S4 E5 59m
Tagann Sigourney Weaver go Páras le haghaidh scannán nua Guillaume Galliene is ní mó ná sásta a bhíonn sí nuair a fhaigheann sí amach nach é Gaspard Ulliel a bheidh ina leannán aici sa scannán ach aisteoir atá sna hochtóidí! Bíonn sí maslaithe agus díomách agus socraíonn sí filleadh ar Mheiriceá ar an bpointe boise. Cé go n-éiríonn le Andréa a chur ina luí uirthi fanacht ní shásóidh tada Weaver ach Gaspard a bheith ina leannán aici sa scannán.
Béarla
06 Samhain 2024