Families like Ours

DrámaíochtFicsean Eolaíochta/Scéinséir/TodhchaíochIdirnáisiúnta

Tá leibhéil an uisce ag ardú sa Danmhairg agus is gearr go mbeidh ar dhaoine an áit a fhágáil. Tá Laura ar tí an meánscoil a fhágáil ach nuair a scaiptear an scéal faoin aslonnú athraítear a saol agus saol a teaghlaigh go deo.

18

Tá leibhéil an uisce ag ardú sa Danmhairg agus is gearr go mbeidh ar dhaoine an áit a fhágáil. Tá Laura ar tí an meánscoil a fhágáil ach nuair a scaiptear an scéal faoin aslonnú athraítear a saol agus saol a teaghlaigh go deo.

Eipeasóid 7

S1 E7 50m

Tá post faighte ag Laura i mbialann agus caitheann sí an lá ag cuimhneamh ar Elias. Caitheann Laura an Nollaig léi féin agus bíonn cumha uirthi i ndiaidh a muintir. Téann sí chuig bainis sa bhFionlainn áit ar chastar Elias arís uirthi....

Eipeasóid 6

S1 E6 50m

Níl cuma rómhaith ar chúrsaí faoi láthair. Tugtar leathmharú ar Elias agus fágtar ar thrá sa bPolainn é. Bíonn Laura ag fanacht ar Elias ach faigheann sí an traein go Búcairist nuair nach dtagann sé. Buaileann Laura lena máthair agus bíonn an bheirt an-sásta feadh scaithimh....

Eipeasóid 5

S1 E5 50m

Tá an chuid is mó de mhuintir na Danmhairge imithe as an tír ach tá neart eile fós ag fágáil. Socraíonn Jacob dul chuig na póilíní nuair a fhaigheann sé amach faoin mbealach a d'fhág Laura an tír. Caileann Jacob a chead oibre mar gheall ar na póilíní agus cailleann an teaghlach an t-árasán. Sroicheann Laura an Rúis agus cuireann sí glaoch ar Elias....

Eipeasóid 4

S1 E4 50m

Tá Fanny ar tí aghaidh a thabhairt ar an Rómáin agus tá Fanny agus Laura ag iarraidh cuma an mhisnigh a chur orthu féin. Socraíonn Laura dul in éineacht lena máthair ar deireadh. Ní éiríonn le Jacob intinn Laura a athrú ach éiríonn leis airgead agus an gunna a chur i mála Laura sula bhfágann sí....

Eipeasóid 3

S1 E3 50m

Bíonn seirbhís eaglasta ag muintir na Danmhairge chun deireadh an stáit a chomóradh. Insíonn Fanny dá teaghlach go mbeidh sí ag dul chuig an Rómáin seachas dul go Páras agus bíonn Laura croíbhriste....

Eipeasóid 2

S1 E2 50m

Tá chuile dhuine faoi bhrú go háirithe Peter atá i bhfiacha. Bíonn Jacob ar tí an teach a dhíol ach tarraingíonn an ceannaitheoir siar ag ceapadh go bhfuil eolas ón taobh istigh ag Jacob. Ní bhíonn d'airgead ag an teaghlach ach an méid atá sa mbanc acu agus bíonn air Jacob aghaidh a thabhairt ar Pháras sa tóir ar phost. Tá Laura croíbhriste i ndiaidh a máthair Fanny....

Eipeasóid 1

S1 E1 49m

Tá leibhéal na mara ag ardú agus is gearr go mbeidh ar mhuintir na Danmhairge an tír a fhágáil ach níl an pobal ar an eolas faoi sin go fóill. Tá Laura naoi mbliana déag d'aois agus fanann sí lena máthair Fanny leath den am agus lena athair Jacob an chuid eile den am. Bíonn Laura ar scoil nuair a chuirtear an pobal ar an eolas faoin aslonnú ach cá dtiocfaidh gach duine?...