Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Céadaoin 21 Samhain

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 325

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 13

    An Phéist

    Rachaidh Mofy agus Mogu ar eachtra faoi thalamh.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 14

    Ag Dul Ag Spraoi

    Tá Mofy ag iarraidh dul ag spraoi in éineacht lena cuid cairde ach níl aon am ag aon duine le dul ag spraoi léi is cosúil.

  • 7:12AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 13

    Lá an Fhéir

    Tá Fraidy Francach imithe amú san fhéar. An bhfuil sé in am an féar a bhaint?

  • 7:19AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 6

    Eitleog

    Tá Lúbán Lúbarnach ag cuidiú le Bobble a eitleog a chur ag eitilt.

  • 7:24AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 2

    Seó Tom

    Téann na caoirigh i bhfeidhm ar gach duine lena ndamhsa ach tá Tom fós níos fearr ná iad.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 15

    Lá an Phuitigh

    Tá an sneachta imithe agus tá na piscíní ag spraoi ar an gcrandaí bogadaí. Ní fada go mbíonn siad faoi phuiteach.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 16

    Cat an Phoist

    Tabharfaidh na piscíní cúnamh do chat an phoist bearta poist atá imithe amú a sheachadadh.

  • 7:45AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 19

    Nóta Ard Phóil

    Iarrann Pól an Panda cúnamh ar Wissper. Tá sé ag iarraidh a bheith in ann canadh ach níl aon ghuth aige.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 14

    Ag Gléasadh Suas

    Tá Stan agus Olly ag iarraidh dul chuig cóisir bhréigéide ach tá culaith Stan ró-bheag aige!

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 15

    Rúbaí

    Is héileacaptar tarrthála faoi oiliúint í Rúbaí ach ní shábhálann sí an duine ceart riamh! An mbeidh Olly in ann cúnamh a thabhairt di?

  • 8:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 6

    Oíche Shamhna

    Cén teach is mó a bhfuil taibhsí ann?

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 42

    Seaicéad ar Iarraidh

    Cuidíonn ár gcairde le seaicéad atá imithe amú.

  • 8:24AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 6

    Flip in Ísle Brí

    Tá Flip in ísle brí. Bíonn sé seasta ag seinm a veidhlín agus tá sé ag cur isteach ar fheithidí an ghleanna. Socraíonn sé an gleann a fhágáil nuair a ghoidtear a veidhlín.

  • 8:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 13

    An Lá Mór

    Tá mamó agus daideo ag teacht ar cuairt agus tá na hulchabháin bheaga ag súil go mór leo.

  • 8:49AM
    Scéalta Scanrúla le Masha

    Scéalta Scanrúla le MashaSraith 1, Eipeasóid 2

    Inseoidh Masha scéal scanrúil faoi bhuachaill a bhfuil faitíos air roimh níochán.

  • 8:56AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 3

    Cluichí Dineasáir

    Samhlaíonn Monty agus Jimmy Jones an saol mar a bhí fadó.

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 28

    Zou an Cóitseálaí Spóirt

    Cuideoidh teaghlach Zou leis féin agus le Zak an traenáil a chur isteach do chluiche eitpheile.

  • 9:15AM
    Ár Scéal (OS & TS)

    Ár Scéal (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 11

    An tAsal Ceolmhar

    Tabharfaidh Úna Ní Fhlatharta cuairt ar scoileanna ar fud na tíre chun scéalta a bhailiú agus chun cabhrú leis na daltaí óga tabhairt faoi thograí móra ealaíne bunaithe ar charachtair agus ar théamaí na scéalta. Ar Scoil Mhuire i gCorr na Móna, Co. na Gaillimhe a thabharfaidh Úna cuairt inniu chun éisteacht leis an scéal faoi asal a dtaitníonn ceol leis. Déanfaidh Úna agus a cairde a gcuid uirlisí féin sula gcloisfidh siad an scéal An tAsal Ceolmhar. Seinnfidh na gasúir píosa ceoil d'Úna tar éis an scéil.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 96

    Áit na nUan

    Ar chlár an lae inniu, beidh cnagaire a bhfuil gaisce aige, marmat machaire a bhfuil ocras air agus madra atá ag iarraidh a bheith sa sorcas.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 21

    He Was Only Twelve (Part 1)

    Caitear James le linn robála bainc. Ta Charles ag iarraidh ar an Uasal Edwards teacht ar an dream a chaith é.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 3, Eipeasóid 15

    Face-Off

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Rory tinn tuirseach ag fanacht ar Jess pleananna an deireadh seachtaine a shocrú. Téann sí chuig cluiche haca in éineacht le Lane agus castar Dean agus a chailín nua uirthi ann. Ní maith le Lorelai go bhfuil Jess ag caitheamh go dona le Rory agus tugann sí faoi é! Baintear siar ceart as Emily é nuair a fheiceann sí Gran ag pógadh fear éigin.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 8, Eipeasóid 6

