Ceolaireacht

FaisnéisCúrsaí Daonspéise/ÁitiúlaCeolCeol TraidisiúntaCeol na nDaoine

Rachaidh Doireann Ní Ghlacáin ag cuardach croí an cheoil i gceantair nach bhfuil chomh haitheanta sin i dtaobh an cheoil thraidisiúnta - Dún Dealgan, iarthar Luimnigh, tuaisceart an Chláir, agus a ceantar dúchais féin, tuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Béarla G

Rachaidh Doireann Ní Ghlacáin ag cuardach croí an cheoil i gceantair nach bhfuil chomh haitheanta sin i dtaobh an cheoil thraidisiúnta - Dún Dealgan, iarthar Luimnigh, tuaisceart an Chláir, agus a ceantar dúchais féin, tuaisceart Bhaile Átha Cliath.

Tír Eoghain

Eipeasóid 1 , Tír Eoghain

S4 E1 50m

Tugann an fidléir Doireann Ní Ghlacáin aghaidh ar Thír Eoghain áit a bhfuil traidisiúin an cheoil láidir fós. Casfar cuid de na ceoltóirí is fearr sa gcontae uirthi, leithéidí Dáibhidh Stiúbhard, Shane McAleer, Ryan O'Donnell, Sinéad McKenna, Séamus Mac Giolla Phádraig, Paul, Úna, Aoife, Maebh agus Ciara McGlinchey, Niall Hanna agus Cathal O'Neill. Tabharfaidh siad spléachadh ar an stíl ceoil ar leith a chloistear i dTír Eoghain....

Oirthear na Gaillimhe

Eipeasóid 2 , Oirthear na Gaillimhe

S4 E2 50m

Tugann Doireann Ní Ghlacáin aghaidh ar an Oirthear na Gaillimhe áit a bhfuil traidisiún an cheoil go láidir fós. Casfaidh sí le Seán Moloney, Páraic Mac Donncha, Conor Connolly, George Grasso, Claire agus Breda Keville, Patsy Broderick, Máirín Fahy, Claire Egan, Eoin O'Neill, Martin agus Joe Tully, agus Melissa Ní Chléirigh, chomh maith le ceoltóirí óga agus damhsóirí den scoth....

Deisceart Bhaile Átha Cliath

Eipeasóid 3 , Deisceart Bhaile Átha Cliath

S4 E3 50m

Tugann an fidléir Doireann Ní Ghlacáin aghaidh ar dheisceart Bhaile Átha Cliath chun blaiseadh a fháil de cheol traidisiúnta an cheantair i measc muintir na háite. Buaileann sí le ceoltóirí as an áit, leithéidí Peter Browne, Aidan Connolly, Róisín, Cormac, Feargal, Oisín agus Tom Chambers, Dónal Leavy, Oisín Drury, Sibéal Davitt, Maitiú Ó Casaide agus Natalie Ní Chasaide....

Tuaisceart Chiarraí

Eipeasóid 4 , Tuaisceart Chiarraí

S4 E4 49m

Tugann Doireann Ní Ghlacáin aghaidh ar Chiarraí Thuaidh sa gclár seo chun blaiseadh a fháil de cheol traidisiúnta na háite. Casfaidh sí le ceoltóirí ar nós James Duggan, Anne agus Nickie McAuliffe, Danny O'Mahony, Jonathan Kelliher, Greta Curtin, Michelle O'Sullivan, Conall Mac Thréinfhir, Paul de Grae, agus Karen Trench. Tá croí agus anam an cheantair le braith ina gcuid ceoil....