Sceideal | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Luain 18 Meitheamh

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 169

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Olivia (GS)

    Olivia (GS)Sraith 1, Eipeasóid 45

    Téann Olivia chuig an Leabharlann

    Téann Olivia chuig an leabharlann in éineacht lena hathair agus le Cian.

  • 7:13AM
    Dinosaur Train (GS)

    Dinosaur Train (GS)Sraith 2, Eipeasóid 11

    Ní Dineasár é sin

    Buaileann na páistí le Caolán ag Féile na Linne Móire agus deir sé le Tiny, Shiny agus Don nach féidir leosan cluichí dineasáir a imirt mar nach dineasáir iad.

  • 7:25AM
    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe Dineasár

    An Captaen Flinn agus na Foghlaithe DineasárSraith 1, Eipeasóid 37

    An Rí

    Cuireann an Rí comharthaí ar fud na háite agus cuireann sé gach rud trína chéile.

  • 7:37AM
    Wanda and the Alien

    Wanda and the AlienSraith 1, Eipeasóid 11

    Snáthaid Mhór

    Leanann Wanda agus Eachtrán snáthaid mhór ach nuair a théann sé amach os cionn locháin áfach ní bhíonn siad in ann dul níos faide. Úsáideann Eachtrán a chuid draíochta chun bád a dhéanamh.

  • 7:47AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 11

    Chomh Láidir le Capall

    Tá Cormac an Capall ag ceapadh go bhfuil a neart caillte aige. Tá súil aige go bhfuil réiteach na faidhbe ag Wissper.

  • 7:55AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 22

    Cearca Trína Chéile

    Bíonn rudaí aisteacha ag tarlú ar an bhfeirm san oíche. Is mór an mhaith go bhfuil Tom thart chun teacht ar an gcréatúr mistéireach.

  • 8:05AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 3

    Lá na gCoileán

    Beidh Pip agus Streak ag tabhairt aire do choileáin Barkley inniu.

  • 8:12AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 11

    An t-Óóóóstán

    Féachann Elmo agus Phoebe le fanacht ina ndúiseacht le go mbeidh siad in ann casadh leis an ulchabhán, an tUasal Scread.

  • 8:24AM
    Is Ait an Mac é Mús

    Is Ait an Mac é MúsSraith 1, Eipeasóid 11

    Rásaí

    Tá Jeaicín agus Mús ag glacadh páirte i rás carbad.

  • 8:31AM
    Zou

    ZouSraith 2, Eipeasóid 11

    Íoglú Zou

    Féachann Zou le híoglú a thógáil inniu, ach bíonn sé chomh fuar go mbíonn fonn air é a chaitheamh in aer. Ach ansin tagann Daideo chun cabhrú leis.

  • 8:44AM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 7

    Tinneas Fiacaile

    Tá fiacail le tarraingt ag Masha mar gheall go mbíonn sí ag ithe an iomarca rudaí milse.

  • 8:50AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 20

    Arsa Scratch

    Tá Dot ag iarraidh a bheith in ann a madra a thuiscint.

  • 9:02AM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 19

    Lampróga

    Teastaíonn cadhnraí ón tóirse le go mbeidh Nic, Sailí agus Cat in ann cluiche a imirt.

  • 9:15AM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 11

    Theodore Scanraithe

    Tá éisteacht ag Theodore do pháirt na hollphéiste i ndráma na scoile.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 90

    Cén chaoi le do do Dachshund a Thraenáil

    Ar chlár an lae inniu, beidh madra le liathróid phreabach, éinín ag breathnú ar an teilifís agus am scéil atá ann don ailigéadar.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 2

    The Reincarnation of Nellie (Part 2)

    Caithfidh na gasúir Nancy a choinneáil faoi smacht ag an scoil. Tá post faighte ag Hester-Sue i mBialann mhuintir Oleson.

  • 10:58AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 3

    Growin' Pains

    Briseann James rásúr Albert agus féachann sé le ceann nua a fháil dó.

  • 11:55AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 3, Eipeasóid 8

    New Farmstead Cheeses of Northern California - USA

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. Cáiseanna ceardaí agus cáiseanna lámhdhéanta feirme i Meiriceá a bheidh faoi chaibidil ag Will inniu. Tá fás mór ar dhíolachán na gcáiseanna seo le gairid agus rachaidh sé go Tuaisceart California agus chuig margadh na bhfeirmeoirí i San Francisco le casadh leo siúd is cúis leis an ngluaiseacht nua seo.

