Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Domhnaigh 20 Eanáir

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 20

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 7:02AM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 4

    Jeanette faoi Gheasa

    Níl Jeanette sásta a breithlá a cheiliúradh níos mó. Chreid sí i ndraíocht nuair a bhí sí níos óige, agus chuir sé as go mór di nuair a fuair sí amach nach raibh a leithéid de rud ann.

  • 7:13AM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 4

    Oíche Shamhna Dhónaill Dhána

    Is gearr go mbeidh aonach na scoile ar siúl agus caithfidh Dónall agus Learaí roinnt de na bréagáin nach mbíonn siad ag spraoi leo níos mó a thabhairt uathu.

  • 7:24AM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 33

    Seascann Craiceáilte

    Leaindeálann Winston, Dudley agus Hampton ar Phláinéad an Seascainn trí thimpiste agus casann siad le déagóir craiceáilte.

  • 7:35AM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 34

    Taibhse i mBurgar

    Scaoileann Sissy Wissy taibhse saor ó bhurgar trí thimpiste.

  • 7:47AM
    Angelo Rules (GS)

    Angelo Rules (GS)Sraith 3, Eipeasóid 4

    Ar ais ar Scoil

    Ceapann Angelo go gcabhródh sé le Seanóir filleadh ar an scoil arís.

  • 7:58AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 8:00AM
    Eolaíocht le Bert

    Eolaíocht le BertSraith 1, Eipeasóid 2

    Fuaim

    Tabharfaidh Bert faoi thurgnamh a bhaineann le fuaim inniu.

  • 8:04AM
    Eolaíocht le Bert

    Eolaíocht le BertSraith 1, Eipeasóid 3

    Maighnéadas

    Tabharfaidh Bert faoi thurgnamh a bhaineann le maighnéadas inniu.

  • 8:08AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 36

    Pearóid Chainteach

    Is maith le pearóid san óstán a bheith ag aithris ar chuile thafann, mheamhlach agus thorann a chloiseann sé! Beidh jab ag ár gcairde smacht a choinneáil ar chúrsaí.

  • 8:19AM
    Elmo Anseo

    Elmo AnseoSraith 1, Eipeasóid 4

    Uirlisí

    Foghlaimeoidh Elmo agus a chara nua Cliste níos mó faoi uirlisí ceoil inniu.

  • 8:25AM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 4

    Catboy agus an tOllscartaire-Pógó

    Tuigeann Catboy anois go gcaithfidh sé éisteacht lena chairde.

  • 8:37AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 4, Eipeasóid 4

    Céard atá i Lár an Domhain? Iontaisí!

    Leanann muintir Tearanódóin lena dturas faoi thalamh. Briseann Don iontas tríliopach Buddy trí thimpiste.

  • 8:50AM
    Woozle & Pip

    Woozle & PipSraith 1, Eipeasóid 7

    Pip, an cat

    Tá sé ag cur isteach ar Woozle go bhfuil Pip ag iarraidh a bheith ina cat.

  • 8:55AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 4

    Máirtín an Míorchat

    Tagann Máirtín an míorchat chuig teach Wissper mar go bhfuil fadhb aige - tá an baile lán le míorchait.

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 22

    Zou an Garda Tarrthála

    Is garda tarrthála é Zou inniu.

  • 9:14AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 4

    Ceist na Péintéireachta

    Teastaíonn péint chorcra nua ó na healaíontóirí iomráiteacha Peg Casso agus Vincent Van Goo (Cat) don saothar breá atá ar bun acu.

  • 9:27AM
    Is Ait an Mac é Mús

    Is Ait an Mac é MúsSraith 1, Eipeasóid 4

    Mamó

    Caithfidh Jeaicín agus Mús mamó a shábháil ón Yeti.

  • 9:34AM
    Bia Linn (TS)

    Bia Linn (TS)Sraith 2, Eipeasóid 10

    Plúr

    Sraith spleodrach cócaireachta do pháistí óga. Bí linn sa chistin go bhfeicfidh tú cé a bheidh ag cuidiú le Muireann. Plúr an príomhchomhábhar ag Muireann inniu. Déanfaidh Coco roinnt taighde faoi phlúr.

  • 9:50AM
    Saol Faoi Shráid (GS)

    Saol Faoi Shráid (GS)Sraith 1, Eipeasóid 3

    An Mactíre Bocht

    Scéal na dTrí Mhuicín á insint ag Ribín and Glibín.

