Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Máirt 18 Nollaig

  • 5:29AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 352

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 52

    Mofy, Samhlaigh

    Caithfidh an rang pictiúr a tharraingt ach níl tuairim ag Mofy cá dtosóidh sí.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 1

    Éiclips

    Rachaidh Mofy agus a cairde ar bharr cnoic le breathnú ar an éiclips.

  • 7:12AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 6

    Seó na mBuanna

    Tá seó tallainne ar siúl i gClós na mBalún ach níl a fhios ag Pip céard a dhéanfaidh sé.

  • 7:19AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 25

    Lá Breithe Gurdy

    Tugann na hOlobabanna cuireadh do gach duine chuig cóisir mhór Gurdy.

  • 7:24AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 21

    Leadóg, aon duine?

    Bíonn Matt agus Fi seasta ag féachaint ar Wimbledon ach is é Tom a chuireann siamsaíocht ar fáil don tslua.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 3

    Picnic

    Rachaidh na piscíní agus an teaghlach ar fad ar phicnic inniu.

  • 7:40AM
    Kid-E-Cats

    Kid-E-CatsSraith 1, Eipeasóid 4

    Oíche Shamhna

    Beidh na piscíní ag ceiliúradh Oíche Shamhna in éineacht lena gcairde ach cé acu an cat is scanrúla?

  • 7:45AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 38

    Antaine ag Canadh

    Is breá le hAntaine a bheith ag canadh ach tá sé ag cur as do na hainmhithe eile. An mbeidh sé in ann canadh os íseal?

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 52

    Olly an Coimeádaí Zú

    Tabharfaidh Olly cúnamh do Willie aire a thabhairt d'Alfie an eilifint.

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 1

    Caife Cois Bóthair

    Ba mhaith le Alice caifé a oscailt ach níl aon áras aici lena aghaidh.

  • 8:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 25

    Meitheal Oibre

    Tá Dot agus Hal ag iarraidh an gairdín a réiteach.

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 17

    Cnagaire Glórach

    Cuirfidh cnagaire glórach atá ag priocadh as na ballaí an t-óstán trína chéile.

  • 8:24AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 25

    Na Dreoilíní

    Faigheann Maya amach go raibh Flip i mbanna ceoil tráth agus tugann sí le chéile arís iad le haghaidh ceolchoirme.

  • 8:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 6

    Lorg na gCos

    Féachfaidh Bubu, Biel agus Bonie leis an ainmhí a d'fhág lorg coise ina dhiaidh a aimsiú.

  • 8:49AM
    Scéalta Scanrúla le Masha

    Scéalta Scanrúla le MashaSraith 1, Eipeasóid 21

    Scéal Uafásach Faoi Thoirneach & Tintreach

    Inseoidh Masha scéal uafásach faoi thoirneach agus tintreach.

  • 8:56AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 53

    Lig do Scíth

    Tugann Monty faoi deara gur maith le Violet a scíth a ligean agus tosaíonn seisean ag smaoineamh ar an tábhacht atá le sos a ghlacadh.

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 3

    Ubh Dineasáir Zou

    Aimseoidh Zou ubh dineasáir agus tabharfaidh sé aire mhaith di.

  • 9:15AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 35

    Ceist na Peinteachailíní

    Ní mó ná sásta atá na Peinteachailíní nuair a bhíonn orthu dul ag obair leis an sárléiritheoir ceoil, an Phéist.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 101

    Arm ag Tafann

    Ar chlár an lae inniu beidh capall ag spraoi, mór-rón spraíúil ag glacadh páirte i seó agus moncaí a bhfuil faitíos air roimh bhréagán.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    The Voice of Tinker Jones

    Cuireann an tOirmhinneach Alden an baile ar fad trína chéile nuair a bhíonn sé ag iarraidh cloigín don séipéal. Tairgeann Bean Oleson cloigín mór atá aici féin dó chomh maith le plaic mar chomóradh ar an ócáid. Ní bhíonn muintir an bhaile in ann a shocrú céard is ceart a dhéanamh.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 4, Eipeasóid 12

    A Family Matter

    Sraith ghrinn drámaíochta. Baintear siar as Luke é nuair a thagann a dheirfiúr Liz ar cuairt. Geallann Lorelai do Jason go n-inseoidh sí dá máthair faoin gcaidreamh atá eatarthu ach athraíonn sí a hintinn nuair a chloiseann sí Emily ag rá nach n-oirfeadh siad dá chéile. Admhaíonn Paris do Rory go bhfuil sí féin agus an tOllamh an-dáiríre faoina chéile anois. Ceapann Luke go bhfuil carr Jess goidte ag duine éigin agus tugann sé scéal do na póilíní faoi. Faigheann sé amach ina dhiaidh sin gurbh é Jess é féin a thug leis an carr.