  • 12:30PM
    Dúiche (OS & TS)

    Dúiche (OS & TS)Sraith 3, Eipeasóid 5

    Caithfimid súil siar ar chuid de na scéalta a bhí againn ar an gclár le blianta beaga anuas. Ar an gclár seo tabharfaimid cuairt ar Chontae Chiarraí, áit a gcasfaimid leis an bhfeirmeoir Seán Ó Cuinn a thugann a chuid móna abhaile mar a rinne a athair agus a sheanathair roimhe, le hasal agus cliabh. Rachaimid as sin go Gaillimh chuig ionad eachtraíochta Eile Mental. Go Contae Chorcaí ar deireadh, áit a mbeidh an chéad Choinbhinsiún do Dhaoine a bhfuil Gruaig Rua orthu in Éirinn ar siúl.

  • 1:05PM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 6, Eipeasóid 6

    Welcome to the Dollhouse

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tacaíonn Lorelai le plean Taylor sráidainmneacha Star Hollows a athrú ar ais go dtí na hainmneacha a bhíodh orthu fadó, go dtí go bhfaigheann sí amach an t-ainm a bhíodh ar an tsráid ar a bhfuil an t-óstán. Cuireann scéal atá ag Rory an-iontas go deo ar Logan. Admhaíonn Richard nár cheart dó cead a bheith tugtha aige do Rory éirí as an gcoláiste agus téann sé tigh Lorelai chun an scéal a phlé léi.

  • 2:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 22

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag 7 a.m. go dtí an 10.00 am agus arís ag an 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Masha agus an Béar

    Masha agus an BéarSraith 2, Eipeasóid 22

    An Béar leis na Fiacla Géara

    Caithfidh an Béar meaisín ama a chruthú ach ar ndóigh níl Masha in ann fanacht amach uaidh!

  • 3:09PM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 10

    An Bóithrín Caol

    Oíche Shamhna atá ann agus tá sé ráite ag an bhFeirmeoir Dan agus ag Jethro le Olly agus le Bazza gan dul an Bóithrín Caol mar go bhfuil taibhsí ann.

  • 3:14PM
    PJ Masks

    PJ MasksSraith 1, Eipeasóid 3

    Owlette agus Turas Thríona Tapaidh

    Caithfidh muinín a bheith ag Owlette aisti féin anocht.

  • 3:26PM
    Cat Cliste

    Cat ClisteSraith 1, Eipeasóid 10

    Iontaise Nóinín

    Tagann Nóinín ar iontaise agus í ag tochailt sa ngairdín.

  • 3:38PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 10

    Sioctha Fuar

    Tá an fear sneachta atá déanta ag Nic agus Sailí ag leá anois!

  • 3:54PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl, beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 3:55PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 44

    Alvin an Réalta

    Ní thaitníonn sé le Alvin gur mó cáil atá ar réaltaí teilifíse ná mar atá air féin. Beartaíonn sé féin dul ar an teilifís le cáil a bhaint amach.

  • 4:06PM
    Dónall Dána (GS)

    Dónall Dána (GS)Sraith 1, Eipeasóid 37

    Bróga Nua Dhónaill Dhána

    Tá bróga nua ag teastáil ó Dhónall agus ní stopfaidh sé nó go bhfaighidh sé iad.

  • 4:17PM
    Jamie's Got Tentacles

    Jamie's Got TentaclesSraith 1, Eipeasóid 10

    Sár

    Tá Jamie ag iarraidh a bheith ina shárlaoch.

  • 4:30PM
    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding Dong

    Winston Steinburger & Sir Dudley Ding DongSraith 1, Eipeasóid 36

    Sár-Ghardaí Spáis

    Ní théann cúrsaí go maith do Winston ná do Dudley nuair a ligeann siad orthu féin gur Gardaí Spáis iad.

