Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Céadaoin 19 Meitheamh

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 170

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 1

    An Fhoraois

    Nuair a théann Rita agus Crogall ar shiúlóid sa bhforaois, téann duine acu amú.

  • 7:07AM
    Rita & Crogall

    Rita & CrogallSraith 1, Eipeasóid 2

    Sneachta

    Rachaidh Rita agus Crogall amach ag spraoi sa sneachta.

  • 7:12AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 25

    Spéaclaí Seafóideacha

    Tagann an radharceolaí go dtí an scoil chun tástáil súl a chur ar na páistí.

  • 7:20AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 26

    An Bua ag Wingston

    Ó tharla gan Wingston in ann suaimhneas a dhéanamh sa rang socraíonn Bean Grizzlesniff gur chóir dó foghlaim faoi 'Spórtúlacht' agus rás a bheith aige lena chairde.

  • 7:27AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 13

    Tarrthálann Peg agus Cat an Domhan: Cuid a hAon

    Cuireann Uachtarán na Stát Aontaithe fios ar Pheg agus ar Chat chun fadhb ollmhór a réiteach.

  • 7:39AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 13

    Crann Scanrúil

    Tugann Annie Tyrannosaurus cuairt ar Ardán Tearanódón don oíche ach níl uaithi ach an crann scanrúil a bhíonn beo san oíche, más fíor do Don é, a fheiceáil.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 13

    An Nollaig sa Zú

    Tá sé ag cur sneachta agus níl na trucailí in ann bia a thabhairt chuig na hainmhithe sa zú.

  • 7:56AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 13

    San Aer leis na hÉin

    Ní cosúil go bhfuil Odi an giobaire sásta lena chara Gearóidín an sioráf - is cosúil nach dteastaíonn mórán codlata ó shioráif ach go dteastaíonn go leor codlata ó ghiobairí.

  • 8:03AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 17

    Eachtrannaigh nó Wheezy?

    Tá sé faighte amach ag Tom a mbíonn ar siúl ag Wheezy san oíche.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 13

    Carr Sleamhnáin na bPiongainí

    Taispeánann Phoebe agus Elmo do dhá phiongain le dul ag marcaíocht ar bhobshleamhnán.

  • 8:25AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 13

    Zou ag Spraoi le Cairtchlár

    Beidh Zou ag spraoi le cairtchlár ar chlár an lae inniu.

  • 8:38AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 1, Eipeasóid 13

    Hide and Seek is not for the Weak!

    Tá an Béar céasta ag Masha ag iarraidh air dul ag imirt folach bíog.

  • 8:45AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 16

    Loopdidoo an File

    Féachann Loopdidoo le dánta a scríobh le dul i bhfeidhm ar a chuid cairde.

  • 8:51AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 17

    Hal ar an Tanaí

    Tá Dot ag súil go mór le dul ag spraoi sa loch in éineacht le Hal.

  • 9:03AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 17

    An tEireaball Is Fearr Liom

    Beidh Nic agus Sailí ag imirt an chluiche 'Cuir Eireaball ar an Asal'.

  • 9:15AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Dan agus a Mháthair

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Chartha Naofa, Co. Dhún na nGall a thabharfaidh Úna cuairt inniu áit a bhfuil scéal faoi uibheacha órga ag a cairde. Beidh an-spraoi aici lena cairde beaga ag déanamh uibheacha órga agus cleití dá gcuid féin sula n-inseoidh siad an scéal 'Dan agus a Mháthair' di.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 13

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Cuirfidh muid aithne ar Atlas inniu, coinín ollmhór atá ag lorg baile nua. Níl a úinéir in ann aire a thabhairt dó níos mó de bharr a mhéide.

  • 10:00AM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 21

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 10:55AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    100 Mile Walk

    Milleann an sneachta an fómhar ar mhuintir Ingalls. Glacann Charles le hobair chontúirteach ar an iarnród. Tugann Caroline meitheal ban le chéile chun an méid is féidir den fhómhar a tharrtháil.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 3, Eipeasóid 8

    New Farmstead Cheeses of Northern California - USA

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna ceardaí agus cáiseanna lámhdhéanta feirme i Meiriceá a bheidh faoi chaibidil ag Will inniu. Tá méadú mór ar dhíolachán na gcáiseanna seo le gairid agus rachaidh sé go Tuaisceart California agus chuig margadh na bhfeirmeoirí i San Francisco le casadh leosan is cúis leis an ngluaiseacht nua seo.

