Preas
Scannáin Cine4 a bhfuil gradaim buaite acu le fáil ar TG4.ie
31.01.25
Ní raibh an oiread aird riamh is atá anois ar scannáin na hÉireann agus tá TG4 ag tabhairt cuireadh duit ceiliúradh a dhéanamh ar an draíocht a bhaineann le scéalaíocht na Gaeilge. Tá TG4, i gcomhar le Fís Éireann agus Coimisiún na Meán, mórtasach as scannáin de scoth an domhain a thabhairt chun fíre ar TG4.ie. trí scéim cheannródaíoch Cine4.
Ó scannán a fuair ainmniúchán le haghaidh Oscar go dtí scéalta pearsanta carachtar, léiríonn na scannáin seo go foirfe cultúr, teanga agus cumas scannánaíochta saibhir na hÉireann.
Aird ar na Scannáin Cine4 atá ag Sruthú Anois ar TG4.ie
An Cailín Ciúin
I 2023 bhí an scannán Gaeilge ‘An Cailín Ciúin’ i measc cúig scannán a bhí ainmnithe sa chatagóir ‘Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr’ ag na Oscars. Ba é an chéad scannán Gaeilge riamh é a raibh sé seo bainte amach aige.
Insíonn ‘An Cailín Ciúin’ scéal Cháit (Catherine Clinch), cailín naoi mbliana d’aois ó theaghlach atá róphlódaithe, mífheidhmiúil agus a chuirtear ar shiúl chun cónaí le tuismitheoirí altrama don samhradh. D’ainneoin fáilte chroíúil ón bhean, Eibhlín (Carrie Crowley), d’fhan fear an tí, Seán (Andrew Bennett) amach ó Cháit, agus íse uaidhsean, ach le himeacht ama thosaigh cairdeas ag neartú eatarthu. Go mall, faoi chúram na gCinsealach, bláthaíonn Cáit agus aimsíonn sí slí úr beatha. Ach sa teach seo nár chóir aon rúin a bheith ann, tagann sí ar aon fhírinne phianmhar amháin. Tá ‘An Cailín Ciúin’ bunaithe ar an ghearrscéal ardmholta Foster le Claire Keegan, agus dráma casta, cigilteach is ea é faoi theacht in aois a dhéanann iniúchadh ar cheisteanna teaghlaigh, neamairt agus cumha trí shúile a phríomhcharachtair óig. Is é ‘An Cailín Ciúin’ an chéad scannán fada ón scríbhneoir agus stiúrthóir, Colm Bairéad agus ón léiritheoir, Cleona Ní Chrualaoi ó Inscéal.
An Cailín Ciúin (Ar fáil in Éirinn amháin)
Nasc: https://nasc.tg4.tv/An_Cailín_Ciúin
Tarrac
Dráma pearsanta carachtair is ea ‘Tarrac’ atá suite i nGaeltacht Chiarraí. Filleann Aoife Ní Bhraoin ar an mbaile le dul a chúnamh dá hathair Breandán ‘The Bear’ Ó Braoin atá ag teacht chuige féin ó fuair sé taom croí. Cé gur cosúil go bhfuil gach ní mar ba cheart eatarthu is léir ina dhiaidh sin féin go bhfuil bás a máthar fós ag goilliúint ar an mbeirt acu. Faoi stiúir Declan Recks, Eugene O’Brien a scríobh agus Clíona Ní Bhuachalla a léirigh.
Tarrac (Ar fáil in Éirinn amháin)
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Tarrac
Róise & Frank
Scannán Gaeilge a bhfuil gradam buaite aige faoi bhean a chreideann go bhfuil a fear céile atá básaithe tagtha ar ais ina mhadra. Tá Róise maraithe le huaigneas i gcónaí i ndiaidh Frank, a fear céile a bhásaigh dhá bhliain ó shin. Nuair a thagann madra chuig an teach a bhfuil an-tóir aige ar spórt agus ar stéig agus ar chathaoir áirithe sa teach, seanchathaoir Frank, tá sí cinnte gurb é Frank é atá tagtha ar ais arís ina mhadra! Tá a mac ag ceapadh go bhfuil sí ag cailleadh na meabhrach ach ní fada go dtosaíonn an pobal á chreidiúint freisin!