  • 4:40PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 1, Eipeasóid 9

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Ar an gclár inniu beidh an bhean ar a bhfuil na hingne is faide ar domhan! Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:10PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 4, Eipeasóid 10

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Inniu feicfimid iarracht ar an méid is mó péire stocaí a choimre i nóiméad amháin. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:26PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 144

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:28PM
    Irish Paint Magic

    Irish Paint MagicSraith 17, Eipeasóid 5

    Walk in the West

    Radharc álainn de thírdhreach Iarthar na hÉireann is ábhar don phictiúr seo.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 9, Eipeasóid 22

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 169

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 169

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    Hup! (OS & TS)

    Hup! (OS & TS)Sraith 2, Eipeasóid 5

    Cill Fhionnúrach

    An dara séasúr den tsraith fhuinniúil spreagúil seo, 13 clár a taifeadadh ar an láthair inarb é an ceol féin bun agus barr an scéil - níl láithreoir ná caint ná tráchtaireacht anseo - níl ann ach scoth an cheoil ó bhláth na gceoltóirí is fearr sa tír - agus bainfidh tú lán na súl freisin as cuid de na láithreacha iontacha ina bhfuil an ceol á sheinm. I gCill Fhionnúrach i gCo. an Chláir a bheimid an tseachtain seo ar a mbeidh píosa breá ceoil ó Moher, banna ceoil traidisiúnta agus an boscadóir Damien O'Reilly.

  • 8:00PM
    GAA 2018

    GAA 2018Sraith 18, Eipeasóid 20

    Súil siar ar na cluichí CLG a imríodh ar an deireadh seachtaine.

  • 9:00PM
    Féilte - Slí an Atlantaigh (OS)

    Féilte - Slí an Atlantaigh (OS)Sraith 4, Eipeasóid 2

    Dún na nGall & Sligeach

    Ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin a bheidh Féilte i mbliana agus is i nDún na nGall agus i Sligeach atá siad an tseachtain seo. I measc na nithe a bheidh faoi chaibidil anocht beidh folcadh i bhfeamainn orgánach, ceol agus damhsa, bia áitiúil agus radhairc áille an Iarthuaiscirt. Á chur i láthair ag Síle Ní Bhraonáin.

  • 9:30PM
    Scannán: Hamburger Hill (TS)

    Scannán: Hamburger Hill (TS)

    Hamburger Hill

    (1987, Scéinséir, Dráma) Anthony Barrile, Michael Boatman agus Don Cheadle na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir John Irvin. Tabharfar léargas réalaíoch ar cheann de na cathanna ba bhrúidiúla a tharla le linn Chogadh Vítneam.

  • 11:30PM
    Crainn na hÉireann (OS & TS)

    Crainn na hÉireann (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 5

    The Pedunculate Oak

    An Dair Ghallda is ábhar don chlár seo á chur i láthair ag Manchán Magan. Cuirfimid eolas ar an tábhacht a bhain leis an dair ghallda le dúch a dhéanamh fadó agus tabharfaidh Manchán cuairt ar Chanú an Lorgain atá 15 méadar ar fhad agus ar cruthú é ar chomh hard is a d'fhásadh na crainn seo fadó. Rachaidh sé as sin go Charleville le súil a chaitheamh ar chrann ar a dtugtar Rí na nDarach.

  • 0:00AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 169

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 0:05AM
    The Vampire Diaries (TS)

    The Vampire Diaries (TS)Sraith 7, Eipeasóid 8

    Hold Me, Thrill Me, Kiss Me, Kill Me

    Eagraíonn Julian agus Lily cóisir do Mary Louise agus Nora. Cuireann Damon agus Stefan plean i dtoll a chéile chun aon bhagairt ó Julian a sheachaint.

  • 0:55AM
    The Vampire Diaries (TS)

    The Vampire Diaries (TS)Sraith 7, Eipeasóid 9

    Cold as Ice

    Téann Damon agus Stefan sa tóir ar Julian agus aimsíonn é i mbaile beag taobh amuigh de Mystic Falls. Iarrann Bonnie cabhair ar Nora leis an mbailiúchán bréagán agus éiríonn siad mór lena chéile. Féachann Caroline le dul i ngleic leis an saol anois agus í ag iompar clainne. Tá imní ar Alaric go bhfuil an toircheas ag cur níos mó as di ná mar atá sí ag ligean uirthi.

  • 1:45AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 169

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.