróga

    Tá Monty ag iarraidh a fháil amach an mbíonn faitíos ar dhaoine fásta.

  • 9:02AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 50

    An Cheist faoin gCrián

    Níl Peg agus Cat mór lena chéile ar chor ar bith ar chlár an lae inniu.

  • 9:15AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    Róisín ag Bailiú Sméara Dubha

    Rachaidh Róisín ag piocadh sméara dubha in éineacht le Sibéal le cur i gcíste. Taispeánfaidh Sibéal di a mbeidh ag teastáil uaithi sula dtosóidh siad - babhlaí, lámhainní oighinn agus naprún. Tabharfaidh siad a n-aghaidh ar an gcistin nuair a bheidh na sméara dubha pioctha agus leanfaidh siad an t-oideas chun an císte a dhéanamh. Bíonn siad an-sásta leis an toradh.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Sraith ina dtugtar léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Tagann an SPCA i gcabhair ar na mílte ainmhithe gach bliain. Caithfear súil ar obair na carthanachta le hainmhithe fud fad na hAlban a chosaint agus ainmhithe eile a thabhairt slán ón spídiúlacht a fhaigheann siad. I gceann de chásanna an lae inniu, buailfimid le Holly, madra atá tréigthe in árasán ó bhásaigh a húinéir.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 12

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 6, Eipeasóid 9

    The King Is Dead

    Tá Jonathan ag fáil faoi réir le páirt a ghlacadh i gcomórtas coraíochta ach níl ann ach cur i gcéill mar go bhfuil an troid ceannaithe ag an té atá á eagrú. Cuireann an tUasal Oleson airgead an tséipéil ar gheall.

  • 11:50AM
    Abair Amhrán (OS)

    Abair Amhrán (OS)Sraith 2, Eipeasóid 13

    Ceiliúradh ar amhráin a bhíodh againn ag éirí aníos, amhráin a bhí ag ár muintir romhainn agus a tháinig anuas ó ghlúin go glúin.

  • 12:05PM
    A Chef's Life (TS)

    A Chef's Life (TS)Sraith 3, Eipeasóid 2

    Pretty In Peach

    Foghlaimeoidh Vivian faoi phéitseoga stánaithe inniu agus inseoidh Ms Scarlett di faoi na cuimhní geala atá aici faoi shicín friochta óna hóige. Tabharfaidh Vivian faoi dhreas fótagrafaíochta Lá an Altaithe agus beidh sé ina cíor thuathail sa bhialann.

  • 12:35PM
    Bia 's Bóthar (OS)

    Bia 's Bóthar (OS)Sraith 1, Eipeasóid 8

    Sraith faoi chúrsaí bia. Tabharfaidh Éamonn Ó Catháin cuairt ar dhéantóir suibhe i gCúil Aodha agus ar fheirm fianna i Scoil i gContae Chorcaí.

  • 1:05PM
    Murder She Wrote (TS)

    Murder She Wrote (TS)Sraith 2, Eipeasóid 2

    Joshua Peabody Died Here

    Tagtar ar chorp fhear gnó mór le rá ar láithreán tógála a óstáin.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 12

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 a.m. agus arís ag a 3 p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 3, Eipeasóid 18

    Réaltog, Réaltóg, Thuas sa Spéir

    Tá Masha ag iarraidh dul go dtí an spás.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 26

    Catboy Ciotach

    Níl Catboy sásta glacadh leis go bhfuil sé místuama.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 75

    Ar Ais ar an Sliabh Mór Millteach

    Tugann an Cat Cliste agus a chairde aghaidh ar an Sliabh Mór Millteach le cúnamh ó mhamó Nóinín.

  • 3:33PM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 38

    An Ollphéist

    Rachaidh Úna ar thuras go Indreabhán, Co. na Gaillimhe chuig a cairde i Scoil Sailearna mar go bhfuil scéal mór acu di faoi ollphéist. Déanfaidh sí féin agus a cairde ollphéist mhór mhillteach dá gcuid féin sa rang sula dtabharfaidh siad cluas don scéal 'An Ollphéist'.

  • 3:44PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 49

    Joey ag Déanamh Meala

    Tá Joey leis an lá a chaitheamh in éineacht le Colm, an beachaire. Taispeánfaidh Colm an choirceog dó agus míneoidh dó mar a dhéanann na beacha mil. Cabhróidh Joey le Colm an mhil a thabhairt as an gcoirceog agus cuirfidh siad i bprócaí í. Beidh deis ansin ag Joey an mhil a bhlaiseadh!

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 ar maidin ag an deireadh seachtaine agus ón 4 tráthnóna ó Luan go Satharn. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Dónall Dána, Camp Lakebottom, Harvey Beaks, Na Dúlradóirí, Aifric agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 3, Eipeasóid 25

    Taibhse scoile

    Tá Alvin agus Brittany glasáilte istigh sa scoil ach an bhfuil taibhse ann in éineacht leo?

  • 4:14PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 25

    #Haischlib #Dónall #Dána

    Cé atá ag cur teachtaireachtaí Leipreacháin chuig Learaí?

  • 4:26PM
    Clarence

    ClarenceSraith 1, Eipeasóid 5

    Tá Cailín ag Clarence

    Bíonn cineál imní bheag ar Clarence nuair a théann sé amach le cailín ón scoil.

