CRÁ

Drámaíocht

Cé go raibh sé ag iarraidh tosú glan as an nua ní bhíonn an dara rogha ag an mbleachtaire faoi oiliúint, Conall Ó Súilleabháin, ach filleadh ar Charraig na nGall. Baintear croitheadh as pobal beag Charraig na nGall nuair a aimsítear corp agus caitear amhras ar Chonall féin. Téann Conall agus Aoife sa tóir ar dhúnmharfóir agus tosaíonn Ciara-Kate agus Barry ag fiosrú scéal Airt Uí Shúilleabháin, atá ar iarraidh. Ní fada go dtugann snáithe an scéil chomh fada le teaghlach cumhachtach ar an mbaile iad.

BéarlaGaeilge 16

Eipeasóid 1

S2 E1 45m

Cé go raibh sé ag iarraidh tosú glan as an nua ní bhíonn an dara rogha ag an mbleachtaire faoi oiliúint, Conall Ó Súilleabháin, ach filleadh ar Charraig na nGall. Tosaíonn Ciara-Kate agus Barry ag fiosrú scéal Airt Uí Shúilleabháin, atá ar iarraidh.....

Eipeasóid 2

S2 E2 45m

Bíonn a chroí ina bhéal ag Conall nuair a thagtar ar thaisí daonna i gCarraig na nGall. Bíonn Conall go mór i mbéal an phobail agus muintir an bhaile in amhras gur chuidigh sé lena athair imeacht gan tásc ná tuairisc. Téann Barry agus Ciara-Kate i mbun fiosrúcháin faoi Art Ó Súilleabháin atá ar iarraidh....

Eipeasóid 3

S2 E3 44m

Baintear corraí as muintir Charraig na nGall nuair a dhéantar an corp a shainaithint. Téann Conall agus Aoife i mbun fiosrúcháin agus is é Iarla Gillespie is mó atá faoi amhras. Ní fheiceann Iarla ach réiteach amháin ar an scéal agus eagla a anama air. Rabhadh: Tá íomhánna agus soilse gealánacha sa chlár seo a d'fhéadfadh cur isteach ar dhaoine a bhfuil titimeas fótaíogair orthu....

Eipeasóid 4

S2 E4 44m

Dírítear an fiosrúchán ar mhuintir Lipsett nuair a thagann Conall ar leid thábhachtach. Tagann Barry ar fhianaise a thugann léargas ar an bpáirt a bhí ag Conall i gcás Airt Uí Shúilleabháin....

Eipeasóid 5

S2 E5 45m

Socraíonn Conall, Aoife agus Barry trap chun greim a fháil ar Joe Lipsett. Tá Iarla ciaptha ag an gciontacht....

Eipeasóid 6

S2 E6 46m

Tá Iarla i mbéal a bháis agus socraíonn Conall beart a dhéanamh é féin. Tugann Conall aghaidh ar Joe Lipsett agus is léir nach féidir an fhírinne a cheilt, faigheann Conall freagraí ar cheisteanna atá á chiapadh le fada. Rabhadh: Tá íomhánna agus soilse gealánacha sa chlár seo a d'fhéadfadh cur isteach ar dhaoine a bhfuil titimeas fótaíogair orthu....