  • 11:45AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 3, Eipeasóid 6

    Mountain Cheese - Switzerland

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna as an Eilvéis a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Tá cáil mhór cáiseanna sléibhe ar an Eilvéis a bhfuil an tríú cuid díobh fós á ndéanamh ar an mbealach traidisiúnta as bainne amh. Gheobhaidh Will amach mar a dhéantar cáis Raclette ar an mbealach traidisiúnta ar thine adhmaid. Rachaidh sé ansin go Gruyere le stair na cáise sin a fhiosrú chomh maith lena fháil amach mar a thagann na poill i gcáis Emmenthaler.

  • 12:15PM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    Síle Gorman

    Síle Gorman as Corca Dhuibhne a bheidh sa chistin inniu. Sailéad le Cáis Crozier, Casaról Mairteola agus Ispíní agus Mionbhruar Úll & Sméar Dubh a chuirfidh sí chun boird.

  • 12:45PM
    Comhrá (OS)

    Comhrá (OS)Sraith 6, Eipeasóid 24

    Is Tomás Mac Eoin, an t-amhránaí agus an file a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar chlár an lae inniu. Inseoidh sé neart scéalta do Mháirtín faoin am ar oibrigh sé le Mike Scott agus na Waterboys ar an albam "Fisherman's Blues". Taitníonn le Tomás a bheith ag scríobh faoin ngrá agus inseoidh sé faoin gcaoi a bhfuair sé spreagadh chun amhráin ar nós 'Bleán na Bó' agus 'Cailín Álainn' a chumadh. Tráchtfaidh sé chomh maith ar an uaigneas agus briseadh croí a théann leis an ól.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 4, Eipeasóid 10

    Arctic Radar

    Tá Sam ag ullmhú d'fheachtas comhdhála i California. Iarrann sé ar bhainisteoir an fheachtais, Will Bailey, breathnú ar an mbealach a scríobhann Toby óráidí. Idir an dá linn, tá sé ina thrioblóid idir CJ agus iriseoir atá mí-shásta faoin leagan amach nua atá ar an seomra preasa.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 28

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 3

    Dot an Tóraí Taisce

    Rachaidh Dot ag tóraíocht taisce.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 54

    An Beart

    Tá fadhb ag Violet nach bhfuil aon bhuachaillín beag in ann a réiteach. Tosaíonn Monty ag smaoineamh - an iad na daoine móra amháin atá in ann fadhbanna móra a réiteach?

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 15

    15. Lá Samhraidh

    Tá an teaghlach uilig ar an trá agus iad ag baint sult as an gcéad lá den samhradh. Ba mhaith le Bubu fanacht ar bharr uisce.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 17

    Leimíní Lufar

    Tá sé an-fhuar taobh amuigh ach tá Nic agus Sailí fós ag iarraidh a bheith ag spraoi.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 2, Eipeasóid 18

    An Buille

    Téann Nic agus Sailí chuig an dochtúir agus foghlaimíonn siad faoin gcroí.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! & the Chipmunks

    Alvinnn !!! & the ChipmunksSraith 2, Eipeasóid 4

    An Buachaill Nua

    Éiríonn Alvin mór le scoláire nua, Éamonn, agus féachann sé lena thaispeáint dó le bheith 'cúláilte'.

  • 4:13PM
    Breadwinners

    BreadwinnersSraith 2, Eipeasóid 27

    Cóisir Thar Oíche an Uafáis

    Le linn cóisir thar oíche, cloiseann SwaySway agus Buhdeuce cnag scanrúil ar an doras.

  • 4:25PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 36

    An Príomhoide Óg

    Faigheann chuile dhuine i rang Zak deis gairm bheatha a roghnú agus tugtar post an phríomhoide do Zak. Beidh air an lá a chaitheamh in éineacht leis an Uasal Mac Gabhann.

  • 4:38PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 9, Eipeasóid 36

    Ordóga Síos

    Tá a chuid ordóga gortaithe ag SpongeBob.

  • 4:51PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 5, Eipeasóid 13

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Beidh comórtas idir na hiomaitheoirí go bhfeicfidh siad cé is airde a chaithfidh ceaig beorach san aer. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:09PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 5, Eipeasóid 14

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Daoine ag léim de thrampailín, a thiontóidh san aer agus thiocfaidh anuas ar an gcosa ina measc. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 314

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Scéalta na nÓstán (OS & TS)

    Scéalta na nÓstán (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Baile Átha Cliath

    Sraith a thugann léargas ar ghné thábhachtach de stair shóisialta na hÉireann agus súil siar á caitheamh ar chuid de na hóstáin is mó atá luaite le stair na turasóireachta sa tír seo le seasca bliain. Tabharfaimid cuairt sa chlár seo ar Óstán Imperial Chorcaí, áit ar fhan daoine mar Charles Dickens agus Franz Liszt, Óstán an Metropole, áit ar fhan na réaltaí ó chéad Fhéile Scannán Chorcaí agus Óstán Ghuagán Barra, áit a bhfanann go leor turasóirí fós.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 28

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á cur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 352

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 352

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    7 Lá

    7 LáSraith 16, Eipeasóid 38

    Pléifear na príomhscéalta polaitíochta agus na mórscéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta. Á chur i láthair ag Páidí Ó Lionáird.