  • 10:05AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 91

    Alice agus an tUan Iontaise

    Ar chlár an lae inniu, beidh moncaí atá in ann aithris a dhéanamh, dhá bhéar a bhfuil an iomarca ar a n-aire acu agus madra ar chlár scátála.

  • 10:35AM
    Gairdíní na Lus (OS & TS)

    Gairdíní na Lus (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 2

    Ullmhóidh na garraíodóirí an Index Seminum. Fillfidh an luibheolaí Emer Ní Dhúill ar an tsaotharlann lena samplaí de Raithneach Chill Airne agus leanfaidh sí lena cuid taighde. Taispeánfaidh an tIar-Stiúrthóir Dónal Ó Sionóid na Leabhair Phlandaí Ársa atá acu i mbailiúchán na nGarraithe dúinn. Tar éis roinnt mhaith blianta, cuirtear fáilte oifigiúil ar ais roimh na beacha meala chuig na Garraithe! Tá na garraíodóirí Linda Hogan agus Brendan Gilsenan ag ullmhú do thaispeántas bliantúil na mbláthanna súmhara sna bratcheapacha, comhartha go bhfuil an samhradh buailte linn!

  • 11:05AM
    Timpeall na Tíre (OS)

    Timpeall na Tíre (OS)Sraith 17, Eipeasóid 2

    Achoimre ar chuid de mhórscéalta na seachtaine mar a craoladh ar Nuacht TG4.

  • 11:35AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 2, Eipeasóid 9

    The Campout

    Téann Bean Oleson in éineacht le muintir Ingalls ar thuras campála mar go bhfuil Mary agus Laura ag tabhairt faoi thionscadal eolaíochta in éineacht. Faraor ní tharraingíonn muintir Oleson ná muintir Ingalls rómhaith le chéile ar an turas.

  • 12:30PM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 2, Eipeasóid 10

    At The End of the Rainbow

    Tagann Laura agus a cara Jonah ar phirít san abhainn agus bíonn siad ag ceapadh gur ór atá ann. Caitheann Laura an lá ag bailiú an dusta óir agus ag smaoineamh ar an saol breá a bheidh aici féin agus ag an teaghlach nuair a bheidh siadsan saibhir agus muintir Oleson bocht!

  • 1:25PM
    C.L.U.B. (OS & TS)

    C.L.U.B. (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 13

    Clár speisialta de C.L.U.B. ina gcaithfear súil siar ar an tsraith uilig agus ina dtaispeánfar na glugair a tharla le linn an taifeadta. Á chur i láthair ag John Sharpson.

  • 1:52PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 20

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 1:55PM
    GAA Beo

    GAA BeoSraith 18, Eipeasóid 31

    Craoladh beo ar Chluiche Leathcheannais Chraobh Idirmheánach na hÉireann AIB idir An Spidéal agus CLG Naomh Éanna.

  • 3:35PM
    Cluichí na Bliana

    Cluichí na BlianaSraith 11, Eipeasóid 8

    Deis eile an cluiche idir Muineachán agus Ciarraí a imríodh i gCluain Eois an 22 Iúil i gCraobhchomórtas Peile Sinsear na hÉireann a fheiceáil. Bhí sé ar cheann de na cluichí ab fhearr i gcaitheamh an tséasúir. Mac Dara Mac Donncha a bheidh i mbun tráchtaireachta.

  • 4:35PM
    Scannán : An Affair to Remember (TS)

    Scannán : An Affair to Remember (TS)

    (1957, Dráma, Scéal Grá) Is iad Cary Grant, Deborah Kerr agus Richard Denning na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Leo McCarey. Titeann beirt i ngrá agus socraíonn siad bualadh le cheile arís faoi cheann sé mhí ag an Empire State Building - ach an dtarlóidh sin?

  • 6:40PM
    Cloch le Carn (OS)

    Cloch le Carn (OS)Sraith 4, Eipeasóid 2

    Jackie Healy Rae

    Súil siar ar shaol pearsanta agus polaitíochta Jackie Healy-Rae. Tabharfaidh Rosemary, iníon Jackie, an teach sa mbaile i gCill Gharbháin a bhíodh beo le ceol agus le scéalta chun cuimhne. Déanfaidh sí cur síos ar an díomá a bhí ar a hathair nuair nár ainmnigh Fianna Fáil é le rith sa toghchán agus ar an uair nár sheas Bertie Ahern leis agus chomh bródúil is a bhí sé an lá ar toghadh chun na Dála é.