  • 4:37PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 11, Eipeasóid 25

    Baile Na Mbolgán

    Tugann Spongebob cuairt ar Bhob Bolgáin, seanchara leis i mBaile na mBolgán. Tá Sandy ag súil oíche a chaitheamh sa chathair in éineacht le Karen agus Mrs Puff.

  • 5:05PM
    C.L.U.B (OS & TS)

    C.L.U.B (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 10

    Is iad Tráchtálaithe Chluain Meala & an club iománaíochta, Naomh Muire, Tiobraid Árainn a bheidh faoi chaibidil ar C.L.U.B. inniu. Is é Liam Ryan, imreoir leis an dá chlub, aoi speisialta an chláir.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 291

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Gléasta chun Féasta (OS & TS)

    Gléasta chun Féasta (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Sraith 10 gclár, á cur i láthair ag Bláthnaid Treacy ina mbeidh ar bhean atá ag réiteach d'ócáid mhór sa saol rogha a dhéanamh idir trí fheisteas a roghnófar go speisialta di. Beidh neart comhairle ar fáil ó na saineolaithe faisin gach seachtain - Ándrea Tighe agus Aisling Ní Chormaic. Sa mbreis orthusan, beidh aoi speisialta ar gach clár. Is í Deirdre McKenna aoi na hoíche anocht agus a chuideoidh le Ellen Nic Thomáis as Baile Átha Cliath gúna a aimsiú le caitheamh chuig ceiliúradh a breithlae bliain agus fiche.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 6, Eipeasóid 8

    Let Me Hear Your Balalaikas Ringing Out

    Sraith ghrinn drámaíochta. Bíonn iontas ar Rory Dean, fear a raibh sí mór leis tráth, a fheiceáil ag teach a seanmhuintire. Tá scéala mór aige di. Socraíonn Rory dul chun dinnéir in éineacht le Jess ach nuair a théann Logan é féin in éineacht leo, ní fada go mbíonn sé ina achrann. Níl Emily sásta faoin gcaoi a bhfuil Rory ag caitheamh léi agus féachann sí le smacht a chur uirthi. Aontaíonn Luke urraíocht a thabhairt d'fhoireann sacair na mban.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 291

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 24, Eipeasóid 291

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    The Whole World in his hands

    The Whole World in his hands

    Clár faisnéise ina dtabharfar léargas ar an tionchar a bhí ag cuairt an Phápa Eoin Pól II ar Éirinn i 1979. I measc na ndaoine a chuirfear faoi agallamh ar an gclár beidh an tUachtarán Michael D. Higgins, an tEaspag Eamonn Casey, Nell McCafferty agus Colm Tóibín.

  • 8:30PM
    An Mar a Chéile Muid (OS)

    An Mar a Chéile Muid (OS)

    Clár faisnéise faoi Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta a bhunaigh grúpa daoine óga i gConamara i 1969 mar gur chreid siad go raibh an Ghaeltacht faoi mhíbhuntáiste ag bochtanas, imirce agus ag an drochmheas a bhí ar an nGaeilge. Bhí siad lán d'idéalachas, fearg agus fuinneamh. Leagadar 8 n-aidhm amach a chreid siad a theastaigh chun an pobal agus an Ghaeilge a shlánú. Baineadh go leor amach sna blianta ina dhiaidh ó thaobh fostaíochta agus forbairt pobail ach an ionann inniu mianta agus spiorad ghlún na réabhlóide agus ghlún óg na linne seo atá ag baint tairbhe as agóidí na 1970í?

  • 9:00PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 291

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 9:05PM
    An Western: McLintock (TS)

    An Western: McLintock (TS)

    (1963, Scannán Grinn, Grá, Iartharach) John Wayne, Maureen O'Hara agus Patrick Wayne na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Andrew V. McLaglen. Scannán é seo faoi fhear a bhfuil a bhean ag iarraidh colscaradh agus a hiníon a thabhairt léi.

  • 11:30PM
    Finné (OS & TS)

    Finné (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 3

    Amy Dunne

    Seacht mbliana déag a bhí Amy Dunne nó 'Miss D' nuair a casadh le páiste í agus í faoi chúram an Stáit. Bhí briseadh croí i ndán di faraor nuair a d'inis na dochtúirí di go raibh marach ar an bpáiste agus nach mairfeadh sé tar éis teacht ar an saol. Shocraigh Amy ginmhilleadh a fháil ach rinne Feidhmeanacht na Seirbhíse Sláinte tréaniarracht cosc a chur uirthi imeacht as an tír. Thug Amy an Stát chun cúirte agus bhuaigh sí an cás, cás atá fós ar cheann de na cásanna dlí i mó i mbéal an phobail i stair na tíre seo.

  • 0:30AM
    Perpetual Grace LTD (TS)

    Perpetual Grace LTD (TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Wandering Left

    Leanann Pa clann mhac Hector isteach sa seomra ranga. Féachann James le teagmháil a dhéanamh lena athair agus téann sé go Hermosillo áit a dtugann sé Glenn slán as an bhfásach. Idir an dá linn in Half Acre, tá Wesley fós ag lorg barántas le Paul Brown a ghabháil agus i Sasana déanann Donny DeLoash iarratas ar phas.

  • 1:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 291

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.