Furia

DrámaíochtCoirdhrámaíochtIdirnáisiúnta

Is póilín é Asgeir atá ag iarraidh éalú óna sheansaol agus socraíonn sé féin agus a iníon bogadh go baile beag deas in iarthar na hIorua. Castar bean aisteach darbh ainm Ragna ar Asgeir nuair a tharraingítear achrann sa mbaile agus is léir nach é Asgeir amháin atá ag ceilt rud éigin. Tuigeann Asgeir go bhfuil uisce faoi thalamh éigin ar bun agus ní fada go mbíonn sé féin agus Ragna sáite i saol radacach na heite deise san Iorua agus san Eoraip.

Béarla 18

Eipeasóid 6

S2 E6 55m

Téann muintir na Polainne chun ceannairce agus tá daonlathas na hEorpa i mbaol. Tá Ellen ar a dícheall stop a chur leis an ionsaí agus iarrann Asgeir cúnamh ar Chief. Tá cruinniú mullaigh NATO ar tí tosú agus tá uair na cinniúna tagtha don Aire Dlí agus Cirt....

Eipeasóid 5

S2 E5 1h

Tá Krajewski agus a bhean chéile tógtha ina ngialla Ellen agus tugann sí chuig an stáisiúin teilifíse i Vársá iad. Ní mór do Asgeir agus Tereza briseadh isteach i trádstóras chun fianaise a fháil. Tá rialtas na hIorua go mór faoi bhrú roimh chruinniú mullaigh NATO....

Eipeasóid 4

S2 E4 58m

Téann Ellen ag obair faoi rún chun teacht ar Mateusz Krajewski agus tarraingítear trioblóid ar Asgeir agus ar Ziminov ag an teorainn. Tá Tarje i bponc, caithfidh sé cinneadh a dhéanamh taobhú lena dheirfiúr nó lena chara....

Eipeasóid 3

S2 E3 56m

Is léir do Ellen agus Asgeir anois gur mealladh isteach i ngaiste iad agus caithfidh siad cúnamh a fháil éalú. Bíonn drochthoradh ar an méid a tharlaíonn i mBúdaipeist don Aireacht Dlí agus Cirt agus don PST....

Eipeasóid 2

S2 E2 55m

Téann Ellen agus Asgeir go Búdaipeist agus fuadar fúthu chun Ziminov a ghabháil le cabhair ón CIA. Bíonn imní ar Chief agus ar Ellen go gcaillfidh Asgeir an cloigeann nuair a chasfar an té a mharaigh máthair a pháiste air....

Eipeasóid 1

S2 E1 1h 11m

Tá Asgeir in Lofoten ag leanúint rian airgid chun teacht ar Ziminov. B'éigean do Ellen filleadh ar an mbaile chun aire a thabhairt dá hathair atá ag dul in aois ach is fada léi go mbeidh sí in ann dul ar ais ag obair leis an PST. Tá imní ag teacht ar Tarje agus ar an Aire Dlí agus Cirt faoin méid bagairtí atá á dhéanamh ar Jonas ar líne....