CRÁ (Idirnáisiúnta)

DrámaíochtCoirdhrámaíocht

Cuirtear tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil, Conall Ó Súilleabháin. Tá cosc iomlán ar Chonall páirt a ghlacadh sa bhfiosrúchán ach níl baol air fanacht glan ar an gcás. Socraíonn iriseoir óg, Ciara-Kate, podchraoladh faoin gcás a thosú.

Gaeilge 16

Cuirtear tús le fiosrúchán dúnmharaithe nuair a aimsítear corp mháthair an Gharda áitiúil, Conall Ó Súilleabháin. Tá cosc iomlán ar Chonall páirt a ghlacadh sa bhfiosrúchán ach níl baol air fanacht glan ar an gcás. Socraíonn iriseoir óg, Ciara-Kate, podchraoladh faoin gcás a thosú.

Eipeasóid 1

S2 E1 45m

Cé go raibh sé ag iarraidh tosú glan as an nua ní bhíonn an dara rogha ag an mbleachtaire faoi oiliúint, Conall Ó Súilleabháin, ach filleadh ar Charraig na nGall. Tosaíonn Ciara-Kate agus Barry ag fiosrú scéal Airt Uí Shúilleabháin, atá ar iarraidh.....

Eipeasóid 2

S2 E2 45m

Bíonn a chroí ina bhéal ag Conall nuair a thagtar ar thaisí daonna i gCarraig na nGall. Bíonn Conall go mór i mbéal an phobail agus muintir an bhaile in amhras gur chuidigh sé lena athair imeacht gan tásc ná tuairisc. Téann Barry agus Ciara-Kate i mbun fiosrúcháin faoi Art Ó Súilleabháin atá ar iarraidh....

Eipeasóid 3

S2 E3 44m

Baineann ainmniú na dtaisí daonna croitheadh as Carraig na nGall ar fad. Agus Conall agus Aoife i mbun dúnmharaithe a fhiosrú, titeann an t-amhras ar Iarla Gillespie. Agus an brú ag méadú agus eagla a anama air, ní fheiceann Iarla ach aon bhealach amháin as. Rabhadh: Tá íomhánna agus soilse gealánacha sa chlár seo a d'fhéadfadh cur isteach ar dhaoine a bhfuil titimeas fótaíogair orthu....

Eipeasóid 4

S2 E4 44m

Nochtann Conall ceangal ríthábhachtach a threoraíonn an fiosrúchán chuig muintir Lipsett, teaghlach a bhfuil tionchar mór acu. Agus an t-amhras ag druidim isteach ar na daoine mór le rá seo sa phobal, aimsíonn Barry fianaise a bhaineann stangadh as faoin bpáirt a bhí ag Conall in imeacht Art Ó Súilleabháin....

Eipeasóid 5

S2 E5 45m

Cuireann Conall, Aoife agus Barry tús le hoibríocht faoi cheilt agus iad ag druidim isteach ar Joe Lipsett. Ach fad is atá siad ag déanamh deifir leis an bhfianaise atá uathu a fháil, tá Iarla ag streachailt faoi mheáchan a chiontachta agus tá sé i ndeireadh na feide....

Eipeasóid 6

S2 E6 46m

Tá Iarla i mbéal a bháis agus socraíonn Conall beart a dhéanamh é féin. Tugann Conall aghaidh ar Joe Lipsett agus is léir nach féidir an fhírinne a cheilt, faigheann Conall freagraí ar cheisteanna atá á chiapadh le fada. Rabhadh: Tá íomhánna agus soilse gealánacha sa chlár seo a d'fhéadfadh cur isteach ar dhaoine a bhfuil titimeas fótaíogair orthu....