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Roquefort, a dhéantar as bainne amh, a bheidh faoi chaibidil ag Will inniu. Tabharfaidh Will agus Ellie a n-aghaidh ar cheantar Roquefort-sur-Soulzon chun casadh leis na daoine a dhéanann Papillon Roquefort. Comhlacht eile a bhíonn ag déanamh an chineáil sin cáise ná Carles agus tabharfaidh Will agus Ellie cuairt ar phluaiseanna aolchloiche an chomhlachta chun labhairt le Delphine Carles agus blaiseadh de na cáiseanna gorma a dhéanann sí.

  • 12:20PM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 3, Eipeasóid 5

    Niall Ó Conchúir

    Niall Ó Conchúir as 'An Canteen' sa Daingean a bheidh i dteannta Veronica sa chistin inniu. Beoir cheirde a bheidh faoi chaibidil sa chlár seo. Réiteodh sé cloicheáin i leann gealbhuí, leiceann mairteola i bpórtar Chorca Dhuibhne agus donnóga puimcín le pórtar dorcha.

  • 12:45PM
    Garraí Glas (OS)

    Garraí Glas (OS)Sraith 1, Eipeasóid 12

    Tabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar Phádraig Ó Direáin ar Inis Mór a bhíonn ag garraíodóireacht i dteannta daoine eile ar an oileán. Tabharfaidh sí cuairt chomh maith ar fheirm Naomh Tola i gCo. an Chláir áit a ndéantar cáis gabhair orgánach. Rachaidh sí chomh fada leis an dochtúir teaghlaigh Prannie Rhatigan i Sligeach a dhéanfaidh béile breá as feamainn.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 3, Eipeasóid 14

    Night Five

    Téann Bartlet chuig síciatraí mar gheall go bhfuil deacrachtaí aige titim ina chodladh ach baineann an méid a deir an síciatraí leis siar as é. Tá C.J ar a dícheall cúnamh a thabhairt d'iriseoir atá á choinneáil in aghaidh a tholla sa Chongó. Iarrann Sam ar dhlíodóir poblachtach athbhreithniú a dhéanamh ar acht nua atá beartaithe. Bíonn iontas ar Donna nuair a thairgtear post iontach eile di lasmuigh den Teach Bán.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 9

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 32

    Peataí

    Tá Dot le haire a thabhairt do chat Ruby ar an deireadh seachtaine.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 4

    Mise Beag Bídeach

    Samhlaíonn Monty agus Jimmy Jones mar a bheadh an saol dá mbeadh siad chomh beag le beacha.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 18

    Báisteach an tSamhraidh

    Lá álainn atá ann agus tá na hulchabháin bheaga ag dul ar phicnic. Bíonn gach rud réidh ach tosaíonn sé ag báisteach!

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 51

    Gormchosach

    Tá Nic agus Sailí ag caitheamh a gcuid buataisí nua ach tá siad ag dul i bhfostú sa phuiteach.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 52

    Ar an Choiréal

    Níl Nic in ann a chleas draíochta a dhéanamh i gceart.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 2, Eipeasóid 29

    Dónall Dána: An Rith Spraoi

    Caithfidh Dónall éirí den tolg agus dul ag rith lena mhuintir.

  • 4:13PM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 4, Eipeasóid 30

    Sa Chluiche

    Ba bhreá le Angelo a bheith ag imirt cluichí ar bhonn proifisiúnta.

  • 4:24PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 9

    Zak and Zeke

    Tá Zak ag campáil in éineacht lena theaghlach agus tá sé ag ligean air féin go bhfuil leathchúpla aige, Zeke.

  • 4:37PM
    Harvey Beaks (GS)

    Harvey Beaks (GS)Sraith 2, Eipeasóid 3

    An Bugaboo Nua

    Ní mó ná sásta atá Harvey go bhfuil 'Bugaboo' nua le bheith sa teaghlach. Is maith leis go mbíonn aird a thuismitheoirí go hiomlán aige féin agus níl sé ag iarraidh go n-athróidh sé sin.