Róise & Frank (Ar fáil in Éirinn amháin)
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Róise-agus-Frank
Foscadh
Ní bhíonn aon rogha ag John Cunliffe ach aghaidh a thabhairt ar an domhan mór nuair a fhéachann comhlacht mór fuinnimh le feirm mhór ghaoithe a thógáil ar thalamh a mhuintire. Fuair John an talamh sléibhe le huacht nuair a cailleadh a thuismitheoirí. Beidh air a bhealach a dhéanamh anois leis féin agus é ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar chúrsaí grá agus ar an díoltas. Is iad Dónall Ó Héalaí, Fionnuala Flaherty, Cillian Ó Gairbhí agus Macdara Ó Flatharta príomhaisteoirí an scannáin seo faoi stiúir Seán Breathnach.
Foscadh (Ar fáil ar fud an domhain)
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Foscadh
Arracht
Fear é Coleman Sharkey atá fréamhaithe ina phobal. Fear leighis é a bhfuil scil aige i luibheanna mar a bhí ag a athair roimhe. San 19ú haois, tá ráflaí go tréan go bhfuil dúchan ar na fataí. In éineacht leis sin, tá an tiarna talún ar tí an cíos a dhúbailt ach nuair a théann Coleman chun cainte leis faoi, bíonn drochdheireadh ag an scéal. Fágann sin Coleman ina chónaí ar oileán san uaigneas agus suim caillte aige sa saol nó go gcastar Cití, cailín beag deich mbliana air, a mhúsclaíonn a spéis sa saol arís.
Arracht (Ar fáil ar fud an domhain)
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Arracht
Finky
Ceoltóir agus puipéadóir é Micí Finky atá ag iarraidh éalú ón saol a bhí aige. Goideann sé clúdach airgid agus tugann sé féin agus a chara aghaidh ar Albain. Ach baineann drochthimpiste do Finky an chéad oíche acu i nGlaschú agus fágtar gan mhothú é óna bhásta síos. Téann an saol in aimhréidh air ach tugann obair atá faighte aige le Carnival Chaotica misneach dó. . Is iad Dara Devaney, Ned Dennehy agus Diarmuid de Faoite na príomhaisteoirí sa scannán seo faoi stiúir Dhathaí Keane. (2019) An chéad scannán a léiríodh mar chuid de scéim Cine4.
Finky (Ar fáil ar fud an domhain)
Nasc: https://nasc.tg4.tv/Cine4-FINKY
Tuilleadh faoi Cine4
Is é Cine4 croí rabharta nua na scannánaíochta Gaeilge. Ina thionscnamh a reáchtáiltear i gcomhar le TG4, Fís Éireann agus Coimisiún na Meán, tacaítear leis na nithe seo a leanas:
-Scéalaíocht thochtmhar atá báite i gcultúr na hÉireann.
-Radhairc áille agus ardluachanna léirithe, curtha in oiriúint don scáileán mór.
-Uilechuimsitheacht, atá dírithe ar fhíre na Gaeilge agus ar chothromaíocht inscne a bheith ar na foirne cruthaitheacha.
De bharr go bhfuil buiséid suas go dtí €1.8 milliún in aghaidh an tionscadail i gceist anois, maoinítear dhá fhadscannán faoi scéim Cine4 in aghaidh na bliana. Cuirtear na scannáin sin ar taispeáint ag féilte scannán ar fud an domhain, taispeántar sna hamharclanna iad, agus, i ndeireadh na dála, taispeántar ar an teilifís den chéad uair iad ar TG4.
Ní hamháin a dtacaíonn an tionscnamh seo le daoine cumasacha na hÉireann ach cinntíonn sé freisin go bhfuil scannáin Ghaeilge ábhartha don lucht féachana anseo sa mbaile agus thar lear.
Ní scéalta Éireannacha amháin iad scannáin Cine4 – is scéalta iad a mbíonn dáimh ag daoine ar fud an domhain leo.
Teagmháil do na meáin i TG4:
Áine Lally | Bainisteoir Cumarsáide TG4 | aine.lally@tg4.ie