Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Sathairn 19 Eanáir

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 19

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 3

    Cá bhfuil na hEachtrannaigh?

    Ceapann Alvin go bhfuil smacht ag eachtráin ar an áit nuair a fheiceann sé Brittany ag déanamh rudaí aisteacha.

  • 7:13AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Caitheamh Aimsire Dhónaill Dhána

    Tá gasúir na scoile ag bailiú dearbhán ó bhoscaí gránach. Beartaíonn Dónall a bheith dána chun an ceann atá uaidh féin a fháil.

  • 7:24AM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 31

    Plabadh Spáis

    Ní théann dada i gceart do Winston ná do Dudley nuair a bhíonn siad ag iarraidh dul chuig an bhFéile sa spás.

  • 7:35AM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 32

    Club na Ridirí

    Nuair a bhíonn amhras ar ridire eile nach ridire ceart é Dudley Ding Dong, bíonn air a chumas a chruthú.

  • 7:47AM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 3, Eipeasóid 3

    Boc Láibe

    Taispeánann Angelo scannán scanrúil do Pheadar.

  • 7:58AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 8:00AM
    Eolaíocht le Bert

    Eolaíocht le BertSraith 1, Eipeasóid 13

    Solas agus Scáth

    Tabharfaidh Bert faoi thurgnamh a bhaineann le solas agus le scáil.

  • 8:04AM
    Eolaíocht le Bert

    Eolaíocht le BertSraith 1, Eipeasóid 1

    Leictreachas

    Tabharfaidh Bert faoi thurgnamh a bhaineann le leictreachas.

  • 8:08AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 35

    Chomh Ceanndána le Miúile

    Faigheann Furgus asal le cur in áit thralaí na málaí ach níl an t-asal sásta dul i mbun oibre!

  • 8:19AM
    Elmo Anseo

    Elmo AnseoSraith 1, Eipeasóid 3

    Páistí

    Foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi pháistí óga inniu.

  • 8:25AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 3

    Owlette agus Turas Thríona Tapaidh

    Ní mór d'Owlette muinín a bheith aici aisti féin anocht.

  • 8:37AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 3

    Céard atá i Lár an Domhain? Sraitheanna!

    Tabharfaidh an Stiúrthóir muintir Tearanódóin ar thuras speisialta ar aireagán nua - An Druil-Traein.

  • 8:50AM
    Woozle & Pip

    Woozle & PipSraith 1, Eipeasóid 5

    Feicim le mo shúil bheag

    Imreoidh na cairde cluiche.

  • 8:55AM
    Woozle & Pip

    Woozle & PipSraith 1, Eipeasóid 6

    Réaltbhuíonta

    Bíonn díomá ar na cairde nuair a imíonn an Gairdín Draíochta as radharc.

  • 9:00AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 3

    Béar Bán

    Casann Wissper le béar bán. Níl dlúthchara an bhéir bháin sásta dul ag snámh. Faigheann Wissper cúnamh ó phiongain óg, Peggy.

  • 9:08AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 21

    Zou agus Leabhar Cuimhní Nana

    Eagróidh Zou seanphictiúir Mhamó i leabhar speisialta inniu.

  • 9:20AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 3

    Ceist na Maighdine Mara san Ollmhargadh

    Is Ridirí Boird Chruinn iad Peg agus Cat i siopa troscán. Ach níl siad in ann teacht ar bhord cruinn!

  • 9:33AM
    Is Ait an Mac é Mús

    Is Ait an Mac é MúsSraith 1, Eipeasóid 3

    Róbó

    An bhfaighidh Mús agus Jeaicín an ceann is fearr ar Róbó i gcluiche fichille?

  • 9:40AM
    Bia Linn (TS)

    Bia Linn (TS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    Sílín

    Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Silíní an príomhchomhábhar ag Muireann inniu. Gheobhaidh Coco amach mar a fhásann silíní. An raibh a fhios agat go bhfásann siad ar thoim?

  • 9:55AM
    Saol Faoi Shráid (GS)

    Saol Faoi Shráid (GS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Droim ar Ais

    Ba mhaith le Ribín dul ag ceol in éineacht le Rocco ach níl aon cheol aici.

  • 10:10AM
    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS)

    Ainmhithe Beaga sa bhFiántas (OS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    Desert Babies - Evening

    Caithfimid súil ar mar a chaitheann ainmhithe óga sa bhfásach an tráthnóna.

  • 10:40AM
    The Geansaí (OS)

    The Geansaí (OS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Ladies le Liathróidí

    Fiosróidh an clár seo cúnamh, baint agus rannpháirteacht na mban sna cluichí Gaelacha agus i gCumann Lúthchleas Gael. Tá mná fós ag déanamh ceapairí do na clubanna áitiúla agus ag níochán geansaithe peile na bhfoirne faoi aois ach má tá féin, tá siad anois ag imirt na gcluichí ag an leibhéal is airde freisin agus páirteach i gcúrsaí rialachais CLG. Labhróimid le himreoirí, réiteoirí, riarthóirí agus iriseoirí atá ag iarraidh tuilleadh lucht leanúna a mhealladh chuig cluichí na mban, níos mó clúdach a fháil sna meáin agus na háiseanna agus na deiseanna céanna a bheith acu leis na fir.

  • 11:10AM
    Cluichí na Bliana

    Cluichí na BlianaSraith 11, Eipeasóid 5

    Deis eile Cluiche Ceannais Iomána Faoi 21 Laighean idir Gaillimh agus Loch Garman a imríodh ar Pháirc Uí Mhórdha, Port Laoise an 4 Iúil 2018 a fheiceáil. 4-21 ag Gaillimh in aghaidh 2-26 ag Loch Garman ab ea an scór deiridh tar éis am breise. Marcus Ó Buachalla agus Cathal Moore a bhí i mbun tráchtaireachta.

  • 12:10PM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 2, Eipeasóid 7

    Remember Me (Part 1)

    Faigheann baintreach amach go bhfuil sí ag fáil bháis agus nach bhfuil aon duine dá cuid gaolta sásta aire a thabhairt dá leanaí, John Jr., Carl agus Alicia. Geallann Charles di nach mbeidh na leanaí gan aire. Tá an grá faoi bhláth idir an tUasal Edwards agus Grace Snider.

  • 1:05PM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 2, Eipeasóid 8

    Remember Me (Part 2)

    Tá sé ag cinneadh ar Charles duine a fháil a uchtóidh leanaí Sanderson. Tá súil ag aintín Bhean Oleson Alicia a uchtú agus tá baol ann go mbeidh John Jr agus Carl ag dul ag obair ar fheirm. Tá sé ag cur as go mór do Alicia go mbeidh uirthi a cuid deartháireacha agus Grace Snider a fhágáil. Ach réitíonn an tUasal Edwards an scéal mar go bpósann sé féin agus Grace Snider agus uchtaíonn siad na gasúir ar fad.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 8

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 2:55PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 19

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 16

    Dot an Tréidlia

    Tá Dot agus Hal ag iarraidh aire mhaith a thabhairt do Scratch.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 12

    Cumhacht na mBláthanna

    Tá iontas ar Monty go bhfuil gach duine tógtha le bláthanna.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 5

    An Sleamhnán Daite

    Is fada le Bubu, Biel agus Bonie go stopfaidh an bháisteach ach is gearr go bhfeiceann siad bogha ceatha.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Bláthanna

    Tá slaghdán ar mhamaí Shailí agus tá Sailí ag iarraidh bláthanna deasa a phiocadh di le go n-aireoidh sí níos fearr.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 10

    Sioctha Fuar

    Tá an fear sneachta atá déanta ag Nic agus Sailí ag leá. Céard a dhéanfaidh siad anois?

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 33

    Is Muide Na Chipmunks

    Nuair a bhaineann grúpa nua darb ainm na "Hipmunks" barr na gcairteacha amach, féachann na Chipmunks le bheith níos fearr ná iad.

  • 4:14PM
    Camp Lakebottom

    Camp LakebottomSraith 1, Eipeasóid 2

    Arrachtach Puitigh

    Déanann MacAodh golem draíochta as cré agus déanann an golem gach a iarrann Mac Aodh air.

