Skip to main content
Menu

Sceidil TG4

Programme Highlights

Inniu ar TG4

Sceidil an Lae

Dé Máirt 20 Samhain

  • 5:30AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 324

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.

  • 7:00AM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 7:02AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 11

    Amhrán

    Cumann Mofy amhrán faoin úll a thit den chrann ach cailleann sí a misneach nuair nach mbíonn sí in ann an t-amhrán a chríochnú.

  • 7:07AM
    Mofy

    MofySraith 1, Eipeasóid 12

    Strainséir

    Tagann sionnach darb ainm Foxy chomh fada le Mofy agus Ciarán lena insint dóibh go bhfuil strainséir sa bhforaois.

  • 7:12AM
    Balloon Barnyard

    Balloon BarnyardSraith 1, Eipeasóid 12

    Lá na bhFaileanna

    Tá fail ar Streak bocht. Cén chaoi a bhfaighidh sé réidh leo?

  • 7:19AM
    Olobob Top

    Olobob TopSraith 1, Eipeasóid 5

    Mí-Ádh

    Bíonn Mí-Ádh ag leanúint Tib chuile áit nó go gcastar Scigire air.

  • 7:24AM
    Tractor Tom

    Tractor TomSraith 1, Eipeasóid 1

    An Fón

    Tá a fhón nua caillte ag Matt ach tá an t-ádh air go bhfuil Tom ann chun cabhrú leis é a chuardach.

  • 7:35AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 13

    Dé Domhnaigh

    Tá na piscíní ag iarraidh dul ag spraoi lena n-athair.

  • 7:40AM
    Kid E Cats

    Kid E CatsSraith 1, Eipeasóid 14

    An Phearóid Chainteach

    Caithfidh na piscíní aire a thabhairt do phearóid na comharsan.

  • 7:45AM
    Wissper

    WissperSraith 1, Eipeasóid 18

    Búir an Leoin

    Féachfaidh Wissper agus Stríocaí le cúnamh a thabhairt do leon óg búir a dhéanamh.

  • 7:52AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 12

    An Cairtín Briste

    Tá cairtín déanta ag Stan d'Eoinín don rás agus is cairtín fíor-speisialta í mar go bhfuil ríomhaire inti!

  • 7:57AM
    Olly an Veain Bheag Bhán

    Olly an Veain Bheag BhánSraith 1, Eipeasóid 13

    An Nollaig sa Zú

    Tá sé ag cur sneachta agus níl na trucailí in ann bia a thabhairt chuig na hainmhithe sa zú.

  • 8:02AM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 5

    Scanraitheoir 2.0

    An bhfuil duine ar bith níos scanrúla ná athair Dot?

  • 8:13AM
    The Furchester Hotel

    The Furchester HotelSraith 1, Eipeasóid 41

    Ag Siúl Leis an Madra

    Tugann Fergus na madraí ag siúl ach b'fhearr leis na madraí a bheith ag spraoi.

  • 8:24AM
    Maya an Bheachín

    Maya an BheachínSraith 2, Eipeasóid 5

    An Orchirosa

    Ar chlár an lae inniu, inseoidh Flip finscéal faoi bhláth draíochta agus úsáidfidh na foichí an t-eolas leis na beacha a mhealladh ón gcuasnóg agus a gcuid meala a ghoid.

  • 8:38AM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 12

    Tá Sé Chomh Fuar

    Míníonn an t-ulchabhán beag sneachta do na hulchabháin bheaga go bhfásann tuilleadh cleití orthu sa gheimhreadh chun iad a choinneáil te.

  • 8:49AM
    Scéalta Scanrúla le Masha

    Scéalta Scanrúla le MashaSraith 1, Eipeasóid 1

    Scéal fuar croíúil faoin bhforaois ghruama & feithid bheag fhaiteach

    Inseoidh Masha scéal faoi fhoraois ghruama agus feithid bheag chúthail.

  • 8:56AM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 1

    Ainmhithe mar Chairde

    Bíonn an-éad ar Jimmy Jones nuair a thagann Monty abhaile le muc ghuine na scoile don deireadh seachtaine.

