Scúp

DrámaíochtCoirdhrámaíochtDlíthiúil/Polaitiúil

Tá foireann ‘An Nuacht’ ar ais don dara sraith agus an t-eagarthóir ‘sealadach’ Rob Cullan ar ais ag a dheasc – a bhean agus a chlann ina theannta. Ní bhíonn an saol éasca ag Cullan sa bhaile ná ag an obair áfach.

Béarla 12A

Tá foireann ‘An Nuacht’ ar ais don dara sraith agus an t-eagarthóir ‘sealadach’ Rob Cullan ar ais ag a dheasc – a bhean agus a chlann ina theannta. Ní bhíonn an saol éasca ag Cullan sa bhaile ná ag an obair áfach.

Eipeasóid 1

S2 E1 25m

Filleann Rob, a bhean agus a chlann ar Bhéal Feirste agus ar oifig na Nuachta a bhíonn trína chéile ar fad. Tá daoine imithe agus daoine eile tagtha ina n-áit. Tá Gerry, nia Chormaic, tagtha in áit Michael agus Patrick tagtha in áit Sheáin, an grianghrafadóir. Bíonn Janine an-mhór leis an bhfear gnó Joe Slattery nó go dtagann nithe a tharla dósan san am a caitheadh chun solais. ...

Eipeasóid 2

S2 E2 25m

Tapaíonn Rebecca an deis dul ag obair leis an nuachtán nuair a chasann sí le Carol. Is í Carol máthair Chrissy, buachaill ceithre bliana d’aois a bhfuil leoicéime air. Bíonn chuile dhuine san oifig ag caint ar an bhfear nua atá ag Alix. Tapaíonn Alix an deis le héad a chur ar Rob. ...

Eipeasóid 3

S2 E3 25m

Nuair a mharaítear saighdiúir óg i dtimpiste uafásach bóthair féachann an fhoireann le laoch a dhéanamh de, sin go dtagtar ar fhíseán conspóideach ar líne. Cuireann Diarmuid a chos ann nuair a athraíonn sé na socruithe a bhí déanta aige lena ghrá geal ag an nóiméad deiridh. ...

Eipeasóid 4

S2 E4 25m

Nuair a théann Victoria McIlroy ar iarraidh, déagóir óg as an áit, bíonn amhras faoi fhear atá éirithe as a chuid oibre. Cuireann an fhoireann an-suim i bhfíric faoi Chormac nach raibh ar eolas acu roimhe seo. Cé gur beag suim a bhíonn ag Gerry i scéal faoi thiománaí tacsaí áitiúil ar dtús, duine an-spéisiúil a bhíonn ann sa deireadh. Ní bhíonn a fhios ag Alix céard ar cheart di a dhéanamh nuair a thagann sí ar Victoria slán sábháilte in áit nach mbíonn súil ar bith leis. Bíonn ar Rob dul chun cainte leis an mbanc mar go bhfuil an iomarca airgid caite ag Rebecca. ...

Eipeasóid 5

S2 E5 25m

Bristear isteach san oifig agus tagann Diarmuid agus Rob ar fhear óg atá go dona tinn ar an urlár. Baintear siar as Diarmuid é nuair a fheiceann sé a iníon, atá sna déaga, ag titim anuas de dhíon an tí. Fad is a bhíonn Erin i mbaol báis faightear amach gur druga ‘dleathach’ is cúis leis an eachtra. ...

Eipeasóid 6

S2 E6 25m

Cé go bhfuil an chosúlacht air go bhfuil an chuid is measa curtha de ag Erin airíonn Diarmuid go bhfuil faillí déanta aige uirthi mar athair. Cuireann an dochtúir in iúl do Rob go bhfuil sé ríthábhachtach go leanfadh Rebecca ar aghaidh ag tógáil a cuid cógas - ach ní aontaíonn Rebecca leis an méid sin....