Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Domhnaigh 19 Bealtaine

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 139

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 38

    Sárlaochra

    Tá Theodore cinnte gur sárlaoch é féin agus caithfidh Alvin agus Simon a chur ina luí air an obair a fhágáil ag an té a bhfuil fios a ngnó acu.

  • 7:13AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 38

    Teach Lán le Taibhsí

    Tá Dónall ag fanacht tigh Aintín Siobhán don deireadh seachtaine agus tá Peadar ag iarraidh a chur ina luí air go bhfuil taibhse sa teach.

  • 7:24AM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 49

    Mistéir ar an Cuttyroid

    Tagann an Sáirsint Sasha Spritz Tigh Cutty. Tá sé cinnte go bhfuil coirpeach i bhfolach ann. An mbeidh an bleachtaire Winston in ann cabhrú leis an coirpeach a aimsiú?

  • 7:35AM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 50

    Feighlí Spáis

    Nuair a thuigeann Cutty nach bhfuil aird ar bith ag Winston ar a chuid cúraimí, tugann sé jab dó ina fheighlí leanaí!

  • 7:47AM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 3, Eipeasóid 10

    Pointí Órga

    Tá sé in am ag Angelo "pointí bónais" a fháil ón múinteoir.

  • 7:58AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 8:00AM
    Eolaíocht le Bert

    Eolaíocht le BertSraith 1, Eipeasóid 5

    Scála

    Tabharfaidh Bert faoi thurgnamh a bhaineann le scála.

  • 8:04AM
    Eolaíocht le Bert

    Eolaíocht le BertSraith 1, Eipeasóid 6

    Domhantarraingt

    Tabharfaidh Bert faoi thurgnamh a bhaineann le domhantarraingt.

  • 8:08AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 51

    Cigire Óstáin

    Is in olcas a théann cúrsaí nuair a thagann cigire chun an t-óstán a scrúdú.

  • 8:19AM
    Elmo Anseo

    Elmo AnseoSraith 1, Eipeasóid 13

    Bialann

    Foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi bhialanna.

  • 8:25AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 38

    Catboy agus an Crann Tabhaill Greamaitheach

    Is é an Ninja Oíche a tharraingeoidh trioblóid anocht.

  • 8:37AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 18

    Turas ar Bhád Abhann: Cuid a 2

    Téann Muintir Tearanódóin ar eachtra ar Bhád Abhann Thraein na nDineasár!

  • 8:50AM
    Woozle & Pip

    Woozle & PipSraith 1, Eipeasóid 24

    Ag Péinteáil

    Tá an-spraoi ag Woozle agus ag Pip ag péinteáil ach níl a gcairde róshásta faoi.

  • 8:55AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 38

    Antaine ag Canadh

    Is breá le hAntaine a bheith ag canadh ach tá sé ag cur as do na hainmhithe eile. An mbeidh sé in ann canadh os íseal?

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 37

    Raithneach Zou

    Tugann Zou aire do raithneach Elzee fad a bhíonn sí ar saoire.

  • 9:14AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 38

    Ceist an Scátháin

    Rachaidh Peg agus Cat ar thuras aisteach ar chlár an lae inniu agus foghlaimeoidh siad faoi chineálacha éagsúla patrún.

  • 9:27AM
    Is Ait an Mac é Mús

    Is Ait an Mac é MúsSraith 1, Eipeasóid 37

    Coileach

    Cuirfidh Jeaicín agus Mús coileach an Mhéara ar a shuaimhneas.

  • 9:34AM
    Bia Linn (TS)

    Bia Linn (TS)Sraith 2, Eipeasóid 6

    Banana

    Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Bananaí príomhchomhábhar an lae inniu. Gheobhaidh Coco amach cén tír as a dtagann siad. An raibh a fhios agat gur bunoscionn a fhásann siad?

  • 9:50AM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 20

    Cóil ag Snorcláil

    Is ag snorcláil a bheas Cóil inniu lena chara Cormac. Taispeánfaidh Cormac dó an trealamh uilig a theastóidh uaidh - masc, snorcal agus culaith fhliuch. Míneoidh Cormac dó le hanálú ceart faoin uisce sula dtéann siad amach sa bhfarraige. Beidh neart le feiceáil aige, portán mór ina measc.

  • 10:05AM
    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)

    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 16

    Australian Babies - Evening

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga na hAstráile an tráthnóna.

  • 10:35AM
    Seoidíní Staire (OS)

    Seoidíní Staire (OS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Conamara

    I measc na nithe a bheidh ar taispeáint i músaem ócáideach na seachtaine seo i gConamara beidh uirlisí cócaireachta den seanré, giuirléidí pearsanta a bhí ag muintir na háite a throid sa Dara Cogadh Domhanda agus trealamh spóirt traidisiúnta.

