Hola Hector: Ó Bogota go Buenos Aires

FaisnéisCúrsaí Daonspéise/ÁitiúlaSiamsaíochtTaisteal

Filleann an spailpín Hector Ó hEochagáin ar Mheiriceá Theas cúig bliana is fiche ó leag sé cos ar an mór-roinn an chéad lá riamh. Ní baol ar Hector lorg na dturasóirí a leanúint mar gur i measc phobal Mheiriceá Theas agus mhuintir na háite is fearr leis a bheith. In Bogota na Colóime a chuirfidh sé tús lena aistear, rachaidh sé as sin go Amazonia, an Bholaiv, Paragua, an Bhrasaíl agus Uragua sula mbainfidh sé ceann scríbe amach in Buenos Aires na hAirgintíne.

Béarla 16

Amazonas

Eipeasóid 3 , Amazonas

S18 E3 50m

As go brách le Hector go Amazonas, tugann sé cuairt ar chathair Manaus ar a bhealach chuig na pobail iargúlta atá ag cur fúthu sa bhforaois bháistí. Buaileann sé le seaimpín boghdóireachta ar bhruach na hAmasóine agus le treibh dúchasach atá ag glacadh le teicneolaíocht agus le cúrsaí oideachais....

An Bholaiv

Eipeasóid 2 , An Bholaiv

S18 E2 49m

Tugann Hector aghaidh ar an mBolaiv agus ar chathair La Paz atá suite go hard sna sléibhte. Baineann sé triail as leigheas traidisiúnta chun fáil réidh le tinneas airde agus buaileann sé leis an mbanchócaire is fearr sa tír. Buaileann sé le foireann sacair ansin agus faigheann sé beannacht ar bhruach Loch Titicaca....

An Cholóim

Eipeasóid 1 , An Cholóim

S18 E1 48m

Filleann an spailpín Hector Ó hEochagáin ar Mheiriceá Theas cúig bliana is fiche ó leag sé cos ar an mór-roinn an chéad lá riamh. Ní baol ar Hector lorg na dturasóirí a leanúint mar gur i measc phobal Mheiriceá Theas agus mhuintir na háite is fearr leis a bheith. In Bogota na Colóime a chuirfidh sé tús lena aistear, casfaidh sé leis an gceoltóir Katie James agus tabharfaidh sé faoi scátáil rollála sa gcathair....