Eipeasóid 6
S1 E6 48m
Ceapann muintir na háite go bhfuil cuid den mhilleán ar Inge nuair a gabhtar a fear céile as éigniú agus dúnmharú Anneke....
Fuarthas corp cailín 16 bliain d'aois gar d'ionad do lucht iarrtha tearmainn san Ísiltír in 1999. Tá an tsraith seo bunaithe ar fhíorscéal a bhí go mór i mbéal an phobail san Ísiltír ar feadh deich mbliana.
S1 E6 48m
Ceapann muintir na háite go bhfuil cuid den mhilleán ar Inge nuair a gabhtar a fear céile as éigniú agus dúnmharú Anneke....
S1 E5 50m
Feictear an dúnmharfóir sna trí bliana déag tar éis an dúnmharaithe. Is geall le brionglóid nó tromluí an choir anois....
S1 E4 49m
Cuirtear bláthanna ar uaigh Anneke gach bliain ach ní fios cé a chuireann ann iad. Tá na póilíní agus daoine ar an idirlíon ar tinneall dá bharr. An é an dúnmharfóir a chuireann ann iad?...
S1 E3 48m
Tá an méara réchúiseach Kees ag iarraidh ionad d'iarrthóirí tearmainn buan a bhunú ar an mbaile, bliain i ndiaidh an dúnmharaithe. Tá sé ag ceapadh go mbeidh muintir an bhaile níos tuisceanaí i ndiaidh seisiún eolais....
S1 E2 47m
Níl aon duine a bhfuil aithne ag Dinie orthu a thuigeann a briseadh croí agus níl tada ar intinn ag a fear céile ach teacht ar an té a mharaigh a n-iníon....
S1 E1 45m
Tá Fenna i ngrá le Jeroen ina croí istigh ach tá sé ag siúl amach le Anneke. Nuair a dúnmharaítear Anneke tapaíonn Fenna a deis Jeroen a mhealladh....