  • 12:15PM
    Dúiche (OS & TS)

    Dúiche (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 1

    Tá Síle Nic Chonaonaigh ar ais ag taisteal na tíre ar thóir scéalta agus imeachtaí a thugann léargas ar shaol an phobail. Ar Dhairbhre a bheidh Síle an tseachtain seo. Tabharfaidh sí cuairt ar Michael Lyne i Scláta Dairbhre. Casfaidh sí le Mick O'Connell, laoch peile Chiarraí chun a fháil amach faoin obair atá ar bun acu i 'Tigh an Oileáin', ionad cónaithe do dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu. Ar deiridh, tabharfaidh sí cuairt ar an ionad tarrthála mara, atá ag coinneáil mairnéalach slán ar fharraigí fiáine an Atlantaigh ó aimsir na gcogaí domhanda.

  • 12:45PM
    Garraí Glas (OS & TS)

    Garraí Glas (OS & TS)Sraith 4, Eipeasóid 1

    Rachaidh Síle Nic Chonaonaigh ar cuairt chuig Frieda Ní Chatháin, Dochtúir Teaghlaigh a bhfuil luibhghort leighis aici sa Cheapach, Co. Luimnigh. Casfaidh sí le haíonna eile freisin, Jim McNamara, an Dr. Aoibheann Nic Dhonnchadh agus Gaby Wieland agus labhróidh siad faoin mbliosán cruinn, an lus deartán, caorthann corraigh, beathnua agus lus na meala líomóide.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 2, Eipeasóid 14

    The War At Home

    Tugann Bartlet ordú do na fórsaí speisialta gníomhairí drugaí a fuadaíodh sa Cholóim a thabhairt slán, rud a d'fhéadfadh cogadh a tharraingt. Tá na fuadaitheoirí ag iarraidh ar rialtas na Colóime tiarna drugaí a ligean amach as an bpríosún. Níl Bartlet sásta an t-iarratas a dhéanamh ar Uachtarán na Colóime. Tá imní ar Abbey go gcuirfidh an scléaróis iolrach atá ag dul dá fear as dó fad is atá sé san oifig agus insíonn sí sin dó.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 11, Eipeasóid 21

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 9

    An Dochtúir Masha

    Ba mhaith le Masha a bheith ina dochtúir ach is mó dochar ná maitheas a dhéanann sí.

  • 3:09PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 35

    Gig Mór Catboy

    Tá seans ann go millfidh an Ninja Oíche ceolchoirm na scoile ach ní cosúil go bhfuil sé ag cur isteach ar Catboy.

  • 3:21PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 9

    Eachtra i bPluais

    Téann friosbaí Hal sa bpluais de dhearmad.

  • 3:33PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 63

    Ag Spraoi le Scamaill

    Tá na clabhtaí dorcha ag milleadh phleananna na Kazoops agus níl siad sásta. Tá Monty ag iarraidh a thaispeáint dóibh gur iontach an rud iad clabhtaí!

  • 3:40PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 64

    Turas sa Charr

    Tá iontas ar Monty go bhfuil a Mhama ag ceapadh nach bhfuil an post atá aici spéisiúil. Meas tú an é go n-éiríonn post leadránach nuair a bhíonn tú á dhéanamh gach lá?

  • 3:50PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:52PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 23

    An Ríomhphost

    Seolann Alvin ríomhphost a scríobh Simon chuig a mhúinteoir trí thimpiste.

  • 4:03PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    Dónall Dána agus an tAinm

    Níl Dónall ná Learaí ar aon intinn faoin ainm atá le tabhairt ar chat.

  • 4:15PM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 13

    Ag Fás gan Stró

    Foghlaimíonn ár gcairde sa tsaotharlann faoi leasú agus an tionchar atá aige ar phlandaí.

  • 4:27PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 1, Eipeasóid 13

    Sorcas Scanrúil

    Cuireann na campálaithe fios ar Doofus an fear grinn, sean-namhaid Éamoinn. Tá Doofus ag iarraidh díoltas a fháil ar na campálaithe.

  • 4:38PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    The Almighty Foo - An Foo Uilechumhachtach / Old Fashioned Dade - Dade Seanaimseartha

    Nuair a scriosann Foo baile na bhfeithidí trí thimpiste, déanann sé iarracht baile nua, sábháilte a fháil dóibh - tigh Harvey.