  • 11:05AM
    Ar Shlí na Fírinne (OS)

    Ar Shlí na Fírinne (OS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Baile Átha Cliath

    Sraith nua faoin reilig agus a ról i saol agus i gcultúr na hÉireann. Is cuid den saol an bás agus cé go bhfuil athrú beag ag tarlú sa tír le scór bliain anuas, is gnách gur i reilig a chuirtear corp an Éireannaigh tar éis a bháis. Sa tsraith seo tugann an t-údar Séamas Mac Annaidh faoi chuid de scéal na reilige i gcultúr na hÉireann a fhiosrú le cabhair ó shaineolaithe béaloideasa, staire agus cultúir. Tabharfaidh sé cuairt ar Bhaile Átha Cliath sa chlár seo, áit a bhfiosróidh sé an tionchar a bhí ag adhlacadh na ndaoine a bhí páirteach i mór-imeachtaí 1916.

  • 11:35AM
    Timpeall na Tíre (OS)

    Timpeall na Tíre (OS)Sraith 17, Eipeasóid 19

    Achoimre ar chuid de mhórscéalta na seachtaine mar a craoladh ar Nuacht TG4.

  • 12:05PM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 14

    The Legacy

    Aimsítear seanlíníochtaí agus faightear amach gurb é Charles a tharraing iad. Bhíodh sé ag siúinéireacht fadó le hairgead a shaothrú ach goideadh an líníocht sin uaidh.

  • 1:00PM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 16

    Second Chance

    Tagann an fear a bhíodh pósta le Hester-Sue ar ais á hiarraidh. Deir sé go bhfuil a chuid bealaí athraithe aige.

  • 1:55PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 139

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 2:00PM
    Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)

    Beidh Mé Ar Ais! (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Sraith turasóireachta a fhiosróidh áiteanna ar cheart do gach duine cuairt a thabhairt orthu. Á cur i láthair ag Sinéad Ní Uallacháin agus Osgur Ó Ciardha. Rachaidh Sinéad agus Osgur ó cheann ceann na tíre chun teacht ar áiteanna nua turasóireachta agus le comhairle a thabhairt ar bhealaí a bhféadfaí taithí an chuairteora a fheabhsú. An tseachtain seo rachaidh Osgur chuig Inis Cathaigh i gCo. an Chláir agus bainfidh sé triail as aoireacht caorach i gCo. Chill Mhantáin. Fiosróidh Sinéad trinse ón gCéad Chogadh Domhanda i gCo. an Chabháin agus rachaidh sí ó thuaidh go Winterfell ansin.

  • 3:00PM
    Scannán: Last Train from Gun Hill (TS)

    Scannán: Last Train from Gun Hill (TS)

    (1959, Scéal Grá, Scannán buachaillí bó) is iad Kirk Douglas, Anthony Quinn agus Carolyn Jones na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir John Sturges. Féachann maor le mac cara leis a thabhairt chun cúirte mar gheall ar an mbaint a bhí aige le héigniú agus dúnmharú a mhná, bean de chuid bhundúchasaigh Mheiriceá.

  • 4:50PM
    Fir Dhóiteáin na Ceathrún Rua (OS & TS)

    Fir Dhóiteáin na Ceathrún Rua (OS & TS)

    Fir Dóiteáin, An Cheathrú Rua

    Is fadó an lá ó thosaigh pobail i ndeisceart Chonamara (agus a n-ionadaithe tofa) ag feachtasaíocht ar mhaithe le Stáisiún Dóiteáin a lonnú sa gceantar. Tar éis iarrachtaí go leor agus geallúintí freisin, tháinig toradh ar an saothar ar fad in Earrach na bliana 2016 nuair a cuireadh tús le seirbhís nua dóiteáin ó bhunáit ar an gCeathrú Rua. Tá cónaí ar gach fear ar an bhfoireann i bhfoisceacht 5 nóiméad den bhunáit. Rianaíonn an clár faisnéise seo obair na seirbhíse sa gcéad bhliain.

  • 5:35PM
    Laochra Gael (OS & TS)

    Laochra Gael (OS & TS)Sraith 17, Eipeasóid 7

    Séamus Darby

    Is é Seamus Darby Uíbh Fhailí a scóráil an cúl peile is mó cáil riamh. Sa chlár seo, tabharfaidh sé chun cuimhne na heachtraí a thit amach ar an bpáirc ag deireadh Chluiche Ceannais na hÉireann 1982 agus an chríoch spleodrach a chuir deireadh leis an aisling a bhí ag Ciarraí an chraobh a bhaint amach cúig bliana as a chéile. Déanfar iniúchadh ar scéal Darby go dtí an tráth sin dá shaol. Cén fáth gurbh é Darby a cuireadh chun páirce agus gan ach cúpla nóiméad fanta? Tabharfar léargas freisin ar ar bhain do Darby ina dhiaidh sin agus mar a tháinig athrú tobann ar a shaol.

