Skip to main content
< ar ais go TG4.ie

Preas

SPREAG - Tacaíocht do Ghearrscannáin Bheochana Ghaeilge

25.03.25

 
Seoladh scéim maoinithe nua chun tacú le forbairt gearrscannán beochana Gaeilge ag Animation Dingle Dé hAoine. €240,000 an ciste iomlán atá ar fáil faoin scéim.

Ba é Paul Young ó Cartoon Saloon a sheol an tionscnamh, ar comhpháirtíocht é idir TG4, Fís Éireann, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus The Animation Ireland Talent Academy.

Is féidir le scríbhneoirí agus stiúrthóirí a bhfuil Gaeilge acu cur isteach ar an gciste agus é mar acu aidhm acu tograí beochana Gaeilge ar ardchaighdeán a fhorbairt. Is féidir tograí a fhorbairt atá dírithe ar lucht féachana leanaí (Cúla4) nó ar dhaoine fásta óga (BLOC).
 

Tá muid ag súil go spreagfaidh an ciste maoinithe seo tograí beochana Gaeilge ar ardchaighdeán a bheadh ar fáil le dáileadh ag fleadha agus féilte scannán mar aon le bheith ar fáil le craoladh ar TG4 nó ar Cúla4. Cuirfear deis ar fáil faoin scéim seo chun daoine cumasacha nua a bhfuil Gaeilge acu a fhorbairt sa tionscal.

Dúirt Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4 / Cúla4: “Tá ríméad ar TG4 a bheith ag obair i gcomhar le Fís Éireann, Scáileán Thuaisceart Éireann agus le The Animation Ireland Talent Academy ar an tionscnamh nua seo a chuirfidh tacaíocht ar fáil do scríbhneoirí agus stiúrthóirí a bhfuil Gaeilge acu.”

Dúirt Áine Walsh, Ceann an Chiste Craoltóireachta Gaeilge i Scáileán Thuaisceart Éireann: “Tá ríméad orainn an scéim seo a sheoladh mar chuid de Animation Dingle – féile bheochana idirnáisiúnta atá suite i gcroílár na Gaeltachta. Tá súil againn go ndéanfar tograí beochana Gaeilge de scoth an domhain a fhorbairt faoin tionscnamh seo.”

Is éard a dúirt Deirdre Barry ón Animation Ireland Talent Academy: “Cuirfear cúnamh agus meantóireacht ar fáil faoin gciste seo chun scríbhneoirí agus stiúrthóirí a bhfuil Gaeilge acu atá ag obair i earnáil na beochana a fhorbairt. Is fada linn go bhfeicfidh muid na smaointe agus an tallann a thiocfaidh as an deis seo.”

Dúirt Colman Farrell ó Fhís Éireann, “Táimid paiseanta faoi lucht déanta scéalta anseo i bhFís Éireann agus faoi thacú le scéalta atá Éireannach go smior agus bíonn mórtas mór againn as scéalta a insítear i nGaeilge, mar sin tá ríméad orainn a bheith ag tacú leis an gciste nua seo atá á sheoladh ag Animation Dingle.”

Beidh seisiún eolais ar líne ar siúl ar Zoom Déardaoin an 3 Aibreán ag 12:30 chun tuilleadh eolais a chur ar fáil faoin scéim agus chun aon cheisteanna a bheadh ag iarratasóirí a bheadh ag cuimhneamh cur isteach uirthi a fhreagairt.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo: www.tg4.ie/spreag
 
 

Teagmháil do na meáin i TG4:

Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie


Cuir aithne orainn: