Naíonra

FaisnéisCúrsaí Daonspéise/ÁitiúlaSaolchlárOideachasúil/Foghlaim Fad Saoil

Tá léargas le feiceáil sa tsraith seo nár chonacthas in Éirinn cheana, léargas ar shaol páistí sa naíonra. Leanfar an saol i dhá naíonra thar tréimhse bliana, naíonra amháin i dTamhlacht, i mBaile Átha Cliath agus ceann eile i Mala, i gCorcaí. Go minic ní bhíonn focal Gaeilge ag na paistí seo nuair a thosaíonn siad sa naíonra agus feicfear iad ag foghlaim an dara teanga.

Béarla G

Eipeasóid 1

S2 E1 50m

Ní hiad na páistí amháin a bhíonn gafa i gcuaifeach mothúchán nuair a thosaíonn siad sa naíonra ach bíonn a muintir an-suaite freisin. Mar sin féin, éiríonn le páistí a bheith níos muiníní, scileanna nua a fhorbairt, focail nua a fhoghlaim, agus cairde nua a dhéanamh taobh istigh de chúpla mí. Is léir go bhfuil na páistí sa gclár mar chuid de phobal nua anois agus an Ghaeilge mar chuid den ghnáthshaol acu, agus níl sé ach ina thús....