Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 22 Aibreán

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 112

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 2

    An Préachán Béasach

    Tá faitíos ar Mofy agus ar a cairde roimh éan mór dubh.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 3

    Mofy an File

    Tá Mofy ag iarraidh go léifidh a cairde an dán a scríobh sí ach níl duine ar bith ag tabhairt aon airde uirthi.

  • 7:13AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 7

    Lá na Rásaí

    Inniu Lá na Rásaí i gClós na mBalún ach tá na bainbh ag briseadh na rialacha.

  • 7:20AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 52

    Nuacht

    Tá Norbet ag cur páipéar nuachta le chéile ach níl aon nuacht shuimiúil ag muintir na foraoise.

  • 7:25AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 20

    Gairdín Deas

    Déanann Tom cinnte go bhfuil gach rud ag dul mar is ceart ar an bhfeirm. Buann gairdín Fi duais.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 35

    Taibhrimh ar Éileamh

    Tá na piscíní ag iarraidh go mbeadh a rogha brionglóide acu.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 36

    Ag Cumadh Eachtraí

    Tabharfaidh Daideo cúnamh do na piscíní a gcuid samhlaíochta a úsáid.

  • 7:45AM
    School of Roars

    School of RoarsSraith 1, Eipeasóid 24

    Ceannaire Ranga

    Is mó orduithe ná cúnamh a thugann Meepa nuair a dhéantar ceannaire ranga di. Ní mó ná sásta a bhíonn a cuid cairde léi.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 28

    An Tarracóir Nua

    Tá an Feirmeoir Dan chun tarracóir nua a fháil ar iasacht ach an gcaillfidh Jethro bocht a phost?

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 29

    Cluiche Gailf

    Téann Stan ag imirt gailf ach go bhfóire Dia air mar is é an tUasal Dris a bheidh ag imirt in éineacht leis!

  • 8:03AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 13

    Amhrán do Chách

    Caithfidh Dot amhrán a chumadh.

  • 8:15AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 24

    An tUasal Lomaire

    Bíonn sé ina réabadh nuair a thosaíonn gabhar ag ithe an óstáin.

  • 8:26AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 52

    Ná himigh Maya!

    Tá Maya roghnaithe le bheith ina banríon lá éigin ach tá a cairde ag iarradh uirthi fanacht sa ngleann.

  • 8:40AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 7

    Oíche Mhaith, a Fhoraois

    Foghlaimeoidh na hulchabháin bheaga faoi ainmhithe a bhíonn amuigh san oíche.

  • 8:51AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 3, Eipeasóid 11

    Iontas na n-iontas

    Tá na mic tíre le coileach a fháil agus feirm éanlaith chlóis a robáil sa chaoi is go mbeidh bia sláintiúil acu.

  • 8:58AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 63

    Ag Spraoi le Scamaill

    Tá na clabhtaí dorcha ag milleadh phleananna na Kazoops agus níl siad sásta. Tá Monty ag iarraidh a thaispeáint dóibh gur iontach an rud iad clabhtaí!

  • 9:05AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 10

    Zou Crochta

    Ag péinteáil a bheidh Zou inniu.

  • 9:16AM
    Ár Scéal (GS)

    Ár Scéal (GS)Sraith 1, Eipeasóid 22

    Bróga Draíochta

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Mhic Dara ar an gCeathrú Rua, Co. na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu. Beidh an-spraoi aici lena cairde beaga ag déanamh bróga draíochta sula dtabharfaidh siad cluas don scéal 'Bróga Draíochta'.

  • 9:30AM
    Ainmhí 999 (OS & TS)

    Ainmhí 999 (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 3

    Sraith a thugann léargas ar an obair a dhéanann carthanacht ainmhithe in Albain. Tá sciathán leathair ar fán agus a bhealach déanta aige isteach i dteach duine éigin.

  • 10:00AM
    Scannán:The Long Gray Line

    Scannán:The Long Gray Line

    (1955, Beathaisnéis, Scannán Grinn, Dráma) Is iad Tyrone Power, Maureen O'Hara agus Robert Francis na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir John Ford. Bunaithe ar an leabhar a scríobh Martin Maher as Éirinn a chaith leath chéad bliain ag obair ina shibhialtach in acadamh míleata West Point nuair a fuair sé ardú céime ó NCO go dtí ina theagascóir.

