Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Domhnaigh 21 Iúil

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 202

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 3

    Grá agus Roicéid

    Castar Mamó dhána ar Winston, Hampton agus Dudley nuair a bhíonn siad ag glacadh páirt i ndúshlán an tSáirsint Sasha.

  • 7:13AM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 4

    Béile Blasta

    Tá Winston agus a chairde ag iarraidh dul chuig Coinbhinsiún na Sár-Ghardaí.

  • 7:24AM
    Thomas Edison's Secret Lab

    Thomas Edison's Secret LabSraith 1, Eipeasóid 18

    Siorc Ocrach

    Foghlaimíonn ár gcairde sa tsaotharlann faoi shiorcanna.

  • 7:36AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 27

    Laochra Dhónaill Dhána

    Tá Dónall ag iarraidh na Francaigh Fheoite Fhiáine a fheiceáil ach caithfidh sé comórtas tallainne na scoile a bhuachan chun ticéad a fháil.

  • 7:47AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 28

    Dónall Dána agus Dónall Maith

    Tá Dónall ag iarraidh dul chuig an aonach siamsaíochta ach níl aon chead aige mar gheall ar a thuairisc scoile. Socraíonn sé a bheith go maith mar sin.

  • 7:58AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 8:00AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 49

    An Damhsa

    Tá Fi ag dul chuig damhsa na bhfeirmeoirí agus mar sin caithfidh Tom agus Buzz na cairéid a bhaint di.

  • 8:10AM
    Woozle & Pip

    Woozle & PipSraith 1, Eipeasóid 27

    Lá ar scoil

    Beidh na cairde go léir ag dul ar scoil inniu.

  • 8:15AM
    Woozle & Pip

    Woozle & PipSraith 1, Eipeasóid 28

    Lábach, Bréan, Salach

    Ní bhuailfeadh dada a bheith ag spraoi sa bpuiteach dar le Pip.

  • 8:21AM
    Scéalta le Masha

    Scéalta le MashaSraith 3, Eipeasóid 3

    An Sionnach agus an Coinín

    Inseoidh Masha scéal faoi shionnach glic ar éirigh leis an coinín a dhíbirt as a bhothán féin.

  • 8:26AM
    Scéalta le Masha

    Scéalta le MashaSraith 3, Eipeasóid 4

    Cochaillín Dearg

    Inseoidh Masha a leagan féin den scéal Cochaillín Dearg.

  • 8:31AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 49

    An Gheaing Ghlan

    Ní maith le Dot go bhfuil bruscar ar an trá.

  • 8:42AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 49

    Bolaithe

    An boladh a bhíonn ó bhrioscaí sceallaí seacláide an boladh is fearr le Nic ach níl a fhios ag Sailí cén boladh is ansa léi féin.

  • 8:54AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 14

    An Rothar is Fearr ar Domhan

    Ó tharla rothar nua ag Monty caithfidh sé a sheanrothar a thabhairt do dhuine éigin eile anois.

  • 9:01AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 15

    Catboy in aghaidh an Chaitín Róbó

    Caithfidh Catboy éisteacht lena chuid cairde cé nach bhfuil sé ag iarraidh éisteacht leo.

  • 9:14AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 14

    Lá an Fhómhair

    Tá an fómhar le baint i gClós na mBalún. Tá na torthaí agus na glasraí ar fad réidh.

  • 9:21AM
    Elmo Anseo

    Elmo AnseoSraith 1, Eipeasóid 14

    Dathanna

    Foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi dhathanna.

  • 9:27AM
    Loopdidoo

    LoopdidooSraith 5, Eipeasóid 47

    Coileán Uaigneach

    Socraíonn Loopdidoo Petunia a fhágáil léi féin ar feadh tamaill le ceacht a mhúineadh di.

  • 9:34AM
    Zack & Quack

    Zack & QuackSraith 2, Eipeasóid 13

    Na deirfiúracha preab-reoite

    Socraíonn na deirfiúracha preab-reoite Hop agus Skip dul in iomaíocht lena chéile ag an rinc oighir agus cuireann siad Síle Shneachtúil i mbaol.

