Comhrá

SiamsaíochtSeó CainteSaolchlárOideachasúil/Foghlaim Fad Saoil

Cuirfidh Máirtín Tom Sheáinín agallamh ar aoí gach seachtain, mar a bhfaigheann siad deis scéal a mbeatha a insint ar a mbealach féin.

Béarla PG

Cuirfidh Máirtín Tom Sheáinín agallamh ar aoí gach seachtain, mar a bhfaigheann siad deis scéal a mbeatha a insint ar a mbealach féin.

Ciarán Ó Fátharta

Eipeasóid 12 , Ciarán Ó Fátharta

S19 E12 25m

Is é Ciarán Ó Fátharta as an Máimín, Leitir Móir a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar an gclár. Chaith Ciarán 30 bliain ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá aithne mhór air mar chumadóir amhrán agus mar pheileadóir a bhuaigh Craobh Uile-Éireann san Mionúir le Gaillimh in 1976....

Clare Horgan

Eipeasóid 11 , Clare Horgan

S19 E11 25m

Is í Clare Horgan as Uíbh Ráthach a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar an gclár. Is amhránaí ar an sean-nós agus múinteoir ceoil mór le rá í Clare, tá sí ina ball de Chór Ban Chúil Aodha agus bhí sí in a léiritheoir ceoil tráth....

An tAth. Seán Ó Conaola

Eipeasóid 10 , An tAth. Seán Ó Conaola

S19 E10 25m

Is é an tAth. Seán Ó Conaola as Doire Choill i gConamara a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar an gclár. Tá sé ina shagart leis an Ord Colmbánach le breis agus leathchéad bliain agus chaith sé chuid mhaith dá shaol ar na misin thar lear. Tá ceangal láidir aige le pobal Ros an Mhíl, áit a déanadh ceiliúradh ar a shaol sna sagairt le gairid....

Joe Bairéad

Eipeasóid 9 , Joe Bairéad

S19 E9 25m

Is é Joe Bairéad as Leitir Mealláin a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar an gclár. Tá Joe an-tógtha le cúrsaí seoltóireachta agus tá sé mar bhall de chumann cadhcála na háite freisin, áit a spreagann sé aos óg an cheantair chun tabhairt faoi chaitheamh aimsire ar an bhfarraige....

Máire Uí Rabhartaigh

Eipeasóid 8 , Máire Uí Rabhartaigh

S19 E8 25m

Is í Máire Uí Rabhartaigh as Dún Lúiche, Co. Dhún na nGall a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar an gclár. Tá a saol caite ag Máire ag plé le cúrsaí drámaíochta agus teilifíse agus tá aithne mhór uirthi as a páirt i Ros na Rún....

Seán Ó hÉanaigh

Eipeasóid 7 , Seán Ó hÉanaigh

S19 E7 25m

Is é Seán Ó hÉanaigh a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinin ar an gclár. Is i mBostún a rugadh Seán ach tógadh i gCarna i gConamara é. Chaith sé beagnach 30 bliain ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus is ceoltóir, cumadóir, agus amhránaí ar an sean-nós é freisin....

Micheál Ó Cúláin

Eipeasóid 6 , Micheál Ó Cúláin

S19 E6 24m

Is é Micheál Ó Cúláin as Indreabhán i gConamara a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar an gclár. Tá Máirtín ina phríomhoide ar an meán scoil in Inis Mór agus is amhránaí ar an sean nós é chomh maith céanna....

Teresa Gallagher

Eipeasóid 5 , Teresa Gallagher

S19 E5 24m

Is í Teresa Gallagher as Leitir Ceanainn a bheidh ag comhrá le Máirtín Tom Sheáinín ar an gclár. Is múinteoir agus síciteiripeoir í Teresa agus bhunaigh sí an charthanacht ICAP i Londain chun tacaíocht meabhairshláinte a thabhairt do phobal na hÉireann thar lear....