An Siopa Ealaíne

Cúla4Cula4 Pre

Is sraith ealaíne nuálach é Siopa Ealaíne atá dírithe ar ghasúir réamhscoile. Múinfidh an láithreoir Neasa scileanna ealaíne ar bhealach siamsúil agus spraíúil as a siopa féin i gcroílár an phobail i mbaile beag álainn cois farraige. Tagann a cairde ar cuairt gach lá agus iad ag lorg comhairle ealaíne uirthi. Beidh neart spraoi, spórt agus ealaíon i siopa Neasa. Fáilte isteach!

Gaeilge G

Is sraith ealaíne nuálach é Siopa Ealaíne atá dírithe ar ghasúir réamhscoile. Múinfidh an láithreoir Neasa scileanna ealaíne ar bhealach siamsúil agus spraíúil as a siopa féin i gcroílár an phobail i mbaile beag álainn cois farraige. Tagann a cairde ar cuairt gach lá agus iad ag lorg comhairle ealaíne uirthi. Beidh neart spraoi, spórt agus ealaíon i siopa Neasa. Fáilte isteach!

Eipeasóid 1

S1 E1 11m

Tabharfaidh Aoibhinn, Sarah agus Gearóid cuairt ar Neasa sa siopa ealaíne tar éis dóibh a bheith ag bailiú bruscair ar an trá. Imreoidh siad cluiche spraíúil buille faoi thuairim in éineacht le Neasa. Tabharfaidh na cailíní píosaí plaisteacha do Neasa agus déanfaidh sí turtar astu. Taispeánfaidh sí dúinn ansin lenár dturtar féin a dhéanamh sa bhaile....

Eipeasóid 2

S1 E2 11m

Bíonn Neasa sa siopa ealaíne ag cniotáil scaife nuair a thagann a cairde Gearóid, Eoin and Oisín isteach lena rá léi go bhfuil a madra Taffaí tar éis a gcuid liathróidí leadóige a phléascadh! Tugann Neasa ceirtlín olla dóibh in áit na liathróidí agus déanann sí beach as na liathróidí pléasctha. Taispeánann sí dúinne ansin conas beach a dhéanamh as liathróid leadóige. ...

Eipeasóid 3

S1 E3 11m

Bíonn Neasa sa siopa ealaíne ag scagadh bruscair chun é a athchúrsáil nuair a thagann a cairde Meadhbh, Omar agus Gearóid isteach ar cuairt. Socraíonn Neasa feadán cairtchláir ó rolla cistine a úsáid chun teileascóp a dhéanamh. Taispeánann sí dúinn ansin le teileascóp a dhéanamh agus maisíonn sí a teileascóp féin le péint agus le greamáin....

Eipeasóid 4

S1 E4 11m

Bíonn Neasa sa siopa ealaíne ag déanamh múnlaí dá lámha agus dá cosa nuair a thagann a cairde Caoimhe agus Éabha ar cuairt. Tá na cailíní ag iarraidh moltaí ó Neasa maidir lena gculaith Oíche Shamhna. Isteach le Gearóid ansin, atá ag leanúint lorg cos na gcailíní agus atá ag ceapadh go bhfuil arracht ag dul thart an baile! Socraíonn Neasa dineasár a dhéanamh as plátaí páipéir a aimsíonn sí ina bosca bruscair athchúrsála agus múinfidh sí dúinne sa bhaile ansin le 'apatosaurus' a dhéanamh as plátaí páipéir....

Eipeasóid 5

S1 E5 11m

Breithlá Neasa atá ann agus tá cáca álainn ag a cairde Ríoghnaigh, Sorcha and Gearóid di. Tugann siad cúnamh di na balúin a shéideadh dá cóisir agus imríonn siad cleas greannmhar uirthi le coinneal draíochta nach féidir a mhúchadh. Taispeánann Neasa dúinn le pictiúr de phéacóg a dhéanamh le soip agus dathanna éagsúla péint....

Eipeasóid 6

S1 E6 11m

Ní bhíonn Neasa ach tar éis madraí oragámaí a dhéanamh as páipéar sa Siopa Ealaíne nuair a thagann a cairde Fionn, Siobhán agus Gearóid ar cuairt. Tá sé an-te amuigh agus taispeánann Neasa dóibh le gaothrán a dhéanamh as páipéar. Múineann Neasa dúinne sa bhaile le hiasc a dhéanamh as páipéar ildaite. ...

Eipeasóid 7

S1 E7 11m

Tá Neasa ina siopa ealaíne agus í ag maisiú cupáin pháipéir don lá spóirt. Tosaíonn sí ag aislingeacht agus déanann dearmad ar na deochanna. Isteach lena cairde Ríona, Ruán, na garraíodóirí agus Gearóid, an fear bréige ag cuardach ábhair chun aghaidh a chur ar an bhfear bréige nua atá siad a dhéanamh. Faigheann sí inspioráid chun caoirigh a dhéanamh as na cupáin pháipéir. Taispeánann Neasa dúinn le caora dár gcuid féin a dhéanamh. ...

Eipeasóid 8

S1 E8 11m

Tá cairde Neasa Gearóid, Aoibhinn agus Beití ar an mbealach chuig an aerfort. Buaileann siad isteach chuig an Siopa Ealaíne ar an mbealach. Tugann Neasa leabhar gearrthóg dóibh le pictiúir a chur ann óna laethanta saoire mar a rinne sí fhéin nuair a bhí sí ar saoire i Nua-Eabhrac. Socraíonn sí ansin cathair Nua-Eabhrac a dhéanamh as boscaí cairtchláir agus scragall stáin....