Love in Session

DrámaíochtClainne/DáimhCaidreamh/Coiméide RómánsúilIdirnáisiúnta

This series follows Nisse, a stressed-out Stockholm psychologist who gets fired after accidentally leaving confidential patient files on a bus. Forced to relocate, he takes a job at a local health centre in the rural town of Gagnef where he falls head over heels for Rebecka. She brightens his everyday life until she shows up at his practice one day with her boyfriend for couple's therapy.

Béarla 18

This series follows Nisse, a stressed-out Stockholm psychologist who gets fired after accidentally leaving confidential patient files on a bus. Forced to relocate, he takes a job at a local health centre in the rural town of Gagnef where he falls head over heels for Rebecka. She brightens his everyday life until she shows up at his practice one day with her boyfriend for couple's therapy.

Eipeasóid 6

S1 E6 28m

Níl a fhios ag Nisse ar cheart dó glacadh le post nua i Stócólm nó nár cheart. Ní dhéanann sé maith ar bith ar Tinder gan ann ach daoine sa tóir ar theiripe in aisce. Tagann buille maraithe na muice nuair a thagann Rebecka chun theiripe a fháil agus socraíonn Nisse filleadh ar Stócólm. Bliain níos deireanaí tar éis dó a bheith amuigh le bean agus gan aon mhaith déanta, feiceann Nisse Andreas ag pógadh bean nach n-aithníonn sé....

Eipeasóid 5

S1 E5 27m

Bíonn Nisse cráite ag cuimhneamh ar bhainis Rebecka agus Andreas, déanann sé chuile iarracht post nua a fháil agus Gagnef a fhágáil. Bíonn cúrsaí sa gclinic go dona freisin agus é ag iarraidh cabhrú le déagóir a bhfuil fóibe uirthi faoi mhadraí. Tagann Nisse deireanach chuig an bpósadh agus braon ólta aige ach bíonn rudaí ina chíor thuathail roimhe....

Eipeasóid 4

S1 E4 27m

Bíonn Nisse agus Rebecka ar aon intinn faoin oíche in Borlänge. Tugann Andreas le fios go bhfuil sé féin agus Rebecka le pósadh ach go dteastaíonn cúnamh ó Rebecka dul i ngleic leis an strus roimh an bhainis. Cé nach mbíonn Nisse i bhfách leis i ndáiríre, deir sé go gcasfaidh sé le Rebecka ina haonair chun cabhrú léi. Tá othair Nisse ag déanamh an-dul chun cinn ach is ag dul in olcas a bhíonn sé féin agus caitheann sé an Nollaig leis féin i seanóstán....

Eipeasóid 3

S1 E3 27m

Glacann Nisse le Rebecka agus Andreas do theiripe lánúine, cé go bhfuil an-chion aige ar Rebecka. Caitheann a chomhghleacaithe neart spallaí aige ach éiríonn leis a bheith proifisiúnta agus cuireann sé aithne níos fearr ar a chomharsa Micke. Cuireann a chomhghleacaithe cóisir lá breithe gan choinne ar bun do Nisse agus bíonn an-spraoi aige, sin go gcastar Rebecka air agus bíonn sé deacair aige a bheith proifisiúnta timpeall uirthi....

Eipeasóid 2

S1 E2 28m

Dúisíonn Nisse ina theach nua atá ag titim as a chéile agus é stromptha agus croíbhriste. Bíonn sé deacair air socrú síos ina phost nua agus fios maith ag a chomhghleacaithe faoin droch-cháil atá air. Tá taobh dearfach ann do Nisse agus é ag athchóiriú an tí agus sin casadh le Rebecka a bhíonn ag obair sa siopa crua-earraí, titeann sé i ngrá léi ar an bpointe. Ach nach dtagann dtagann Rebecka isteach chuige lena buachaill cara chun teiripe lánúine a fháil....

Eipeasóid 1

S1 E1 25m

Fágann an síceolaí Nisse comhaid rúnda a bhaineann lena othair ar bhus trí dhearmad. Cailleann sé a phost ach éiríonn leis a cheadúnas a choinneáil ar promhadh. Tugann a athair, ollamh síceolaíochta mór le rá, lámh dó post a fháil in Dalarna. Bíonn drogall ar Nisse glacadh leis an bpost ach ceapann a pháirtí Ebba gur an-smaoineamh é. Nuair a bhíonn an bheirt ag bogadh isteach sa teach nua, insíonn Ebba do Nisse go bhfuil sí i ngrá leis an ngníomhaire eastáit. Imíonn sí uaidh agus fágtar Nisse leis féin agus croíbhriste....