  • 9:45AM
    Bia Linn (TS)

    Bia Linn (TS)Sraith 2, Eipeasóid 13

    Sú Craobh

    Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Réiteoidh siad mús seacláide inniu le sútha craobh. Rachaidh Coco ar fud na tíre ag piocadh sútha craobh in éineacht lena chairde.

  • 10:05AM
    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)

    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Ainmhithe sa Sneachta - Maidin

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sa sneachta an mhaidin.

  • 10:35AM
    Abhainn (OS)

    Abhainn (OS)Sraith 3, Eipeasóid 3

    An Fheoir

    An Fheoir, a ardaíonn faoi scáth Shliabh Bhearnán Éile i dtuaisceart Thiobraid Árann, a bheidh faoi chaibidil ar an gclár.

  • 11:05AM
    Timpeall na Tíre (OS)

    Timpeall na Tíre (OS)Sraith 17, Eipeasóid 28

    Achoimre ar chuid de mhórscéalta na seachtaine mar a craoladh ar Nuacht TG4.

  • 11:35AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 2, Eipeasóid 16

    The Runaway Caboose

    Tagann Mary, Laura agus Carl ar chóiste traenach agus téann siad isteach inti. Ach gan choinne tosaíonn an cóiste ag imeacht. Faigheann siad amach ansin go bhfuil traein eile ag teacht ina n-aghaidh. Caithfidh Charles agus an tUasal Edwards an cóiste a stopadh go beo.

  • 12:35PM
    Tour de France - Súil Siar

    Tour de France - Súil SiarSraith 15, Eipeasóid 15

    Súil siar ar an 14ú céim de Tour de France 2019.

  • 1:05PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 202

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 1:10PM
    Tour de France Beo

    Tour de France BeoSraith 15, Eipeasóid 15

    Craoladh beo ar an 15ú céim de Tour de France 2019. Tabharfaidh na rothaithe faoi aistear as Limoux go Foix. Is iad Páidí Ó Lionáird agus Pádraic Quinn a bheidh i mbun tráchtaireachta.

  • 4:50PM
    Scannán: Pony Express (TS)

    Scannán: Pony Express (TS)

    (1953, Stairiúil, Rómáns) Charlton Heston, Rhonda Fleming agus Jan Sterling na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Jerry Hopper. Féachann Buffalo Bill agus Wild Bill Hickock le Post na gCapall a bhunú. Caithfidh siad na hIndiaigh agus scarúnaithe Chalifornia, atá ag iarraidh an córas a scriosadh, a chomhrac.

  • 6:45PM
    Mending Legends (OS & TS)

    Mending Legends (OS & TS)

    Fiosróidh an láithreoir spóirt Máire Treasa Ní Dhubhghaill ceann de na gortuithe is mó a mbíonn ar lucht spóirt éirí as mar gheall air - gortú teannáin. Féachfaidh sí ar an tionchar a bhíonn ag gortú mar seo ar lúthchleasaithe, ar a n-intinn agus ar a gcolainn. I measc na ndaoine a labhróidh sí leo beidh iar-chaptaen peile na Gaillimhe Pádraic Joyce, an tOilimpeach Jessie Barr agus an t-iar-imreoir rugbaí Denis Leamy. Ar a turas, casfaidh sí le saineolaithe spóirt sa gCurrach, i bPáirc an Chrócaigh, in Ospidéal na Tréidliachta i Londain agus in Institiúid Spóirt na hÉireann.

  • 7:12PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 202

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:15PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 202

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Laochra Gael (OS & TS)

    Laochra Gael (OS & TS)Sraith 16, Eipeasóid 3

    Ashling Thompson - Gaiscíoch Ban

    Clár faisnéise faoi Ashling Thompson - All-Star Camógaíochta agus captaen buacach Uile Éireann. Tá sí ar dhuine de cheathrar lúthchleasaithe in Éirinn a fhaigheann urraíocht ó Red Bull. Is mainicín faisin, abhcóide dílis ar chúrsaí meabhairshláinte í gan trácht ar an tóir atá ag na meáin uirthi. Sa chlár seo, rachaimid ar aistear in éineacht le Ashling atá i mbarr a réime faoi láthair i saol na camógaíochta - bean a fuair an ceann is fearr ar dhrochghortuithe agus ar mhórfhadhbanna leis an dúlagar ar an mbealach.