  • 8:00PM
    Ar Scoil Arís (OS & TS)

    Ar Scoil Arís (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Scoil na hAirde Móire, Cill Chiaráin

    I 1986 thug Máirtín Davy Ó Coisdealbha cuairt ar scoileanna náisiúnta ar fud Chonamara mar chuid den tsraith teilifíse 'Ar Scoil' a craoladh ar RTÉ. Labhair sé le gasúir scoile na háite faoi dhul ar scoil agus na nithe uilig a bhí rún acu a dhéanamh nuair a bheidís mór. Anois, tríocha bliain ina dhiaidh, tabharfaidh Máirtín Davy cuairt ar na scoileanna céanna sin arís, labhróidh sé le scoláirí an lae inniu chomh maith leis na hiar-scoláirí a chuir sé faoi agallamh tríocha bliain ó shin. An tseachtain seo tabharfaimid cuairt ar Scoil na hAirde Móire i gCill Chiaráin.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 31

    Tá Mo ag iarradh cuidiú le Jennifer ach is mó trioblóid atá sé sin a tharraingt idir i féin agus Colm. An bhfuil Mo ag brú Colm uaithi? Tá an cloigeann caillte ag Cóilí Jackie agus a shliocht sin ar mhuintir an bhaile. Cén deireadh a bheidh ar an scéal? Is beag nach bpógann Colm comhghleacaí leis agus é amuigh in éineacht léi. An mbeidh aiféala air faoi sin?

  • 9:00PM
    The Foster & Allen Show

    The Foster & Allen ShowSraith 3, Eipeasóid 10

    Sraith ceoil agus siamsaíochta i dteannta Mick Foster agus Tony Allen. Beidh na damhsóirí Audrey agus Avril Murphy as Glasán, an Iarmhí ar chlár na hoíche anocht agus damhsóidh siad cúpla steip. Casfaidh siad na hamhráin 'If I Were A Blackbird' agus 'The Ring Your Mother Wore' chomh maith. Is é Mike Denver aoi na hoíche anocht.

  • 9:30PM
    Togha Opry le Daniel (OS & TS)

    Togha Opry le Daniel (OS & TS)

    Fillfidh Daniel O'Donnell ar Fhóram na Mílaoise i nDoire chun an clár speisialta seo a chur i láthair. Caithfear súil siar ar roinnt de na taispeántais ab fhearr ó shraith na bliana seo. Beidh Dominic Kirwan, Isla Grant, Brendan Quinn, Derek Ryan, Sandy Kelly, Gloria, Jimmy Buckley i measc na n-amhránaithe a bheidh ar stáitse.

  • 10:30PM
    Grace Harte (OS & TS)

    Grace Harte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Sraith 3 eagrán atá suite in óstán in iarthar na tíre, óstán atá ag dul i léig faoi mar atá pósadh na lánúine atá ina bhun. Tá Leo ar iarraidh agus glactar leis go bhfuil sé marbh. Tá Grace trína chéile. Tá sí ag ceapadh gur uirthi féin atá an milleán mar gur mhinic léi an saol a shamhlú dá uireasa. Tá Danny ag coinneáil guaim air féin agus fiú ag cuidiú le corp Leo a thóraíocht.

  • 11:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 31

    Tá Mo ag iarradh cuidiú le Jennifer ach is mó trioblóid atá sé sin a tharraingt idir i féin agus Colm. An bhfuil Mo ag brú Colm uaithi? Tá an cloigeann caillte ag Cóilí Jackie agus a shliocht sin ar mhuintir an bhaile. Cén deireadh a bheidh ar an scéal? Is beag nach bpógann Colm comhghleacaí leis agus é amuigh in éineacht léi. An mbeidh aiféala air faoi sin?

  • 0:00AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    Git'er Done

    Caithfidh Taylor, an cóitseálaí, a shocrú an é Matt nó Ray Voodoo Tatum a imreoidh sa chluiche mór in aghaidh na Tigers. Tá Tim agus Lyla ag éirí an-mhór lena chéile. Cuireann Jason áit in áirithe dó féin in ionad athshlánúcháin.

  • 0:52AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 352

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:55AM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 15

    Leacacha Uisce na Patagóine

    Clár ina dtabharfar léargas ar na hoighearshruthanna i Patagonia. Tabharfaidh beirt oigheareolaithe agus grianghrafadóir a n-aghaidh ar chosán stairiúil ag taisteal ar mhuin capaill agus ag dul ar foscadh sna sléibhte. Tabharfaidh Lucas Ruiz agus Pierre Pitte léargas ar a gcuid torthaí eolaíochta maidir le hoighearshruthanna na hAirgintíne chomh maith le léargas a thabhairt ar thurgnaimh nuálacha a thugann deis dóibh dlúthstaidéar a dhéanamh ar na hoighearshruthanna agus lena fháil amach mar a bheidh cúrsaí sa todhchaí.

  • 1:55AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 352

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.