Nuacht | Irish Television Channel, Súil Eile | TG4 Skip to main content
Menu

Nuacht TG4

14 LÚNASA 2019 : 14:57
€500,000 aimsithe & an tríú fear gafa i gCo. an Chabháin

Tá an tríú duine gafa ag na Gardaí anois i ndiaidh iarracht a rinneadh meaisín bainc a ghoid i gCo. an Chabháin ar maidin. Fuarthas €500,000 mar chuid den fhiosrúchán faoin eachtra seo agus faoi eachtraí gadaíochta eile ar mheaisíní airgid i gceantair cois teorann. Tuigtear go bhfuarthas an t-airgead seo nuair a cuartaíodh teach i Maigh nEalta i gCo. na Mí

Tá an tríú fear a gabhadh in óstán in Achadh an Iúir á choinneáil i stáisiún Gardaí Choill an Chollaigh i gCo. an Chabháin.

Tá an bheirt fhear a gabhadh ar maidin á gcoinneáil i stáisiún Cheanannais agus Charraig Mhachaire Rois.

Tuigtear gur tharla iarracht gadaíochta na maidne inniu idir 2-3am in Achadh an Iúir sa chontae .
Bhí Gardaí in éide agus i ngnáthéide sibhialtach páirteach san iarracht leis an ghadaíocht a chosc ar an phríomhshráid. Dúnadh píosa den phríomhshráid lena linn seo. Tá na fir á gcoinneáil faoi Alt a 50 den Acht Dlí Coiriúil 2007.
Tharla níos mó ná dosaen eachtra gadaíochtaí ar mheaisíní bainc cois teorann i mbliana.

Fógraíocht