S1 E1 26m
Sa chéad chlár den tsraith Men's Sheds, cluinfimid gur shábháil an tseid beatha roinnt fear i mBaile Átha Cliath agus go saibhríonn an Scioból ar na Rosa i nDún na nGall saol na bhfear atá páirteach ann. Tá díomá ar na fir i nDún Dealgan go bhfuil an tseid dúnta arís de bharr Covid, ach in Ard Mhacha tá an tseid athoscailte agus ullmhúchán d'Aonach Nollag faoi lán seoil acu. Tá fir na mBothán i nDaingean Uí Chúis agus i gCorr na Móna ag smaoineamh ar a dtionscadail faoin aer, agus i gCathair Saidhbhín, tá an chéad cheolchoirm á reáchtáil sa tseid le dhá bhliain.
Béarla
25 Bealtaine 2023