  • 7:12PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 20

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:15PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 22, Eipeasóid 20

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)

    Ollchlár Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 20

    Tá Tony ag fáil faoi réir le dul ar leathghlúin agus an cheist mhór a chur ar Bherni. Cén freagra a thabharfaidh Berni air? Tá lá na cinniúna tagtha do Mho, an bhfaighidh sí an scéal atá uaithi? An gcuirfidh gortuithe Chaitríona as dá cuid oibre nó an mbeidh sí in ann brath ar Sonia agus ar Cholm sa raidió? Baintear an chaint de Noreen nuair a thugann O'Shea le fios gurb ise a bheidh ag dul faoi dhéin John Joe ag an ospidéal. Ligeann Katy uirthi féin nár chuir sé isteach uirthi go ndearna Mack agus Dee dearmad ar lá breithe Jay.

  • 8:30PM
    An Ríl Deal (OS & TS)

    An Ríl Deal (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 7

    Táimid sa tóir ar an gcéad réalta mór eile i saol an damhsa Ghaelaigh. Tá fáilte roimh chuile chineál damhsóra Ghaelaigh, idir dhamhsa steip agus dhamhsa na scuaibe, dhamhsóirí sean-nóis agus dhamhsóirí seite, cur isteach ar an gcomórtas. Ag tabhairt breithiúnais ar na hiomaitheoirí beidh na triúr moltóirí - Breandán de Gallaí, Úna Ní Fhlatharta and Roy Galvin. Á chur i láthair ag Síomha Ní Ruairc.

  • 9:30PM
    Gradam Ceoil Braon Breise (OS & TS)

    Gradam Ceoil Braon Breise (OS & TS)

    Is as Amharclann an Waterfront i mBéal Feirste a craoladh Gradam Ceoil 2018 beo agus ina ndeachaigh breis is céad ceoltóir chun stáitse. Bhí deis ar leith ag an gcomhlacht léiriúcháin Red Shoe ar na buaiteoirí le linn an imeachta. Ní hamháin gur taifeadadh an ceol ar fad i rith an deireadh seachtaine ach taifeadadh na buaiteoirí ag baile freisin le cairde agus ag féilte don chlár speisialta seo Gradam Ceoil Braon Breise.

  • 10:30PM
    Ceol ón Chlann (OS & TS)

    Ceol ón Chlann (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 2

    The Gavin Family

    Clár faisnéise a thugann léargas ar oidhreacht theaghlaigh ceoil na hÉireann. Déantar cur síos sa chlár seo ar mhuintir Gavin as Cor an Dola, Gaillimh. D'fhás Frankie, Seán agus Noreen suas leis an gceol. Bhí teach tábhairne ag a n-athair, áit a mbíodh siad ag éisteacht le ceoltóirí mór le rá. Sheinneadar d'Uachtarán Mheiriceá, J.F. Kennedy, i 1963 nuair a tháinig sé go Gaillimh agus tá cáil an domhain mhóir ar Frankie mar gheall ar an mbaint a bhí aige leis an ngrúpa De Danann a bhunú.

  • 11:00PM
    Carole King - Natural Woman

    Carole King - Natural Woman

    Scannán faoi shaol agus shaothar Carole King, ó bhí sí ina cailín óg ag éirí aníos i Brooklyn go dtí an t-am ar bhain sí clú agus cáil amach ina scríbhneoir amhrán in éineacht lena fear céile Gerry Goffin. Scríobh sí amhráin a bhain cáil mhór amach sna 60idí, "Take Good Care of My Baby", "The Locomotion" agus "Will You Love Me Tomorrow" ina measc. D'éirigh léi féin barr na gcairteacha a bhaint amach leis na hamhráin "It's Too Late, You've Got a Friend" agus "I Feel the Earth Move". Tá breis is 400 amhrán dá cuid canta ag breis is 1,000 amhránaí ar fud an domhain mhóir go dtí seo.

  • 0:05AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 23, Eipeasóid 20

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:07AM
    Gafa ar Cheamara (OS & TS)

    Gafa ar Cheamara (OS & TS)Eipeasóid 6

    Gafa ar Cheamara

    Sraith fiadhúlra a léireoidh iontais an dúlra ar fud na cruinne. Tabharfar léiriú neamhghnách ar fhiadhúlra na hAfraice ó phictiúir agus ó scannáin a thóg lucht gairmiúil agus gnáthdhaoine a bhí san áit cheart ag an am ceart.

  • 1:10AM
    France 24

    France 24Sraith 11, Eipeasóid 20

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.