  • 4:25PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 4

    Cóil Cearnach

    Níl muintir Zak sásta leis na marcanna a fuair sé sa scrúdú mata. Fostaíonn siad teagascóir chun cúnamh a thabhairt dó.

  • 4:38PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 5

    An Cluiche Sacair

    Déanfaidh Zak agus a chairde gach is féidir chun an fhoireann sacair bhuí a bhualadh.

  • 4:55PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 2, Eipeasóid 31

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt.

  • 5:25PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 2, Eipeasóid 32

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá siad sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt.

  • 5:55PM
    Bailte (OS & TS)

    Bailte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Camus Uachtair

    I gCamus Uachtair, baile fearainn i nGaeltacht Chonamara, 30 míle siar ó chathair na Gaillimhe a bheidh Síle an tseachtain seo. Tá pobal de thrí scór duine ar an mbaile ina gcónaí cois cladaigh agus timpeall Chnoc Chamuis.

  • 6:25PM
    Bádóirí (OS & TS)

    Bádóirí (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    An Cruas

    Ar imeall thiar na hEorpa tá cultúr farraige ar leith atá na céadta bliain a bhaineann leis an mbád mór nó an Húicéir, bád oibre Chonamara. Is í an bád mór a chothaigh agus a choinnigh beo na pobail ba bhoichte nuair ba mheasa an saol. Tá glúin óg bádóirí anois tagtha chun cinn a bhfuil a gcroí agus a n-anam fós sna báid agus a théann chun farraige gach bliain le súil is sraith geallta Chumann Húicéirí na Gaillimhe a thabhairt leo. Tosóidh an choimhlint ina cheart an tseachtain seo ag geallta iomráiteacha Fhéile Mhic Dara.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 19

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 19

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:15PM
    Cuimhní Órga Spóirt

    Cuimhní Órga SpóirtSraith 3, Eipeasóid 1

    Súil siar ar Chiarraí v Áth Cliath i gCluiche Ceannais Shraith Peile Allianz 2017 ar Pháirc an Chrócaigh.

  • 7:25PM
    GAA Beo

    GAA BeoSraith 18, Eipeasóid 30

    Craoladh beo ar Chluiche Ceannais Chorn Mhic Cionnaith Bhanc na hÉireann idir Ard Mhacha agus Tír Eoghain. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill.

  • 9:15PM
    Glór Tíre (OS & TS)

    Glór Tíre (OS & TS)Sraith 15, Eipeasóid 2

    Jimmy Buckley

    Sa tsraith nua de Ghlór Tíre beidh seisear iomaitheoirí i dteannta Aoife Ní Thuairisg agus gach duine acu ag iarraidh an duais mhór a thabhairt leo. John Creedon, Caitríona Ní Shúilleabháin agus Jó Ní Chéide a bheidh ag moltóireacht. I measc na n-amhránaithe ceol tíre mór le rá a bheidh ar stáitse beidh Jimmy Buckley, Michael English, Mike Denver, Ciarán Rosney, Johnny Brady agus Gerry Guthrie.

  • 10:12PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 19

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 10:15PM
    Scannán: The Life Before her Eyes (TS)

    Scannán: The Life Before her Eyes (TS)

    (2007, Dráma) Uma Thurman, Evan Rachel Wood agus Eva Amurri Martino na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Vadim Perelman. Tá eachtra a tharla scór bliain ó shin fós ag goilliúint go mór ar bhean óg agus ag cur as go mór dá saol anois.

  • 11:50PM
    Orange Is the New Black (TS)

    Orange Is the New Black (TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    I Wasn't Ready

    Fágann Piper slán ag Larry, an fear a bhfuil sí geallta leis, agus géilleann sí do shaol an phríosúin. Ní fada a bhíonn sí ann nuair a bhíonn naimhde déanta aici.

  • 0:50AM
    Ceol ar an Imeall (OS & TS)

    Ceol ar an Imeall (OS & TS)Sraith 7, Eipeasóid 1

    Sa chéad chlár den tsraith seo beidh Ham Sandwich agus Wyvern Lingo sa stiúideo agus casfaidh Eithne Shortall leis an amhránaí mór le rá Mark Ronson. Á cur i láthair ag Cian Ó Cíobháin.

  • 1:20AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 19

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.