S1 E1 50m
Sraith faisnéise ina dtugann Cormac Ó hEadhra léargas ar mhuintir na hÉireann a bhí páirteach i Réabhlóid Mheiriceá. Déanfar comóradh 250 bliain ar Réabhlóid Mheiriceá agus Forógra Saoirse Mheiriceá i mí Iúil 2026. Bhí ról suntasach ag fir agus mná as Éirinn sa gcogadh seo, ina measc bhí Stephen Moylan as Corcaigh, a chum an nath "Stáit Aontaithe Mheiriceá", John Dunlap as an Srath Bán a chur Forógra Saoirse Mheiriceá i gcló den chéad uair, agus Margaret Corbin a chuaigh i mbun troda nuair a maraíodh a fear céile. Caithfear súil ar an méid a scríobh filí in Éirinn faoin réabhlóid freisin.
Béarla
01 Iúil 2026