  • 9:03AM
    Zou

    ZouSraith 3, Eipeasóid 27

    Zou agus an Pianó

    Tiocfaidh seanmháthair Zou agus a pianó i gcabhair ar Zou agus a chairde inniu.

  • 9:15AM
    Peg & Cat

    Peg & CatSraith 3, Eipeasóid 19

    Casann Peg le Cat

    Tá Peg ag iarraidh an cat beag atá ar strae a choinneáil mar pheata ach ní éiríonn léi é seo a mhíniú dá máthair.

  • 9:30AM
    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)

    Ainmhithe Craiceáilte (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 95

    An Dath Turtar

    Ar chlár an lae inniu, beidh firéad ag léim, moncaí a bhfuil faitíos air agus cat a cheapann gur madra é.

  • 10:00AM
    Little House on the Prairie (TS)

    Little House on the Prairie (TS)Sraith 8, Eipeasóid 20

    A Faraway Cry

    Faigheann Caroline glaoch ó sheanchara léi, Louisa, atá ag iompar clainne ach atá go dona tinn. Faigheann Louisa bás ach maireann an páiste.

  • 10:55AM
    The Gilmore Girls (TS)

    The Gilmore Girls (TS)Sraith 3, Eipeasóid 14

    Swan Song

    Sraith ghrinn drámaíochta. Tá Lorelai ag dul go Nua-Eabhrac in éineacht lena fear nua ach ní maith léi Rory agus Jess a fhágáil astu féin don deireadh seachtaine. Téann Jess chun dinnéir tigh Emily in éineacht le Rory. Cuireann Rory ina leith go raibh sé féin agus Dean ag troid nuair nach mbíonn sé sásta a insint cén fáth a bhfuil a shúil dubh.

  • 11:50AM
    Cheese Slices (TS)

    Cheese Slices (TS)Sraith 8, Eipeasóid 5

    Sraith a fhiosraíonn na scéalta agus na traidisiúin iontacha a bhaineann leis na cáiseanna is mó cáil ar domhan. I Vermont a bheidh Will agus a iníon Ellie ar chlár an lae inniu. Tabharfaidh an bheirt a n-aghaidh ar Fheirm Jasper Hills chun blaiseadh den cháis chéadair Cabot agus den cháis ghorm Baylee Hazen atá déanta ag na deartháireacha Andy agus Mateo Kehler. Tabharfaidh siad cuairt freisin ar Allison Hooper agus ar an déirí úrscothach atá aici chun blaiseadh de na cáiseanna gabhair a dhéanann sí.

  • 12:20PM
    Ó Cuisine (OS)

    Ó Cuisine (OS)Sraith 3, Eipeasóid 4

    Brian Ó Domhnaill

    Brian Danny Minnie as Anagaire a bheidh sa chistin inniu. Sailéad mozzarella le trátaí, bráthair le hanlann hollandaise agus crème brulée a réiteoidh Brian inniu.

  • 12:45PM
    Comhrá (OS)

    Comhrá (OS)Sraith 7, Eipeasóid 22

    Albert Fry

    Albert Fry, ceoltóir as Béal Feirste, a bheidh i mbun comhrá agus cainte le Máirtín Tom Sheáinín an t-seachtain seo. Labhróidh Albert faoin obair a rinne sé ag bailiú agus ag taifeadadh ceoil thar na blianta.

  • 1:15PM
    The West Wing (TS)

    The West Wing (TS)Sraith 3, Eipeasóid 13

    The Two Bartlets

    Bíonn ar Josh saoire a bhí pleanáilte aige in éineacht le Amy Gardiner, bean a bhíonn ag plé la cearta na mban, a chur ar ceal chun déileáil le cúrsaí i bPórtó Ríce. Fad a bhíonn sé ag ullmhú an lucht agóide atá i mbaol a chur ón áit glaonn sé ar sheanchara leis arb é ceannaire an ghrúpa é. Pléann CJ agus Toby na buanna a bhaineann le hidirdhealú dearfach agus iarrann Donna ar Josh cúnamh a thabhairt di sa chaoi is nach mbeidh uirthi a bheith ar dualgas giúiré.