  • 5:00PM
    Na Dúlradóirí (TS)

    Na Dúlradóirí (TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Ialtóga

    Níl spéis ag na Dúlradóirí i ní ar bith ach sa timpeallacht - ní nach ionadh! Ialtóga a bheidh faoi chaibidil ag Na Dúlradóirí inniu. Cén ialtóg is mó ar an domhan? Cé méid feithide atá ialtóg in ann a ithe in aon oíche amháin? Beidh Fionnuala gnóthach ag maisiú teach nua do na hialtóga ... ar mhaithe leis an eolaíocht dar ndóigh.

  • 5:15PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 7

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Iarracht sa tSín le curiarracht a bhaint amach le taos píotsa ina measc. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:32PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 170

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:35PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 19, Eipeasóid 4

    Lough Gur Bruff Co. Limerick

    Loch Goir sa Bhrú i gContae Luimnigh is ábhar don chlár seo, ceantar ársa a raibh daoine lonnaithe ann sular tháinig na Ceiltigh go hÉireann.

  • 6:05PM
    Gilmore Girls (TS)

    Gilmore Girls (TS)Sraith 2, Eipeasóid 14

    It Should've Been Lorelai

    Sraith ghrinn drámaíochta. Baintear siar as Lorelai agus as Rory é nuair a thugann Christopher, athair Rory, a bhean nua, Sherry, chuig Stars Hollow. Is léir go bhfuil Sherry ag iarraidh go mbeidh sí féin agus Rory mór lena chéile. Tá Emily le ceangal go bhfuil Sherry thart mar nár éirigh le Lorelai Christopher a mhealladh ar ais.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 170

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 170

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    An Gobán Saor (OS)

    An Gobán Saor (OS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Sraith a dhéanann ceiliúradh ar an ngreann i saol na hÉireann. Inseoidh fir, idir óg agus sean, ó cheann ceann na tíre na scéalta grinn is ansa leo féin. Baineann na scéalta seo le gnáthchúrsaí an tsaoil, ó bhreith go bás agus ó chúrsaí creidimh go cleamhnais.

  • 7:45PM
    FIFA Women's World Cup Live

    FIFA Women's World Cup LiveEipeasóid 20

    Craoladh beo ar an gcluiche deiridh i nGrúpa D. Is é Garry Mac Donnacha a bheidh i mbun tráchtaireachta.

  • 10:10PM
    Finné (OS & TS)

    Finné (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Peter Mulryan

    Rugadh Peter Mulryan ar an 29 Meitheamh 1944 san Ospidéal Réigiúnach i nGaillimh. Nuair a bhí sé ar tí pósadh, theastaigh uaidh eolas a fháil ar a mháthair bhreithe. Rinne sé roinnt fiosraithe agus d'aimsigh sé a mháthair ag cur fúithi anois i Neachtlann Mhaigdiléana i nGaillimh. D'éirigh leis aithne a chur uirthi sula bhfuair sí bás. Ach níor thuig sé riamh go bhféadfadh sé gur rugadh deirfiúr leis san Áras go dtí gur chas sé le Catherine Corless, staraí áitiúil i dTuaim.

  • 11:10PM
    Survivor: Heroes vs. Healers vs. Hustlers (OS & TS)

    Survivor: Heroes vs. Healers vs. Hustlers (OS & TS)Sraith 35, Eipeasóid 8

    Knights of the Round Table

    Aimsíonn imreoir amháin buntáiste rúnda, ach ní mar a shíltear a bítear. Ní mór do na hiomaitheoirí a bheith an-dírithe sa dúshlán aonair.

  • 0:02AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 170

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:05AM
    Scannán: Double Wedding (TS)

    Scannán: Double Wedding (TS)

    (2010, Geandráma Románsúil) Tia Mowry-Hardrict, Tamera Mowry-Housley agus O-T Fagbenle na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Craig Pryce. Scéal faoi bheirt deirfiúracha atá ag dul amach in éineacht leis an bhfear céanna. Ní thuigeann seisean gur deirfiúracha iad ná go bhfuil sé socraithe aige casadh le muintir na beirte ar an lá céanna. Beidh sé ina spraoi!

  • 1:45AM
    Dáil Éireann

    Dáil ÉireannSraith 19, Eipeasóid 60

    Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

  • 2:10AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 170

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.