Eipeasóid 4 , Taoide Aife
S1 E4 24m
Bhí drochbhliain ceart ag Meitheal Mara Chorca Dhuibhne ó thaobh na haimsire ach tá an ghrian ag scalladh arís. Cuirfimid aithne ar an iascaire Maidhc Ó Mainín an tseachtain seo a bhfuil bealach ar leith aige le leas a bhaint as a thaithí ar an iascach. Tabharfaidh Alec Ó Cíobháin siar ar bhóithrín na smaointe muid go dtí am ina mbítí ag iascach bradán go mídhleathach i mBaile na nGall. Tá traidisiún dhéantús na líonta á chaomhnú ag Edward Mac Gearailt. Tá pobal na leithinse ag súil le Féile Bia an Daingin agus chífimid an éireoidh le Eoin Firtéar a bhád nua a chur chun farraige....



