Paddywhackery

DrámaíochtGeandrámaíochtDlíthiúil/Polaitiúil

Socraíonn Paddy Woods agus a chara Siobhán roinnt gnólachtaí a bhunú trí Ghaeilge chun leas a bhaint as na deontais atá ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Idir an dá linn bíonn taibhse Pheig Sayers ag fáinneáil thart agus socraíonn sise gur chóir di cuidiú le Paddy lena chuid oibre bíodh sé ag iarraidh cuidiú uaithi nó ná bíodh!

Béarla G

Socraíonn Paddy Woods agus a chara Siobhán roinnt gnólachtaí a bhunú trí Ghaeilge chun leas a bhaint as na deontais atá ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Idir an dá linn bíonn taibhse Pheig Sayers ag fáinneáil thart agus socraíonn sise gur chóir di cuidiú le Paddy lena chuid oibre bíodh sé ag iarraidh cuidiú uaithi nó ná bíodh!

Eipeasóid 6

S1 E6 26m

Bíonn an-deis ag Paddy agus ag Siobhán airgead mór a dhéanamh ach faigheann Paddy tairiscint níos fearr arís. Tá comhairle Pheig ag teastáil go géar uaidh....

Eipeasóid 5

S1 E5 25m

Tá Paddy ag súil má thugann sé Siobhán chuig ceoldráma Broadway go bhfanfaidh sí in éineacht leis. Ach is léir nach dtéann drámaíocht amaitéarach i bhfeidhm ar gach duine, fiú Peig....

Eipeasóid 4

S1 E4 25m

Níl ag éirí ró-mhaith le Paddy ná le Siobhán gnólachtaí a bhunú trí Ghaeilge. Socraíonn siad ar cheachtanna tiomána a eagrú trí Ghaeilge. Réitíonn deartháir Eddie amach an carr. Ach bíonn Siobhán ag coinneáil rún agus déanann Séamus iarracht í a mhealladh ar ais chuige....

Eipeasóid 3

S1 E3 22m

Leanann Paddy agus Siobhán lena n-iarrachtaí gnó a rith trí Ghaeilge. Socraíonn siad triail a bhaint as fíbíní cleamhnais trí Ghaeilge. Bíonn Peig ansin, mar is gnáth, chun comhairle a chur ar Paddy. Socraíonn Paddy gan an cíos a íoc....

Eipeasóid 2

S1 E2 25m

Socraíonn Paddy Woods agus a chara Siobhán oíche rásaíochta a eagrú chun roinnt airgid a bhailiú dá ghnólacht. Mar a deir Peig, níl a leithéid de rud ann is geallghlacadóir bocht. Ach an n-éireoidh leis an ngnólacht?...

Eipeasóid 1

S1 E1 25m

Seo é an chéad chlár sa tsraith ghrinn sé chlár seo. Socraíonn Paddy Woods agus a chara Siobhán roinnt gnólachtaí a bhunú trí Ghaeilge chun leas a bhaint as na deontais atá ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Idir an dá linn bíonn taibhse Pheig Sayers ag fáinneáil thart agus socraíonn sise gur chóir di cuidiú le Paddy lena chuid oibre bíodh sé ag iarraidh cuidiú uaithi nó ná bíodh!...