S23 E5 50m
Díríonn an clár seo ar Michael Bond. Bhí cúrsaí iomána i mbarr a réime sna nóchaidí agus ról lárnach ag foireann Uíbh Fhailí sa ré iontach sin. Ach faoi 1998 bhí an chuma ar an scéal go raibh Uíbh Fhailí ar an dé deiridh agus iad fágtha gan bainisteoir. Chuaigh siad sa seans le strainséir, Michael Bond. D'éirigh leis an fhoireann a thabhairt chomh fada le Cluiche Ceannais na hÉireann in 1998 agus fuair siad an ceann is fearr ar Chill Chainnigh.
Béarla
20 Feabhra 2025