  • 8:30PM
    Scéal Danno (OS & TS)

    Scéal Danno (OS & TS)Sraith 16, Eipeasóid 5

    Scéal Danno

    Scéal faoi fhear as Corcaigh a thuill iomrá ar fud an domhain de bharr a chuid éachtaí i spórt na hiomrascála i Meiriceá. Fear siamsaíochta, lúthchleasaí agus ceannródaí ab ea Danno O'Mahoney, a thug misneach agus ardú croí do Ghaeil sa mbaile agus i gcéin agus é i mbarr a mhaitheasa. Ba i mBéal an Dá Chab in iarthar Chorcaí a rugadh é i 1912. Bhuaigh sé craobh an domhain san iomarscáil i 1935 agus bhí gean ar leith ag Gaeil Mheiriceánaigh agus ag muintir a thíre féin air. Bhásaigh sé de thoradh an ghortaithe a bhain dó i dtimpiste bhóthair i 1950.

  • 9:00PM
    Tour de France - Súil Siar

    Tour de France - Súil SiarSraith 15, Eipeasóid 16

    Súil siar ar an 15ú céim de Tour de France 2019.

  • 9:30PM
    Sé Mo Laoch (OS & TS)

    Sé Mo Laoch (OS & TS)Sraith 9, Eipeasóid 4

    Arty McGlynn

    Clár faoi Arty McGlynn, an ceoltóir aitheanta as Tír Eoghain. Chaith Arty tréimhse ag casadh in éineacht leis na seó-bhannaí chomh maith le bheith ina stiúrthóir ceoil ag Van Morrison. Tá ceol taifeadtaí aige in éineacht le Paul Brady agus The Clancy Brothers agus d'oibrigh sé le laochra móra ceoil na linne ag cruthú, ag stiúradh agus ag taifeadadh ceoil in iliomad stíleanna. Tá cruthaitheacht ar leith ag baint lena chuid ceoil a théann i bhfeidhm ar chuile dhuine a éisteann leis.

  • 10:30PM
    Geantraí (OS & TS)

    Geantraí (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 9

    Seoid as Cartlann Ceoil TG4. Sraith 5 de Geantraí a craoladh den chéad uair in 2001. Is as teach tábhairne Hughes i mBaile Átha Cliath a craoladh an clár seo. Ba iad Conor Byrne, Tom McElvogue, Pádraig Mac Mathúna a bhí i mbun ceoil. Bhí Antaine Ó Faracháin ag gabháil fhoinn chomh maith. Ba é Breanndán Ó Beaglaoich a chuir an clár i láthair.

  • 11:00PM
    Hector Ó Siberia go Saigon (OS & TS)

    Hector Ó Siberia go Saigon (OS & TS)Sraith 10, Eipeasóid 3

    China

    Is i gcathair mhór Chongqing a chuirfidh Hector tús lena thuras an tseachtain seo, an baile uirbeach is sciobtha atá fás ar domhan. Cuirfidh sé eolas ar thogra Panda - togra chun carranna a roinnt agus a bhfuil an-tóir air. Rachaidh sé ar an traein ardluais ansin go Chengdu. Ina dhiaidh sin rachaidh sé chuig linn snámha do mhadraí agus cuirfidh sé aithne ar The Hormones, banna ceoil cailíní a bhfuil an-tóir ag muintir na Síne orthu. Tabharfaidh sé a aghaidh ó dheas ansin chuig áit dúchais na núdal agus níos faide ó dheas ansin go Dali.

  • 0:00AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 202

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:05AM
    The Bridge (OS)

    The Bridge (OS)Sraith 4, Eipeasóid 2

    Tá Henrik fós ag fiosrú dhúnmharú Margrethe Thormod, an Stiúrthóir Imirce, ach tá imní air faoina iníon.

  • 1:15AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 202

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.