  • 2:05PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 8

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 3:00PM
    Cúla 4 na nÓg

    Cúla 4 na nÓg

    Mír do ghasúir réamhscoile atá i Cúla4 na nÓg a thosóidh gach maidin ag a 7 a.m. go dtí a 10.00 am agus arís ag a 3p.m. i rith na seachtaine. I measc na gclár beidh Wanda and the Alien, Masha agus an Béar, QPootle, Olly an Veain Bheag Bhán agus Dinosaur Train agus neart eile.

  • 3:02PM
    Dot

    DotSraith 1, Eipeasóid 31

    Ógópógó

    Faigheann iasc órga Nev agus Dev bás.

  • 3:13PM
    Kazoops

    KazoopsSraith 1, Eipeasóid 2

    Trá sa nGairdín

    Nuair nach mbíonn Monty agus a mhuintir in ann dul chuig an trá, déanann sé trá dó féin sa bhaile.

  • 3:20PM
    Bubu & na hUlchabháin Bheaga

    Bubu & na hUlchabháin BheagaSraith 1, Eipeasóid 17

    An t-ainmhí a bhí ina ainmhí eile

    Míneoidh Mam do Bhubu faoi mheiteamorfóis de chineál nua. Tuigeann Bubu go bhfuil sí an-sásta mar atá sí agus nach bhfuil sí ag iarraidh athrú.

  • 3:31PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 49

    Bolaithe

    An boladh a bhíonn ó bhrioscaí sceallaí seacláide an boladh is fearr le Nic, ach níl a fhios ag Sailí cén boladh is ansa léi féin.

  • 3:44PM
    Cat a' Hata (GS)

    Cat a' Hata (GS)Sraith 1, Eipeasóid 50

    Níl Siad Scanrúil

    Tá Nic agus Sailí ag déanamh masc d'Oíche Shamhna agus tá siad ag iarraidh go mbeidh said an-scanrúil.

  • 4:00PM
    Cúla 4

    Cúla 4

    Beidh Cúla 4 ar an aer ón 7 gach maidin agus ón 4 tráthnóna ó Luan go hAoine. I measc na gclár iontach a bheidh ar siúl beidh Angelo Rules, Get Ace, Jungle Bunch, Camp Lakebottom, Dude that's my Ghost, Garfield agus neart eile.

  • 4:02PM
    Alvinnn !!! agus na Chipmunks

    Alvinnn !!! agus na ChipmunksSraith 1, Eipeasóid 36

    Éinín Cainteach

    Deir Alvin le cailín ag an scoil, a bhfuil sé an-mhór léi, go dtabharfaidh sé aire dá héinín cainteach.

  • 4:13PM
    Breadwinners

    BreadwinnersSraith 2, Eipeasóid 19

    Slaghd-Arán

    Tagann máthair Buhdeuce ar cuairt agus tugann sí aire dó mar go bhfuil sé tinn.

  • 4:25PM
    Zak Jinks

    Zak JinksSraith 1, Eipeasóid 8

    An Churiarracht Dhomhanda

    Tá Zak ag iarraidh curiarracht dhomhanda a shárú. Caithfidh sé pis talún a choinneáil ar a chloigeann ar feadh ocht n-uair a chloig.

  • 4:38PM
    Spongebob Squarepants (GS)

    Spongebob Squarepants (GS)Sraith 9, Eipeasóid 32

    Spórtlann Larry

    Tá giomnáisiam nua oscailte ag Larry agus tá SpongeBob tosaithe ag dul ann.

  • 4:51PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 5, Eipeasóid 4

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. An líon is mó uibheacha is féidir a scoilteadh le tarbhlasc i nóiméad amháin ina measc. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:09PM
    Dochreidte Gan Dabht (GS)

    Dochreidte Gan Dabht (GS)Sraith 5, Eipeasóid 5

    Seo é Dochreidte Gan Dabht, an clár ar a mbeidh na curiarrachtaí is aistí, is iontaí agus is dochreidte dá bhfaca tú riamh. Féachfaidh duine amháin le curiarracht nua a bhaint amach i gcúrsaí cispheile anocht. Á chur i láthair ag Eoghan Ó Loideáin.

  • 5:28PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 21, Eipeasóid 286

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 5:30PM
    Gaeil UK (OS & TS)

    Gaeil UK (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 1

    Sa tsraith nua seo, tabharfaidh Seán Mac an tSíthigh léargas ar shaol phobal na hÉireann sa mBreatain, ar obair, spórt agus caitheamh aimsire an phobail chun ceiliúradh a dhéanamh ar an stádas speisialta atá ag na Gaeil sa mBreatain. Tabharfaidh Seán cuairt ar Learpholl, ceann de na cathracha is mo a bhain na Gaeil amach agus atá ina phríomhgheata isteach chun na Breataine le blianta fada. Rachaidh Seán trasna na Pennines go Yorkshire, chuig Leeds & Huddersfield. Tháinig na céadta míle Gael chun na háite tar éis an Dara Cogadh Domhanda chun tír a bhí scriosta a atógáil.

  • 6:00PM
    Weakest Link (TS)

    Weakest Link (TS)Sraith 10, Eipeasóid 8

    Sraith Tráth na gCeist ina bhféachfaidh 9 n-iomaitheoir leis an bpota óir a thabhairt abhaile leo. Cuirfear an t-iomaitheoir is measa, dar leis na hiomaitheoirí eile, abhaile ag deireadh gach babhta go dtí nach mbeidh ach duine amháin fanta chun an t-airgead a bhuachan. Á chur i láthair ag Anne Robinson.

  • 6:57PM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 324

    Aimsir réigiúnach agus náisiúnta.

  • 7:00PM
    Nuacht TG4

    Nuacht TG4Sraith 21, Eipeasóid 324

    Mórimeachtaí an lae ó Aonad Nuachta TG4.

  • 7:30PM
    7 Lá

    7 LáSraith 16, Eipeasóid 34

    Clár cúrsaí reatha TG4 beo as Baile na hAbhann. Á chur i láthair ag Páidí Ó Lionáird.

  • 8:00PM
    Ar an Aer (OS & TS)

    Ar an Aer (OS & TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Ó Óige go hAois

    Sraith ina gcaitear súil ar shaol na Gaeltachta & na Gaeilge ó na 1960í go dtí na 1990í trí chláir ó chartlann RTÉ. Ar ghnáthchúrsaí an tsaoil a bheidh míreanna cartlainne na seachtaine seo dírithe - cúrsaí grá agus pósta, ag imeacht ón mbaile le hoideachas a fháil nó le saol níos fearr a dhéanamh dóibh féin thar lear, an t-áthas agus an t-uaigneas agus gach rud idir eatarthu. Seo léargas beag ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta ón gcartlann agus iad ag strácáil le rotha móra an tsaoil óna n-óige go dtí a seanaois. Á chur i láthair ag Micheál Ó Sé.

  • 8:30PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 23

    Tá Tadhg ar buile go bhfuil sé i gceist ag Frances bogadh go Baile Átha Cliath agus go bhfuil sí le hÁine a thabhairt léi. An mbeidh Tadhg in ann í a stopadh? Ní bhraitheann Bobbi Lee go bhfuil Berni agus Tony ceart dá chéile. An bhfuil an ceart aici? Tá Gráinne ag cur David as a mheabhair faoi chúrsaí airgid. An mbeidh aiféala ar David gur chuir sé an smaoineamh ina ceann? Tá imní ar Dee go bhfuil John Joe ag ól. An dtiocfaidh sí ar an bhfírinne?

  • 9:00PM
    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)

    Glór Tíre - Rogha & Togha (TS)Sraith 11, Eipeasóid 4

    Rogha agus togha an aonú sraith déag de Ghlór Tíre. Beidh móruaisle an cheoil tíre ar stáitse i dTeach na Céibhe leis an rogha is fearr amhrán. Ar chlár na hoíche anocht beidh Hugo Duncan, Paddy O Brien, Lisa McHugh, Derek Ryan, John Hogan, Trudi Lawlor, Mike Denver, Gerry Guthrie agus Robert Mizzell.