  • 6:35PM
    Bliain Ar Oileán Acla (OS & TS)

    Bliain Ar Oileán Acla (OS & TS)Sraith 4, Eipeasóid 4

    Sraith a taifeadadh i gcaitheamh bliana faoin saol mar a chaitheann muintir Acla é, idir óg agus aosta, muintir an oileáin féin agus daoine atá tagtha chun cónaithe ann le déanaí. Tá an samhradh thart agus tá na turasóirí bailithe. Cad atá ar siúl ag muintir na háite?

  • 7:12PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 139

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:15PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 139

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)

    Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 37

    Tá Dee cinnte go bhfuil Mack agus Katy in éineacht agus téann sí ar a dtóir. Buaileann tinneas an pháiste go tobann í agus bíonn uirthi stopadh ar thaobh an bhóthair. An mbeidh an páiste aici ar thaobh an bhóthair? Tá imní ar Mo go bhfuil Peatsaí go mór ag dul amú má phósann sé Annette. An éireoidh le Mo teacht eatarthu? Tá Andy ag fáil mífhoighneach ag fanacht le Michelle airgead a thabhairt dó. Ní fada go dtuigeann sí go díreach an bealach atá leis. Tá ríméad ar Dee a bheith sa mbaile leis an bpáiste ach teastaíonn uaithi an ruaig a chur ar Chóilí Jackie.

  • 8:30PM
    Réalta agus Gaolta (OS & TS)

    Réalta agus Gaolta (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    Leanfar leis an gcuardach don teaghlach is cumasaí sa tír! Sraith ceoil agus damhsa ina rachaidh teaghlaigh chumasacha san iomaíocht ar stáitse. Cé a bheidh ina seaimpíní in 2019? Á cur i láthair ag Síle Seoige agus is iad Sinéad Ní Uallacháin, craoltóir agus léiritheoir, Irial Ó Ceallaigh, amhránaí sean-nóis agus Jim Lockhart ón mbanna ceoil "Horslips" na moltóirí.

  • 9:30PM
    TradFest TG4 (OS & TS)

    TradFest TG4 (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Sraith ceoil thraidisiúnta & chomhaimseartha a taifeadadh i mí Eanáir ag TradFest i gcroílár na hardchathrach. Á cur i láthair ag Doireann Ní Ghlacáin as Baile Átha Cliath beidh ceol sa tsraith ó cheoltóirí as Éirinn agus ó thar lear chomh maith le tallann nua atá ag teacht chun cinn. Ar chlár na seachtaine seo beidh Téada in éineacht le fear mór Chiarraí Séamus Begley, Máire Ní Chathasaigh & Chris Newman, Mick O'Brien, Ciara Ní Bhriain agus Mark Kelly agus an t-amhránaí Eoghan Ó Ceannabháin. Léiriú de chuid Aniar TV.

  • 10:30PM
    Geantraí (OS & TS)

    Geantraí (OS & TS)Sraith 5, Eipeasóid 2

    Cuirfear an clár seo i láthair ó Theach Ceilí i Lurgan. I measc na gceoltóirí beidh an banna ceoil Broc, Martin agus Christine Dowling chomh maith le Robbie Hannon.

  • 11:00PM
    Ceolchuairt (OS & TS)

    Ceolchuairt (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 1

    Maracó

    Sraith siamsaíochta ceoil ina rachaidh seisear ceoltóirí traidisiúnta as Éirinn ar oilithreacht go dtí a 'Mecca' ceoil féin. Ar Mharacó a thabharfaidh Fiachna Ó Braonáin as na Hothouse Flowers a aghaidh agus é sa tóir ar fhréamhacha cheol na ngormacha agus ar an gceangal le ceol na nGael.

  • 11:50PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 139

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 11:55PM
    Follow the Money (OS)

    Follow the Money (OS)Sraith 2, Eipeasóid 3

    Scéinséir coiriúlachta as an Danmhairg. Cuirtear brú ar chairdeas Nicky agus Bimse nuair a cheistítear Bimse faoi ionsaí ar phóilín. Nochtann an scuad calaoise droch-nósanna i mBanc Nova agus tá Alf agus Mads ag déanamh fiosruithe maidir le bainisteoir bainc atá ag caitheamh airgead nach bhfuil aige. Féachann Claudia le post a fháil chun an t-oifigeach parúil a shásamh. Caithfidh Kristina agus Mads cinneadh mór a dhéanamh.

  • 1:05AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 139

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.