Bí an Réabhlóid

Siamsaíocht

Is sraith nua 6 chlár do Bloc TG4 í 'Bí an Réabhlóid', ina ndéanfaidh Barra Ó hÉ gnéithe lena mbaineann tábhacht don saol a phlé. Ní hamháin go ndéanfaidh Barra an chúis ar cheart duit do shaol a athrú ó bhonn a phlé ach an chaoi le tabhairt faoi freisin. Clúdóidh Barra neart topaicí éagsúla sna cláir 5 nóiméad seo.

Béarla 12A

Is sraith nua 6 chlár do Bloc TG4 í 'Bí an Réabhlóid', ina ndéanfaidh Barra Ó hÉ gnéithe lena mbaineann tábhacht don saol a phlé. Ní hamháin go ndéanfaidh Barra an chúis ar cheart duit do shaol a athrú ó bhonn a phlé ach an chaoi le tabhairt faoi freisin. Clúdóidh Barra neart topaicí éagsúla sna cláir 5 nóiméad seo.

Claonadh

Eipeasóid 1 , Claonadh

S1 E1 4m

Tá ciníochas feicthe ag níos mó na leath de dhaoine idir 18-24 bliana d'aois. Ach cá gcothaítear an claonadh seo? Téigh ar thuras timpeall an domhain in éineacht le Barra (via BÁC) chun an claonadh a chur ina cheart!...

Faisean

Eipeasóid 2 , Faisean

S1 E2 4m

Cé go bhfuil muid gafa leis an bhfaisean agus le treochtaí nua, tá mearfhaisean ar cheann de na tionscail is mó a dhéanann damáiste don timpeallacht, ach conas ar féidir linn stop a chur leis an damáiste sin? ...

Imní

Eipeasóid 3 , Imní

S1 E3 5m

Beidh imní orainn ar fad uair éigin le linn an tsaoil ach tá bealaí ann le dul i ngleic leis. Mar sin, ná bíodh IMNÍ oraibh; seo chugaibh máistir an Zen Barra chun an scéal a fhiosrú!...

Bia

Eipeasóid 4 , Bia

S1 E4 5m

Tá fás ollmhór tagtha ar dhaonra an domhain (ó dhá bhilliún go seacht billiúin!) ach níl baint ach ag céatadán beag den daonra sin le cúrsaí talmhaíochta. Ar cheart duit feirm bheag a thosú i do ghairdín? ...

Tomhaltachas

Eipeasóid 5 , Tomhaltachas

S1 E5 4m

"Tá sé tábhachtach go gcaithfeá le branda ar nós gur duine é nach maith leat" . Comhairle mhaith ó @RónanODalaigh agus é ag labhairt le @Barra ar an chúrsaí tomhaltachais. ...

Corp

Eipeasóid 6 , Corp

S1 E6 3m

Ar chuala tú faoi "text neck"? Tá a lán dochair á dhéanamh againn dúinn féin go fisiciúil, dochar nach bhfuil a fhios againn dada faoi fiú. Casann Barra le saineolaí sláinte ar an gcolainn chun bealaí leis an mbrú a mhaolú a phlé. Namaste! ...