Preas
Scéalta na gCorn ar ais ar TG4 don Tríú Sraith ina bhFiosraítear na Scéalta taobh thiar de Choirn CLG
11.04.25
Léirithe ag Imagine Media, le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileáin TÉ, craolfar Scéalta na gCorn – Sraith 3 ar TG4 gach seachtain, le toiseacht ar an 17ú Aibreán, 2025, ar 8.00in.
Sa tríú sraith seo de Scéalta na gCorn, feictear Gráinne McElwain ag bualadh an bhóthair arís agus í ag tabhairt cuairt ar phobail áitiúla CLG ar fud na tíre, le cluinstin faoi na hearraí airgid atá le fáil agus na daoine speisialta a bhfuil siad ainmnithe astu. Foghlaimíonn sí faoi chuid de na sean-trófaithe atá ainmnithe as tírghráthóirí na hÉireann, ar nós Chorn Uí Dhálaigh, chomh maith le bheith ag éisteacht le scéalta faoi samhaiscigh níos deireanaí de chuid an CLG – amhail Jim McGuigan – agus faoi na coirn atá maisithe lena n-ainmneacha anois.
Eagrán 1: Ard Mhacha
Tosaíonn an tsraith agus Gráinne i gContae na nÚllord, áit a mbuaileann sí le huachtarán reatha CLG, Jarlath Burns. Cluineann sí faoi Chorn William McKillop, trófaí peile atá anois as feidhm in Ard Mhacha ar a bhfuil ainm duine de bhunaitheoirí Cheiltigh Ghlaschú. Taistealaíonn Gráinne go Clann Éireann le foghlaim faoin chomórtas bliantúil 7anna atá ainmnithe as Marie Hoye, duine de na daoine ba mhó a bhí taobh thiar de bhunú fhoireann peile na mban, agus Catríona McKeag, iar-imreoir de chuid an chumainn. Téann Gráinne ó dheas go Crois Mhic Lionnáin le cluinstin faoi shaothar an Chairdinéil Uí Fhiaich agus faoin trófaí a d’ainmnigh sé in onóir a dhearthár.
Eagrán 2: An Mhí
I gclár a dó, tugann Gráinne cuairt ar Chontae na Mí, baile na gcluichí ársa sin Tailteann. Anseo, tugann Gráinne cuairt ar Chumann Liathróid Láimhe Chrosa Caoil, le cluinstin faoi chorn a ainmníodh as imreoir díograiseach sa chluiche Ghaelach seo nach bhfuil chomh hiomráiteach céanna, Hughie Reilly. Taistealaíonn sí go Ráth Tó le heolas a fháil ar Gharda Seán Eiffe, ball cumasach den chumann CLG áitiúil a maraíodh go tragóideach agus é i mbun dualgais, agus a bhfuil a ainm greanta anois ar phíosa d’earraí airgid peile Chúige Laighean. Agus Cnoc na Teamhrach mar chúlra stairiúil aici, cluineann Gráinne faoin chomórtas bhliantúil poc fada ag CLG Chill Mheasáin, agus faoin trófaí os cionn 40 a imrítear do bheirt iarbhall, Joey Horan agus Pádraic Curtis.
Eagrán 3: Ceatharlach
Is é Contae Cheatharlach an chéad stad eile ar aistear Ghráinne. Anseo i gContae na mDolmainí, buaileann Gráinne isteach i Músaem Chontae Cheatharlach le stór mór de choirn cluichí Gaelacha a fheiceáil ar taispeáint. Taispeánann Aingeal Uí Dhálaigh di na coirn atá anois as feidhm ó Chraobh Shinsir Peile Cheatharlach, agus an Natlionalist Cup atá anois ina n-áit. Tugann Gráinne cuairt ar Ghaelscoil Eoghain Uí Thuairisc le bualadh le Bríde de Róiste agus le cluinstin faoin chomórtas atá ainmnithe aisti atá á eagrú ag Cumann na mBunscol. Cuireann sí deireadh lena cuairt ar Cheatharlach i Míseal, áit a gcluineann sí faoin chorn camógaíochta atá ainmnithe as polaiteoir áitiúil, Tom Nolan, chomh maith le scéal na gcúpla píosa d’earraí airgid a cailleadh agus ar thángthas orthu ó shin.
Eagrán 4: Luimneach
I gclár a ceathair, tugann Gráinne aghaidh ar Luimneach, áit a dtugann sí cuairt ar pháirc bhaile an chontae le foghlaim faoi John Daly, tírghráthóir Éireannach a bhfuil a ainm ar Chorn Sinsir Iomána Luimnigh. Ag Coláiste Mhuire Gan Smál, cluineann Gráinne scéal Noreen Lynch, an t-iarléachtóir a bhfuil an-chion uirthi agus a bhfuil trófaí pheil na mban ainmnithe ina honóir. Níorbh fhéidir le Gráinne imeacht as Luimneach gan dul ar thuras chuig áit dúchais Mick Mackey le níos mó a chluinstin faoin laoch iomána seo, a bhfuil a ainm ar Chorn Sinsir Iomána na Mumhan.
Eagrán 5: Maigh Eo
Is iad glas agus dearg Mhaigh Eo an chéad stad eile ar thurais Ghráinne. Foghlaimíonn sí faoin Chorn Sinsir Peile a bhfuil an-tóir air atá ainmnithe as Paddy Moclair, laoch de chuid fhoireann 1936 Mhaigh Eo a thug leo Craobh na hÉireann. Taistealaíonn Gráinne amach go dtí baile churaidh reatha na huile-Éireann sa chluiche corr, Bréachmhaigh, le cluinstin faoin trófaí atá ainmnithe as an iarThaoiseach Charles Haughey. Foghlaimíonn sí fosta faoi Chorn Uí Mheadhra agus an bhaint atá aige leis an iar-mhonarcha bagúin i gClár Chlainne Mhuiris.
Eagrán 6: Doire
Críochnaíonn an tsraith agus Gráinne ar an bhóthar ó thuaidh arís go Doire. Tugann sí cuairt ar an Chathair Mhaighdeanúil le cluinstin faoin chumann agus faoin trófaí atá ainmnithe as Brian Óg McKeever, imreoir óg a d’fhág lorg buan ar phobal CLG i nDoire. Téann Gráinne chun na Lúibe le foghlaim faoi dhuine de mhairtírigh Dhroim Bó, Seán Larkin, chomh maith le Dún Geimhin le bualadh leis an fhear trealaimh reatha atá ag Doire, Colm McGuigan, a insíonn di faoin trófaí Ultach atá ainmnithe in onóir a athar nach maireann, Jim McGuigan.
Teagmháil do na meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie