Eipeasóid 4
S1 E4 25m
Tugann Áine Ní Bhreisleáin léargas ar earnáil na folláine in Éirinn, dírítear ar an gcorp, ar an aigne agus ar an anam. Beidh Áine féin ag baint triail as na teiripí agus na táirgí is deireanaí agus casfaidh le daoine atá ag tóraíocht an tsonais. Sa gclár deiridh sa tsraith tugann Áine aghaidh ar chúrsa spioradálta in Inis Oírr, pléann sí an nasc idir folláine agus sonas leis an Dr Máire Treasa Ní Cheallaigh agus buaileann sí leis an scríbhneoir mór le rá Michael Harding chun comhairle fealsúnachta a fháil....



