S1 E3 25m
Leanann Mná na Talún ceathrar banfheirmeoirí le linn bhliain iomlán feirmeoireachta: Úna Ní Bhroin a chaith fiche bliain ag forbairt 'Feirm Orgánach Beechlawn' i mBéal Átha na Sluaighe: Hannah Doherty ar feirmeoir óg caorach í ar an teorainn idir Dún na nGall agus Doire; Bríd Ní hIcí atá ag éirí a bheith chomh féinleorga agus is féidir - ag fás glasraí, agus ag tógáil muc agus gabhar ar a gabháltas beag féin i nGaoth Dobhair; agus Clíona Ní Conghaile a thógann beithigh feola ar an tseandóigh i dtimpeallacht ar leith Inis Mór, ceann de na háiteanna bithéagsúlachta is tábhachtaí in Éirinn.
Béarla
07 Nollaig 2022