  • 12:30PM
    1916 Seachtar na Cásca (OS & TS)

    1916 Seachtar na Cásca (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 7

    Patrick Pearse

    Sraith faisnéise ina ndéanfar cur síos stairiúil agus pearsanta ar an seachtar fear a shínigh Forógra 1916. An 10ú Samhain 1879 a rugadh Patrick Henry Pearse ar Great Brunswick Street nó Sráid an Phiarsaigh mar atá anois. Ba file, múinteoir, abhcóide agus scríbhneoir a bhí ann. Ba é an Piarsach a léigh an Forógra taobh amuigh d'Ard-Oifig an Phoist Luan Cásca an 24ú Aibreán 1916. Mar Uachtarán ar an Rialtas Sealadach ba é Pádraig Mac Piarais a shínigh na doiciméid ghéillte ag deireadh Sheachtain na Cásca agus ba é an chéad duine den seachtar é a cuireadh chun báis an 3ú Bealtaine 1916.

  • 1:25PM
    Scannán: Curious George (TS)

    Scannán: Curious George (TS)

    (2006, beochan) Will Ferrell an príomhaisteoir sa scannán seo faoi stiúir Matthew O'Callaghan. Is fear uasal é an fear a mbíonn an hata buí air a thugann aire dá pheata beag - moncaí - peata fiosrach agus aoibhinn a ligeann dá dhíograis an ceann is fearr a fháil air!

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Is Mise (GS)

    Is Mise (GS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Ríona ag Foghlaim Peil Ghaelach

    Tá Ríona ar bís chun tabhairt faoin bPeil Ghaelach. Buailfidh sí leis an bpeileadóir Aoife agus taispeánfaidh sí di a mbeidh ag teastáil inniu uaithi - bróga peile, liathróid agus culaith reatha. Cuirfidh Ríona uirthi a culaith reatha agus déanfaidh sí féin agus Aoife roinnt aclaíochta ar dtús. Múinfidh Aoife roinnt scileanna do Ríona. Gheobhaidh Ríona deis a bheith ina báireoir agus bíonn sí an-sásta nuair a éiríonn léi féin cúl a scóráil ar Aoife.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 12

    Cumhacht na mBláthanna

    Tá iontas ar Monty go bhfuil tóir ag gach duine ar bhláthanna.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 23

    Ding Dong

    Foghlaimeoidh na hulchabháin ó na seangáin le hoibriú as lámh a chéile.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 29

    Léim Níos Airde

    Tá balún Shailí i bhfostú sa chrann agus níl sí féin ná Nic in ann léim sách ard len é a fháil.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 30

    Bí Mall

    Tá Nic agus Sailí ag iarraidh pictiúr a tharraingt d'fhéileacán ach níl siad in ann dul sách gar dó. Tabharfaidh an Cat na gasúir chun casadh le Malachaí an spadán.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 51

    Mála Nua Alvin

    Buann Brittany mála galánta ach nach milleann Alvin uirthi é trí thimpiste.

  • 4:13PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 4, Eipeasóid 9

    Dónall Dána agus an tEolas Rúnda

    Tá slándáil sonraí imithe sa gcloigeann ag Learaí.

  • 4:24PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 42

    Poll Nathracha

    Glacann Angelo páirt sa chomórtas teilifíse 'Poll Nathracha'.

  • 4:35PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    Scéal Mhúslaí agus Dreoilín & Foo-tite

    Tá slaghdán ar na gasúir uilig inniu. Insíonn Jeremy scéal dóibh faoi bheirt darb ainm Dreoilín agus Múslaí a chas ar a chéile fadó in áit thar a bheith ársa agus draíochtúil ar a dtugtar an "Coláiste"! Bíonn Foo seasta síoraí ag briseadh rudaí ar a chuid cairde mar go bhfuil sé chomh fiáin. Féachann a chairde le cabhrú leis a bheith beagán níos cúramaí.

  • 5:00PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 2, Eipeasóid 59

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 112

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Scannán : Robots

    Scannán : Robots

    (2005, Beochan, Eachtra, Scannán Grinn) Is iad Ewan McGregor, Halle Berry agus Mel Brooks na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Chris Wedge. I ndomhan na róbat, téann róbat, ar aireagóir é, ar thuras chuig an gcathair mhór le dul ag obair i gcomhlacht ach faigheann sé amach go bhfuil an dream atá ina bhun cam.

  • 7:12PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 112

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:15PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 112

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Tithe Cois Farraige (OS & TS)

    Tithe Cois Farraige (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Gaillimh

    Sraith 8 gclár a thabharfaidh léargas ar áilleacht agus ar éagsúlacht árais chónaithe le cósta in Éirinn. Ar chósta Chonamara i nGaillimh a bheidh Síle Nic Chonaonaigh sa chlár seo. Tabharfaidh sí cuairt ar mhuintir Foyle sa gClochán agus ansin rachaidh sí ó dheas chun cuairt a thabhairt ar Eoin agus Cecilia Keenan ina dteach álainn traidisiúnta ach comhaimseartha ag an am céanna.

  • 8:00PM
    GAA 2019

    GAA 2019Sraith 19, Eipeasóid 13

    Buaicphointí na gcluichí a imríodh ag an deireadh seachtaine - cluichí i gCraobhchomórtais Iomána Chlubanna Chorcaí agus Luimnigh ina measc.

  • 9:00PM
    Glór Tíre Togha & Rogha (OS & TS)

    Glór Tíre Togha & Rogha (OS & TS)Sraith 14, Eipeasóid 3

    An ceathrú sraith déag de Ghlór Tíre le togha agus rogha an cheoil. Beidh mór uaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Johnny Brady, Patrick Feeney, Mike Denver, Shawn Cuddy, Muintir Sheerin & Cliona Hagan.

  • 9:30PM
    Iomramh an Chamino/The Camino Voyage (OS & TS)

    Iomramh an Chamino/The Camino Voyage (OS & TS)

    Tabharfaidh na ceoltóirí Glen Hansard, Breanndán Ó Beaglaoich, an t-ealaíontóir Liam Holden chomh maith leis an saor cloiche Breanndán Ó Muircheartaigh agus an file Domhnaill Mac Síthigh (1951 -2017) thuras an Camino - turas farraige 2,500KM as Éirinn go Tuaisceart na Spáinne.

  • 11:15PM
    Fir, Marú agus Grá (OS & TS)

    Fir, Marú agus Grá (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    David Bourke

    Sraith ina gcaitear súil ar chásanna dúnmharaithe in Éirinn inar mharaigh an fear a chéile nó a leannán. I mí Lúnasa 2007, rinne David Bourke glaoch éigeandála gutháin 999 ag iarraidh otharchairr dá bhean Jean Gilbert. Dúirt sé go raibh sí sáite aige ach go raibh sí fós ina beatha. Bhí a dtriúr páistí sa seomra inar tháinig lucht an otharchairr uirthi. Tugadh chun an ospidéil í, áit ar bhásaigh sí. Fiosraíodh an cás agus cúisíodh David Bourke ina dúnmharú. Phléadáil sé neamhchiontach i ndúnmharú ach ciontach i ndúnorgain. Ciontaíodh i ndúnmharú é in 2009.

  • 11:45PM
    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)

    Na Sár-Laochra Spóirt (OS & GS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Wayne Rooney / Luis Figo and Andres Iniesta /  Kenny Dalglish

    An dul chun cinn a rinne Wayne Rooney i bpeil Shasana a bheidh faoi chaibidil ar chlár na hoíche anocht chomh maith le Luis Figo agus Andres Iniesta a rinne éacht do Barcelona agus Kenny Dalglish, fear as Albain a bhfuil tóir mhór aige ar Learpholl.

  • 0:15AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 112

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:17AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 2, Eipeasóid 14

    Leave No One Behind

    Tá cruatan an tsaoil ag cur isteach go mór ar Saracen agus tá an-trua aige féin agus Riggins dá chéile. Síleann Julie gur mó suim atá ag a máthair sa bhfoireann eitpheile ná inti féin. Tá Tyra in éad leis an gcailín nua atá ag Laundry.

  • 1:10AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 112

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.