Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

Beidh an Craobhchomórtas Rugbaí Aontaithe ar fáil ar theilifís saorchraolta in Éirinn go dtí 2029

17.04.25

URC Trophy

 
Leanfaidh an craoltóir Gaeilge lena chlúdach rugbaí a bhfuil gradam bainte amach aige go ceann ceithre bliana eile agus beidh sé ina chomhpháirtí eisiach saorchraolta den URC i bPoblacht na hÉireann.

 
Leanfaidh TG4 ag craoladh cuid de na cluichí Éireannacha is mó sa séasúr mar chuid dá gcearta ina mbeidh 26 chluiche ar a laghad chomh maith le rochtain roghnaithe ar Chluichí Ceathrú Ceannais agus Leathcheannais an URC go dtí 2029.

 
Beidh an Cluiche Ceannais á chraoladh ag TG4 freisin mar chuid den mhargadh atá ann faoi láthair agus beidh siad á dhéanamh arís in 2027 agus 2029 a bhuíochas don mhargadh nua.

 
Tá TG4 ag craoladh aicsean iontach an URC gach deireadh seachtaine ó leathnaíodh an tsraith in 2021 chun foirne móra na hAfraice Theas a áireamh agus is ar TG4 a craoladh bua stairiúil na Mumhan sa Chluiche Ceannais in 2023.

 
Chomh maith leis sin, leanfaidh TG4 ar aghaidh ag craoladh 16 chluiche URC ina mbeidh foirne nach as Éirinn iad ag tabhairt aghaidh ar a chéile gach séasúr chun deis a thabhairt don lucht féachana saorchraolta an t-aicsean ar fud na sraithe a fheiceáil.

 
Agus an URC ag fáil faoi réir le tús a chur leis an 25ú séasúr sraithe, is ceann de chomhpháirtithe craoltóireachta bunaidh na sraithe é TG4 i gcónaí, ó tharla gur ar an stáisiún a craoladh an tSraith Cheilteach ó 2001 go 2004. Ó tháinig TG4 ar ais in 2010, tá dea-cháil bainte amach ag an stáisiún mar gheall go gcuireann sé clúdach ardchaighdeáin rugbaí ina leagtar béim ar an inniúlacht ar fáil.

 
Thug an cur chuige sin an lucht leanúna níos gaire do na pearsantachtaí a bhfuil tionchar ollmhór acu ar lá imeartha an URC agus bhain siad gradam Chumann Ríoga Teilifíse na hÉireann amach le gairid dá gclúdach ar Mhumha agus Laighin i mí na Nollag anuraidh.

 
Dúirt Martin Anayi, Príomhfheidhmeannach na Craoibhe Rugbaí Aontaithe, agus é ag labhairt faoi athnuachan na comhpháirtíochta seanbhunaithe: “Níl an oiread céanna tacaíochta, ar feadh tréimhse chomh fada, tugtha ag aon chraoltóir eile in Éirinn is atá tugtha ag TG4. Beidh comhpháirtíocht níos faide ná fiche bliain déanta acu sa chéad timthriall eile seo agus tá fás tagtha ar an bhfonn atá orthu clúdach spóirt ar an leibhéal is airde a chur ar fáil an tráth céanna a bhfuil an URC ag teacht chun cinn.”

“Tá tábhacht ollmhór cultúir ag baint le teangacha agus spórt ar fud an domhain agus tá TG4 thar barr uile ag ceiliúradh an dá rud sin i dtimpeallacht bheo. Tá an URC lán le héagsúlacht agus pobail dhifriúla atá aontaithe trína bpaisean don spórt agus is beag páirtí leasmhar a léiríonn é sin níos fearr ná TG4.”

 
Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdtealbha: “Tá an-áthas ar TG4 leanúint de bheith ag taispeáint an Craobhchomórtais Rugbaí Aontaithe agus clúdach saorchraolta a chur ar fáil de na cluichí iontacha agus tábhachtacha rugbaí. Is cúis bhróid dúinn a bheith inár gcomhpháirtithe eisiacha saorchraolta URC in Éirinn agus ár ndúthracht sheanbhunaithe a thabhairt don tsraith. Tá áit lárnach ag an rugbaí i gcraoladh spóirt TG4 agus tá muid ag súil le níos mó cluichí iontacha agus mórócáidí nach ndéanfar dearmad orthu go deo a thabhairt do lucht leanúna ar fud na tíre sna séasúir amach romhainn.”

 
 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Shane Walsh, Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie


Cuir aithne orainn: