S3 E6 25m
Cuireann Gráinne McElwain clabhsúr leis an tsraith i nDoire agus í sa tóir ar na scéalta a bhaineann le coirn an chontae sin. Faigheann sí amach faoi Brian Óg McKeever agus mar a ainmníodh corn agus cumann ina dhiaidh. Casann sí le Colm McGuigan i nDún Geimhin chun tuilleadh eolas a fháil ar Chorn Jim McGuigan, athair Choilm. Tugann Gráinne aghaidh ar an Lúb chun scéal Chorn Seán Larkin a chloisteáil, bhí Seán Larkin ar dhuine den dream a cuireadh chun báis i nDroim Bó le linn an Chogaidh Chathartha.
Béarla
22 Bealtaine 2025