Eipeasóid 1 , Croílár na hÉireann
S3 E1 50m
Tá Breanndán agus Cormac Ó Beaglaoich, athair agus mac, ar aistear eile ceoil ina veain champála ionúin, Beauty. Suas trí lár na tíre ó Luimneach go Fear Manach a thabharfaidh siad aghaidh an babhta seo, ag leanúint bhealach na Sionainne. Tumfaidh siad iad féin i gceol agus i gcultúr 'bholg' na tíre. I gclár a haon, fágann Cormac & Breanndán Iarthar Chiarraí agus téann go Luimneach agus as sin go hOirthear an Chláir agus suas chomh fada le Tiobraid Árann. ...