  • 5:00PM
    Whiz sa Chistin (GS)

    Whiz sa Chistin (GS)Sraith 2, Eipeasóid 20

    Seó cluichí é Whiz sa Chistin atá bunaithe ar bhia. Beidh ceathrar leanaí sa chistin ar gach clár agus beidh a fhios againn cé chomh maith is atá said sa chistin nuair a chaithfidh siad tabhairt faoi dhúshlán bia agus ceisteanna go leor a fhreagairt.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 287

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 17, Eipeasóid 12

    Dunluce Castle, Co. Antrim

    Caisleán Dhún Libhse i gCo. Aontroma is ábhar do phictiúr an lae inniu. Tá an caisleán seo suite ar imeall cheann tíre Cho. Aontroma.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 9

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 325

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 325

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Junior Eurovision (OS & TS)

    Junior Eurovision (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 6

    Táthar sa tóir arís ar an amhránaí agus ar an amhrán a sheasfaidh an fód d'Éirinn i gComórtas Amhránaíochta an Junior Eurovision sa Mhionsc. Tar éis éisteachtaí ar fud na tíre - tá 32 de na hamhránaithe is fearr idir 9-14 bliana d'aois roghnaithe chun dul ar aghaidh chuig an gcomórtas ar TG4. Déanfaidh na hiomaitheoirí a ndícheall gach seachtain chun áit a bhaint amach ar stáitse mór na hEorpa. Is iad Fiachna Ó Braonáin agus Gráinne Bleasdale na moltóirí buana agus beidh aoi-mholtóir aitheanta ó stair chomórtas na ndaoine fásta leo gach seachtain. Á chur i láthair ag Eoghan McDermott.

  • 8:30PM
    Blasta (OS & TS)

    Blasta (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Luimneach

    Rachaidh an staraí bia, Máirtín Mac an Iomaire ar fud na tíre chun oidhreacht bia na hÉireann a fhiosrú agus chun eolas a chur ar oidis, airnéisí agus leabhair chócaireachta na ndaoine. Is i dTiobraid Árainn agus i Luimneach a bheidh Máirtín an tseachtain seo. Casfaidh sé le Inez, Cáit agus Joe a thaispeánfaidh dó le miasa traidisiúnta na háite a dhéanamh agus inseoidh siad an stair a bhaineann leo dó chomh maith. Beidh stobhach caoireola agus crúibíní ar bhiachlár na seachtaine seo ach cad a cheapfaidh muintir na háite díobh? Bígí linn d'oíche bia agus béaloidis in Iarsmalann Hunt!

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 11, Eipeasóid 5

    Rogha agus togha an aonú sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Hugo Duncan, Paddy O Brien, Lisa McHugh, Derek Ryan, John Hogan, Trudi Lawlor, Mike Denver, Gerry Guthrie agus Robert Mizzell.

  • 9:30PM
    Tabú (OS & TS)

    Tabú (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    Ag Teacht Slán

    Déanfaidh daoine cur síos ar a dtaithí pearsanta ar fhoréigean sa bhaile agus ar an saol a bhí acu in éineacht leis na daoine a rinne orthu é.

  • 10:30PM
    Sé Mo Laoch (OS & TS)

    Sé Mo Laoch (OS & TS)Sraith 9, Eipeasóid 6

    Sarah Griallais

    Sarah Ghriallais as Muiceanach idir Dhá Sháile i gConamara is ábhar do chlár na seachtaine seo. Tá cáil uirthi agus ar a muintir as feabhas a gcuid amhránaíochta dúchasaí. Tá Corn Uí Riada, an gradam is airde is féidir le hamhránaí ar an sean-nós a bhuachan, buaite aici agus buaite ag a muintir ocht n-uaire. Tabharfar léargas sa chlár seo ar bhean a bhfuil máistreacht aici ar a ceird, a bhfuil sárcheolmhaireacht agus soiléireacht cantaireachta aici freisin. I measc na n-aíonna ar an gclár beidh Mícheál Ó Conghaile, Lillis Ó Laoire, Meaití Jó Shéamuis, Síle Denvir agus Iarla Ó Lionáird.

  • 11:30PM
    Survivor: Game Changers (OS & TS)

    Survivor: Game Changers (OS & TS)Sraith 34, Eipeasóid 11

    Reinventing How This Game is Played

    Tá beirt de na hiomaitheoirí, a bhí mór lena chéile tráth, in aghaidh a chéile anois. Caithfidh iomaitheoir eile cinneadh a dhéanadh ar cheart dó a rún a insint dá chara dílis ar SURVIVOR.

  • 0:25AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 325

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:25AM
    An Jig Gig (OS)

    An Jig Gig (OS)Sraith 5, Eipeasóid 10

    Tá an Jig Gig ar ais arís agus sa tóir ar na damhsóirí Gaelacha is fearr sa tír. Beidh damhsóirí ó chuile chearn den tír páirteach sa gcomórtas. Caithfidh na moltóirí iomaitheoir amháin eile a roghnú le cuir ar aghaidh chuig an mbabhta leathcheannais.

  • 1:25AM
    Dáil Éireann

    Dáil ÉireannSraith 19, Eipeasóid 18

    Craoladh ar imeachtaí na maidine de riar na hoibre i nDáil Éireann.

  • 1:50AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 325

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.