Eipeasóid 7
S1 E7 25m
Déanfar ceantair uirbeacha, ionaid phobail agus scoileanna a athrú trí gharraithe lán le plandaí dúchasacha a chur chun fiadhúlra a mhealladh ar ais. Tugtar léargas níos grinne ar chur chuige Mary Reynolds sa gclár seo....
Sa tsraith seo, déanfar ceantair uirbeacha, ionaid phobail agus scoileanna a athrú trí gharraithe lán le plandaí dúchasacha a chur chun fiadhúlra a mhealladh ar ais go dtí na háiteanna seo. Feicfear fiadhúlra agus plandaí na hÉireann ag filleadh ar áiteanna a bhí clúdaithe i coincréit tráth. Athrófar meon na n-úinéirí tí chomh maith leis na gairdíní atá acu. Cloisfear scéalta a ardódh do chroí agus feicfear athruithe as cuimse agus garraíodóirí ag iompú isteach ina gcaomhnóirí - togra amháin ag an am.
S1 E7 25m
Déanfar ceantair uirbeacha, ionaid phobail agus scoileanna a athrú trí gharraithe lán le plandaí dúchasacha a chur chun fiadhúlra a mhealladh ar ais. Tugtar léargas níos grinne ar chur chuige Mary Reynolds sa gclár seo....
S1 E6 25m
Is mian le Richard agus Neasa gairdín fiáin a chur le hais a dteach nua i Loch Garman. Táthar ag iarraidh gairdín bithéagsúil, le lochán agus bláthanna fiáine ag fás ann, seachas an talamh feirmeoireachta atá mórthimpeall orthu. Tá rún acu spás a bheidh ag an teaghlach agus an fiadhúlra in ann leas a bhaint as a chruthú....
S1 E5 25m
Is in Árainn Mhór amach ó chósta Dhún na nGall a bheifear an tseachtain seo, áit a bhfuil foireann agus daltaí Ghairmscoil Mhic Diarmada ag iarraidh spleotán talaimh taobh thiar den scoil a réiteach. Tá príomhoide agus foireann na scoile ag iarraidh nasc a dhéanamh leis an timpeallacht agus tá siad ag iarraidh deis a thabhairt do na daltaí a bheith gar d'fhiadhúlra an oileáin. Tá rún ag Mary Reynolds rang faoin aer, lochán agus plandaí dúchasacha a chur ar an láthair....
S1 E4 25m
Thóg Léan agus Micheál teach nua i gCorca Dhuibhne le gairid, bíonn an bheirt acu ag obair go lán-aimseartha agus tá triúr mac acu, mar sin ní bhíonn mórán ama acu! Tá cúnamh ag teastáil uathu gairdín a réiteach a bheidh ina thearmann d'fhiadhúlra dúchasach na tíre agus a bheidh an teaghlach ar fad in ann sásamh a bhaint as. Tá súil acu go mbeidh Mary Reynolds in ann gairdín a dhearadh a leanfaidh ar aghaidh ag fás sna blianta atá le teacht....
S1 E3 25m
Is iomaí duine idir shean agus óg a bhaineann leas as an gcraobh atá ag Conradh na Gaeilge i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, bíonn clubanna obair baile, ranganna ióga agus neart eile ar bun ann. Tá rún ag an gConradh gairdín a réiteach a chuireann an spiorad pobail sin in iúl. Faoi stiúir Mary Reynolds, d'fhéadfaí an spás uirbeach seo a iompú isteach ina thearmann do dhaoine agus d'fhiadhúlra araon!...
S1 E2 25m
Sa tsraith seo, déanfar ceantair uirbeacha, ionaid phobail agus scoileanna a athrú trí gharraithe lán le plandaí dúchasacha a chur chun fiadhúlra a mhealladh ar ais. Is ag obair ar ghairdín cúil i Ráth Eanaigh, Co. Bhaile Átha Cliath a bheifear sa gclár seo. Is iomaí gairdín in Éirinn atá ar nós an ceann seo, faiche i lár báire agus plandaí agus toim curtha ar an imeall, ach tá fear an tí, Philip, ag súil go mbeidh Mary in ann cabhrú leis tearmann do ainmhithe agus do plandaí dúchasacha a dhéanamh den ghairdín seo....
S1 E1 25m
Sa tsraith seo, déanfar ceantair uirbeacha, ionaid phobail agus scoileanna a athrú trí gharraithe lán le plandaí dúchasacha a chur chun fiadhúlra a mhealladh ar ais. Is i nDún na nGall a bheifear sa gclár seo, áit a réiteofar gairdín Des Fegan agus Eimear Ní Mhathúna. Cuirfear plandaí dúchasacha in áit an fhéir loim agus réiteoidh siad spás chun torthaí agus glasraí a chur. Díreofar ar phlandaí dúchasacha agus fiadhúlra a mhealladh ar ais chun beocht a chur sa ngairdín gortach seo....