Preas
TG4 chun rian a fhágáil ar na BAFTAs arís leis an scannán KNEECAP
Éacht déanta ag KNEECAP – an chéad scannán is mó a bhfuil ainmniúcháin faighte aige ag BAFTAs na bliana.
15.01.25
Is scannán glórach é KNEECAP, nach féidir a rangú in aon seánra amháin, a bhfuil an-tóir air ar fud na cruinne agus is léiriú é ar thiomantas seasmhach TG4 don scannánaíocht Ghaeilge.
Arna choimisiúnú ag TG4, atá ag tacú leis ón gcéad lá a ceapadh é, tá ainmniúchán faighte ag KNEECAP i SÉ chatagóir ag Gradaim Scannán BAFTA, a dhaingníonn a stádas mar cheann de na scannáin is mó a tharraing cainte le bliain anuas.
Éacht Dochreidte:
Tá ainmniúcháin faighte ag KNEECAP sna catagóirí a leanas:
- An Gradam don Sárscannán Briotanach is fearr
- An Gradam don Chéad Sárshaothar is fearr le Scríbhneoir, Stiúrthóir nó Léiritheoir ón mBreatain
- An Gradam don Scannán is Fearr i dTeanga Eile seachas Béarla
- An Gradam don Script Scannáin Bhunaidh is Fearr
- An Gradam do Scothroghnú Aisteoirí
- An Gradam do Scoth na hEagarthóireachta
Is léir, de bharr an aitheantais leathain seo, go bhfuil dáimh ag lucht féachana ó i bhfad i gcéin leis an scannán, scannán a cheistíonn an méid a bheifeá ag súil leis agus atá ag briseadh talamh nua.
Is éard a dúirt Stiúrthóir KNEECAP – Rich Peppiatt “Is tríd an gceol agus tríd an bhfilíocht agus scéalaíocht ó ghlúin go glúin a mhair an Ghaeilge riamh, mar sin, is iontach an onóir é a bheith mar chuid den stair shaibhir sin leis an scannán Kneecap – ag cur na teanga áille seo agus scannánaíocht na hÉireann ar ardán domhanda. Agus is cuí go raibh TG4 – atá i gcroílár go leor de scéalaíocht chomhaimseartha na hÉireann – ina chuid lárnach den aistear sin ón tús.”
An tábhacht a bhaineann leis:
I bhfianaise go gceaptar go minic go bhfuil meath ag teacht ar an teanga is bua é an rath atá ar KNEECAP i dtaobh an chultúir agus na scannánaíochta. Is léir ó na hainmniúcháin atá faighte ag an scannán go bhfuil léiriúcháin Ghaeilge breá ábalta dul i gcomórtas – agus an bua a bheith acu – ar an ardán domhanda, iad ar chomhchéim le scannáin mhóréilimh. Tá an lucht féachana agus na léirmheastóirí ag iarraidh scéalaíocht atá fíor, scéalaíocht a bhfuil cultúr go smior inti, agus léiríonn an infheistíocht a rinne TG4 in KNEECAP gur féidir leis na scéalta sin an lucht féachana a mhealladh ó gach uile chearn den domhan.
Is éard a dúirt Proinsias Ní Ghráinne, Eagarthóir Coimisiúnaithe, TG4:“Tá níos mó i gceist le KNEECAP ná scannán amháin; is gluaiseacht é a bhfuil spás ar leith bainte amach aige i gcultúr na n-óg in Éirinn agus anois i scannánaíocht an domhain. Tá an Ghaeilge curtha ar na hardáin is tábhachtaí ar domhan ag Kneecap, í mar mhodh cruthaitheach cumhachtach acu chun dul i gcion ar chultúir dhúchasacha, ar dhaoine a bhfuil dúil acu sa cheol agus ar dhuine ar bith a bhfuil meas acu ar shárscéalaíocht. Tá tiomantas TG4 tacú leis an rabharta feabhais seo i seánraí cláir a bhfuil script agus nach bhfuil script leo seasmhach. Comhghairdeas Kneecap.”
I Londain ar an 18 Feabhra 2025 a bheidh searmanas Ghradaim Scannán BAFTA ar siúl.
Maidir le KNEECAP
Tá an scannán KNEECAP suite in Iarthar Bhéal Feirste sa bhliain 2019, ina n-insítear scéal spleodrach triúr fear óg a d’athraigh rapcheol punc na hÉireann ó bhun, iad ag meascadh Gaeilge agus Béarla chun fórsa cultúir nach bhfacthas a leithéid riamh cheana a chruthú. Is iad príomhaisteoirí an scannáin seo, a bhfuil lucht féachana ó Sundance go Tribeca an-tógtha go deo leis, an triúr ceoltóirí rap iad féin, Kneecap (Móglaí Bap, Mo Chara, agus DJ Próvaí), agus Michael Fassbender, Simone Kirby, agus Jessica Reynolds.
Ag Breathnú Chun Cinn – Gradaim Oscar
Is é KNEECAP iarratas oifigiúil na hÉireann don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr ag Gradaim an Acadaimh 2025. Tá siad ar an ghearrliosta chomh maith don Amhrán Nua is Fearr agus fógrófar na hainmniúcháin ar an 23 Eanáir. Tá áit tuillte go maith ag KNEECAP ar an ardán domhanda agus an scannán i gcomórtas le cuid de na déantóirí scannán agus léiriúcháin is iontaí sa tionscal. Is léir ón aitheantas sin, ní hamháin go bhfuil bá ag lucht féachana le scannáin Ghaeilge, ach go bhfuil siad ar chomhchéim leis na scannáin is fearr ar domhan.
Níl sé ach dhá bhliain ó fuair An Cailín Ciúin TG4 ainmniúchán sa chatagóir don Fhadscannán Idirnáisiúnta is Fearr ag na Oscars, an chéad scannán Gaeilge a bhain a leithéid d’éacht amach. Léiríonn an dá gharsprioc seo an ról lárnach atá ag TG4 i mborradh domhanda a chur faoin scannánaíocht Ghaeilge agus an tionchar atá ag an scannánaíocht sin ar lucht féachana idirnáisiúnta.
Tacaíocht
Trevor Birney agus Jack Tarling a léirigh an scannán do Fine Point Films agus Mother Tongues Films, agus bhí Patrick O’Neill ó Wildcard ina Chomh-Léiritheoir. TG4, Scáileán Thuaisceart Éireann, an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Fís Éireann, BFI (a bhronn maoiniú ón gCrannchur Náisiúnta), Coimisiún na Meán, Dias Feld agus Kamila Serkebaeva, a chur maoiniú ar fáil don scannán agus fuair sé tacaíocht ó Great Point Media.
Teagmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie
Linda Ní Ghríofa | Eagarthóir Cumarsáide TG4 | linda.ni.ghriofa@tg4.ie