Preas
Ceithre lá dhéag de Rásaíocht Capall Bheo in 2025
16.04.25
Beidh Rásaí Beo sraith bheo rásaíochta TG4 a bhfuil dea-cháil tuillte aici ar ais ar an scáileán Dé Sathairn, an 19 Aibreán, le craoladh speisialta ó Fhéile na Cásca i dTigh na Sióg. Beidh an Ladies National Steeplechase á chraoladh arís, chomh maith le réamhléiriú cuimsitheach ar Grand National na hÉireann, a bheidh ar siúl Luan Cásca, Lá Saoire Bainc. Anuraidh bhuaigh JJ Slevin gan stró ag marcaíocht ar Intense Raffles a chuir clabhsúr iontach ar an rás aitheanta.
I lár mhí Bealtaine, beidh Rásaí Beo ar siúl den chéad uair i Ráschúrsa an Náis, Co. Chill Dara, le clúdach ar an Royal Ascot Trials Day – lá mór ar fhéilire rásaíochta na hÉireann ar an gcothrom. Is príomhchéim ar an aistear atá san imeacht seo do chapaill a bhfuiltear ag súil iad a chur san iomaíocht ag an Royal Ascot agus tá duais airgid os cionn €300,000 ag dul leis.
Níos déanaí sa mhí, tabharfaidh na ceamaraí a n-aghaidh siar don cheathrú bliain i ndiaidh a chéile den chlúdach ó Ráschúrsa galánta Bhaile an Róba. Díreofar ar an Mayo National, a bhuaigh Sam Ewing anuraidh ag marcaíocht ar Duffle Coat a bhí traenáilte ag Gordon Elliott.
Tabharfaidh Rásaí Beo cuairt ar Ráschúrsa Chorcaí, Mala, den chéad uair an 13 Meitheamh. Beidh Munster Oaks Ghrúpa 3 ina bhuaicphointe ar an lá, agus leis an gcraoladh seo beidh cuairt tugtha ag Rásaí Beo ar 22 as 26 ráschúrsa in Éirinn – ócáid chinniúnach don tsraith.
Níos déanaí i mí an Mheithimh, féachfaidh TG4 le craoladh a dhéanamh ón gCurrach Dé hAoine an 27 Meitheamh, mar chuid d’Fhéile Dhearbaí na hÉireann, sula bhfillfidh siad ar an ionad cáiliúil an 9 Lúnasa le haghaidh Keeneland Phoenix Stakes Ghrúpa 1 a chraoladh.
Idir na dátaí sin ag an gCurrach, beidh an fhoireann i mBaile an Bhriotaigh le haghaidh Aoine agus Satharn Rásaí na Gaillimhe, ag leanúint le traidisiún a bhfuil an-tóir air.
Tabharfaidh Rásaí Beo aghaidh ar an Ríocht arís i mí Mheán Fómhair don 167ú babhta d’Fhéile an Fhómhair i Lios Tuathail. Is í an 21ú bliain as a chéile de chraoladh beo as Lios Tuathail a bheidh ann i mbliana. I bpríomhrás na bliana seo caite, an Kerry National, bhí Flooring Porter, a bhí traenáilte ag Gavin Cromwell, ar thosach an tslua chun bua cinntitheach a fháil.
Ba bhliain mhór a bhí in 2024 do Rásaí Beo, le craoladh den chéad uair ó Ros Comáin, Cill Bheagáin agus Páirc Ghabhráin, chomh maith le craoladh ar an gcéad rás Ghrád 1 ar an gclár riamh – an Morgiana Hurdle i mBaile Phúinse – áit a bhfuair Brighterdaysahead an ceann is fearr ar State Man i gclabhsúr iontach.
Beidh foireann Rásaí Beo arna stiúradh ag Seán Bán Breathnach arís, le sainanailís ó Mhánus Ó Conghaile, Sarah Lynam agus Évelyn Ní Ghriallais. Beidh Daragh Ó Conchúir ag tuairisciú ó fháinne na paráide chun tuairimí agus mothúcháin na marcaithe, na dtraenálaithe, na n-úinéirí agus na ngealltóirí a fháil. Fillfidh Meghann Scully ar an bhfoireann chomh maith do chraoladh na bhféilte i nGaillimh agus i Lios Tuathail.
Leanfaidh TG4 ag tabhairt bhuaicphointí agus thraidisiúin rásaíocht chapall na hÉireann chuig lucht féachana ar fud na tíre trí mheán na Gaeilge, ag ceiliúradh an spóirt, na gcarachtar, agus na scéalta le paisean agus saineolas.
Dátaí 2025 Rásaí Beo
19/04/25 | Féile na Cásca – Tigh na Sióg |
18/05/25 | Ráschúrsa an Náis |
26/05/25 | Ráschúrsa Bhaile an Róba |
13/06/25 | Ráschúrsa Chorcaí |
27/06/25 | Currach |
01 – 02/08/25 | Rásaí na Gaillimhe |
09/08/25 | Currach |
22 – 27/09/25 | Féile an Fhómhair – Lios Tuathail |
Teagmháil do na meáin i TG4:
Shane Walsh | Eagarthóir Margaíochta Spórt TG4 | shane.walsh@tg4.ie