  • 9:30PM
    Opry le Daniel (OS & TS)

    Opry le Daniel (OS & TS)Sraith 8, Eipeasóid 3

    Isla Grant

    Fillfidh Daniel O'Donnell ar Fhóram na Mílaoise i nDoire chun clár speisialta a chur i láthair leis an amhránaí as Albain Isla Grant. Tá baint mhór ag Isla leis an gceol ó bhí sí an-óg agus bhí neart ceoil sa teach agus í ag éirí aníos. Tabharfar léargas sa chlár ar shaol Isla agus beidh neart amhrán le cloisteáil uaithi féin chomh maith le hamhráin a chasadh in éineacht le Daniel.

  • 10:30PM
    Keeping Faith (TS)

    Keeping Faith (TS)Sraith 1, Eipeasóid 6

    Nuair a fhaightear carr Evan ag na dugaí, tugtar Faith isteach chuig na póilíní len í a cheistiú. Féachann Steve le cúnamh a thabhairt ach ní fada go dtarraingíonn sé an dlí air féin. Faigheann Tom amach rúin mhóra faoina mhac; mura n-athróidh Bethan béasa is é a pósadh a bheidh siar leis agus féachann Faith le socrú faoi rún a dhéanamh le Dr. Alpay.

  • 11:40PM
    Ros na Rún (OS & GS)

    Ros na Rún (OS & GS)Sraith 23, Eipeasóid 23

    Tá Tadhg ar buile go bhfuil sé i gceist ag Frances bogadh go Baile Átha Cliath agus go bhfuil sí le hÁine a thabhairt léi. An mbeidh Tadhg in ann í a stopadh? Ní bhraitheann Bobbi Lee go bhfuil Berni agus Tony ceart dá chéile. An bhfuil an ceart aici? Tá Gráinne ag cur David as a mheabhair faoi chúrsaí airgid. An mbeidh aiféala ar David gur chuir sé an smaoineamh ina ceann? Tá imní ar Dee go bhfuil John Joe ag ól. An dtiocfaidh sí ar an bhfírinne?

  • 0:10AM
    Friday Night Lights (TS)

    Friday Night Lights (TS)Sraith 5, Eipeasóid 10

    Don't Go

    Fostaíonn coláiste mór le rá an Cóitseálaí Taylor. Féachann Vince le háit a fháil ar an bhfoireann arís. Labhraíonn cairde agus muintir Tim ar a shon ag a éisteacht parúil. Eagraítear féasta mór spóirt d'fhoireann East Dillon.

  • 1:02AM
    An Aimsir Láithreach

    An Aimsir LáithreachSraith 22, Eipeasóid 324

    An Aimsir Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

  • 1:05AM
    Fíorscéal (OS & TS)

    Fíorscéal (OS & TS)Sraith 19, Eipeasóid 11

    An Afraic Theas: Aisling Amú

    Is gearr go mbeidh sé 100 bliain ó rugadh Nelson Mandela agus go mbeidh an Afraic ag ceiliúradh na hócáide sin ach cén chuma atá ar an tír anois? Is cosúil go bhfuil leath na tíre i mbochtaineacht agus go bhfuil caimiléireacht go leor ar bun san ANC. Tá saibhreas mór fós ag an gcine bán sa tír agus is beag dóchas atá ag an gcine dubh go rachaidh siad chun cinn.

  • 2:10AM
    France 24

    France 24Sraith 10, Eipeasóid 324

    Cainéal nuachta 24 uair an chloig na Fraince atá i France 24. Bíonn an clár á chraoladh beo as Páras. Tá 180 iriseoir ag an stáisiún ar fud an domhain mhóir a thugann tuairiscí cuimsitheacha agus cumasacha chuig an lucht féachana ar imeachtaí móra laethúla.