Tithe Cois Uisce

Siamsaíocht

Is sraith 8 gclár é 'Tithe Cois Uisce' a leanann an tsraith 'Tithe Cois Farraige', a raibh an-tóir uirthi. Tá muintir na hÉireann ag cur fúthu cois uisce leis na mílte bliain - in áiteanna rite le cósta, cois abhann i lár tíre agus ar bhruacha aibhneacha. Tabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar shuímh éagsúla sa tsraith seo chun bualadh le daoine a bhfuil a n-áit chónaithe déanta acu in áiteanna eisceachtúla cois uisce.

Béarla G

Is sraith 8 gclár é 'Tithe Cois Uisce' a leanann an tsraith 'Tithe Cois Farraige', a raibh an-tóir uirthi. Tá muintir na hÉireann ag cur fúthu cois uisce leis na mílte bliain - in áiteanna rite le cósta, cois abhann i lár tíre agus ar bhruacha aibhneacha. Tabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar shuímh éagsúla sa tsraith seo chun bualadh le daoine a bhfuil a n-áit chónaithe déanta acu in áiteanna eisceachtúla cois uisce.

Tearmainn

Eipeasóid 8 , Tearmainn

S1 E8 25m

Tabharfaidh Síle cuairt san eagrán seo ar Mhicheál Ó Grálaigh agus ar a bhean Máire Ní Thóibín a raibh fanacht fada orthu go bhfuair siad an teach ceart ar Phromanád Rinn na Mara i mBóthar na Trá, Gaillimh. Tabharfaidh sí cuairt freisin ar an 'Lost Cottage', tearmann ó Dhia, atá neadaithe i gCo. Chiarraí - teach a bhí i bhfad ar bealach ag an úinéir Brian Spain ach ar bhfiú ar fad é....

Glúnta

Eipeasóid 7 , Glúnta

S1 E7 25m

Casfaidh Síle le teaghlaigh sa gclár seo a bhfuil cónaí orthu in aice le huisce agus déanfaidh cur síos di ar an tábhacht atá leis sin dóibh. ...

Athrú Aeráide

Eipeasóid 6 , Athrú Aeráide

S1 E6 25m

Casfaidh Síle le dá theaghlach atá an choinsiasach faoin athrú aeráide agus a rinne tithe dá réir. Tá an file agus ball d'Aosdána, Paddy Bushe ina chónaí cois uisce sa gCoireán, Co. Chiarraí le leithchéad bliain. Tabharfaidh sé léargas do Shíle ar an athrú mór atá tagtha ar timpeallacht ansin san am sin. Casfaidh Síle le Nicholas agus le Annie Bowan freisin a bhfuil teach éighníomhach déanta acu sa Sciobairín....

Oileáin

Eipeasóid 5 , Oileáin

S1 E5 25m

I dteannta lucht oileán a bheidh Síle sa gclár seo a dhéanfaidh cur síos di ar na deacrachtaí a bhaineann le teach a thógáil ar oileán mar atá a fhios go maith ag Máirtín Ó Conceanainn and Síghle Cotter ar Inis Mór. Tabharfaidh Mary O'Driscoll cuntas di ar an stair a bhaineann leis an Teach Mór ar Reachlainn agus gheobhaidh sí léargas ar an saol ar an mBlascaod Mór agus mar a chaitheann beirt é atá fostaithe le haire a thabhairt don oileán....

Faoi Cheilt

Eipeasóid 4 , Faoi Cheilt

S1 E4 25m

Casfaidh Síle le daoine a shocraigh a n-áit chónaithe a dhéanamh in áiteanna an-chúlráideach. Ar bhruach inbhir in oirthuaisceart Dhún na nGall a rinne an t-innealtóir Antóin Mac Gabhann a theach. Tá áit a muintire ar Loch Finne feabhsaithe ag Gillian Beare agus ag a deartháir agus ar áit álainn é le héalú ann. ...

Dearthóirí

Eipeasóid 3 , Dearthóirí

S1 E3 25m

Casfaidh Síle Nic Chonaonaigh leis an ailtire Tarla Mac Gabhann i dTír Chonaill ar dtús i 'Breac House' atá suite i gCorrán Binne. Buailfidh sí ina dhiaidh sin le Melanie agus lena fear céile Martin Hamill i Loch Cuan i gCo. an Dúin a thaispeánfaidh a dteach álainn di a dhear agus a thóg siad féin. ...

Spás

Eipeasóid 2 , Spás

S1 E2 25m

Tabharfaidh Síle Nic Chonaonaigh cuairt ar áiteanna cónaithe neamhghnácha agus ina mbaintear úsáid ar leith as spás. Casfaidh sí le Kealan Murphy, surfálaí a chónaíonn i veain champála, le PJ Norris atá ina chónaí ar bháirse ar abhainn agus le JP agus Katis Simpson ina dteach modúlach....

Uisce Mar Inspioráid

Eipeasóid 1 , Uisce Mar Inspioráid

S1 E1 25m

Sa gclár seo, casann Síle Nic Chonaonaigh leis an ealaíontóir Donnacha Quilty sna Forbacha i nGaillimh, le Tracey Jeffery ó Tracey's Farmhouse Kitchen i mBaile Nua na hArda, Co. an Dúin agus leis an suathaire Veronica Lydon i Leitir Ard, Co. na Gaillimhe - triúr a fhaigheann inspioráid ón uisce mórthimpeall orthu ina gcuid oibre....