S17 E4 52m
Fear é Kieran Duff Átha Cliath a raibh an-tóir ag an lucht leanúna air ach fear é freisin a tharraing conspóid go minic. Ba é Duff príomhthosaí Átha Cliath sna 1980í ach bhí an cháil air lasmuigh d'Áth Cliath gurbh imreoir crua, salach fiú a bhí ann. Chuir Cluiche Ceannais na hÉireann i 1983 go mór leis sin. Ach an raibh an cháil sin tuillte aige agus cén tionchar a bhí aige air? An bhfuil níos mó ag baint leis an scéal ná mar atá ar eolas againn? Aistear fíor-phearsanta atá sa chlár seo le duine de laochra móra Átha Cliath.
Béarla
13 Márta 2019