S21 E1 50m
Is é Joe Canning, iománaí mór na Gaillimhe laoch Gael an chláir seo. Bhí clú agus cáil i ndán do Joe ón gcéad lá riamh. Cuireadh d'ualach air gurb eisean a chuirfeadh deireadh le gorta iomána na Gaillimhe. Níor éirigh leo an bua a bhaint amach ar feadh blianta fada áfach. Bhain Joe cáil náisiúnta amach de bharr a chuid sárscileanna iománaíochta ach bhí a chuid míbhuntáistí féin ag baint leis sin. Bhí Joe meáite ar Chluiche Ceannais na hÉireann a bhuachan agus ní raibh uaidh ach go mbeadh a mhuintir bródúil as.
Béarla
26 Eanáir 2023