S03 E5 25m
Bhí na buanna ar fad a bhaineann le himreoir maith ag Matt Connor, luas, scil, láidreacht agus cruinneas. Thosaigh an fear as Inis na mBreatnach ag imirt d'fhoireann sinsir Uíbh Fháilí in 1977 agus é fós ag imirt d'fhoireann na mionúr agus faoi 21. Ba é Eugene McGee a bhí ina bhainisteoir ar Uíbh Fháilí agus chuir scil Matt Connor iontas air. Bhuaigh Uíbh Fháilí craobhacha faoi 21 in 1977 agus in 1979.
Béarla
21 Meán Fómhair 2022